Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1287 Registered: 06-2005
| Posted on Sunday, December 02, 2007 - 05:04 pm: |
|
Ar léigh éinne eile an t-alt sa Sunday Independent inniú mar gheall ar chúrsaí gaeilge agus cúrsaí gaeltachta? Iontach maith agus go leor ciall ag baint leis a cheap mé féin... Bhuaigh Nemeton (comhlacht teilifíse suite sa Rinn) an mór-ghradam do Ghradam Gnó na Gaeltachta. Thug mé féin cuairt ar an gcomhlacht cheana. Dá mba rud é go raibh níos mó daoine de leithéid Irial sna gaeltachtaí.... Agus faoi dheireadh... An bhfaca duine agaibh an fógra nua atá ag Carlsberg trí ghaeilge? Greann agus gaeilge in aon fhógra amháin! Deas sin a fheiceáil. N'fheadar an raibh maoiniú ar fáil ón bhForas don rud... A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 196 Registered: 04-2007
| Posted on Sunday, December 02, 2007 - 05:53 pm: |
|
N'fheadar an raibh maoiniú ar fáil ón bhForas don rud... Níor cheart go mbeadh. Is fiú do chomhlachtaí agus Gaeil araon tograí a thriail gan bheith ag brath ar an Fhoras i gcónaí. |
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1288 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, December 03, 2007 - 07:11 pm: |
|
Oh is cinnte dearfach sin Rg. Ach fiafraím díot - an gaeil iad muintir Carlsberg? Ní hiad! Ach sin ráite, ó mo thaithí féin feiceann comhlachtaí móra idirnáisiúnta (google.ie trí ghaeilge, microsoft xp trí ghaeilge, tesco comharthaí trí ghaeilge) na luachanna a bhíonn ag an gcultúr áitiúil níos minicí ná an pobal áitiúil.. Dála an scéil, tá an físeán le feiceáil ar an leathanach seo a leanas ceithearnac.bebo.com A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|