quote: “de” a fhuaimnítear sa gcaoi iomlán i gCuige Mumhan, cuir i gcás.
Ach cén áit sa chúige sin? Tá "de" agus "do" rite ina chéile go hiomlán -- go bhfios dom -- i gCorca Dhuibhne. Pé scéal é, ní dócha go gcloisfaí 'je' ó chainteoir Muimhneach, .i. 'd' caol mar 'j'. Ach is féidir go bhfuil "hypercorrection" i gceist anseo ós rud é gurb é ainm dílis, ní gnáthainm, atá ann. Sin í mo theoiric, ar aon nós. ;-) Téann an meascán de "de" agus "do" siar go ré na Sean-Ghaeilge, agus is "do" an fuaimniú a fuair an lámh in uachtar beagnach i gcónaí.