Peter
Member Username: Peter
Post Number: 413 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, December 21, 2007 - 09:03 am: |
|
Meas sibh an bhfuil sé ceart ó thaobh canúint bheo eicínt úsáid a bhaint as an iarmhír “-s” sa déantús díreach-choibhneasta (??? Direct relative) thar éis "nach": mar shampla *?an rud nach gcuifeas tú chugam. Mara ndéanfaidh mé dearmad, tháinig mé ar chupla cheann den tsórt sin i leagan Gaeilge de chuid Harry Potter. Sna comhráití a bhíodar… Gaeilge Thír Chónaill ag imirt tionachar air, seans? 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2204 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, December 21, 2007 - 05:57 pm: |
|
Ní féidir an iarmhír sin a dh’úsáid i ndiaidh "nach". Caithfidh ’n briathar bheith: - coibhneasta díreach (mar sin, i ndiaidh a + séimhiú) - aimsir ghnáthláithreach nó fháistineach - positive (dearfach?) - foirm scartha Chan fhacaidh mé ’n iarmhír sin i gcás ar bith eile agus is dóigh liom nach mbeadh sé ceart i gcás ar bith eile. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|