Author |
Message |
Dave_gallagher
Member Username: Dave_gallagher
Post Number: 1 Registered: 11-2007
| Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 09:42 pm: |
|
...faoin tuiseal ginideach i gcásanna a bhfuil aonaid de bhreis agus dhá fhocal ann. De réir mar a thuigim, mar shampla: Béarla | Gaeilge | nótaí tráchta | a swift | gabhlán gaoithe | (1) | swifts | gabhláin ghaoithe | (2) | a swift's wing | eiteog gabhlán gaoithe | (3) | the swift's wing | eiteog an ghabhláin ghaoithe | (4) | swifts' wings | eiteoga gabhláin ghaoithe | (5) | the swifts' wings | eiteoga na ngabhlán gaoithe | (6) | nótaí: (1) saghas éin (2) séimhiú ar 'ghaoithe' mar gheall ar an gcríoch chaol ar an bhfoirm iolra 'gabhláin' (3) gan séimhiú ar bith sa chás seo: aonad trí ainmfhocal éiginnte; aonad brí an dara péire acusan, nach focal gníomhaíochta an chéad cheann díobh sin (4) séimhítear an dá fhocal atá sa tuiseal ginideach anseo, mar go bhfuil siad beirt á rialú ag an alt (5) úsáideadh an riail chéanna a úsáidtear i gcomhair an tsampla uatha anseo, gan infhilleadh a chur ar aon fhocal seachas an ceann deiridh, a bhfuil séimhiú air sin freisin, mar gheall ar an gcríoch chaol iolra ar an ainmfhocal láir. Ach nílim róchinnte faoi seo--an bhfuil an fhoirm iolra ceart a úsáid sa chás seo i nGaeilge, nó an mbeadh 'eiteoga gabhlán gaoithe' (uatha) ceart? (6) de réir cosúlachta leis an gcás uatha bhfuil dul amú orm áit ar bith? bhfuil tuairim ag éinne? le dea-ghuí, dave |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2157 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 06:31 am: |
|
Deirinn féin ’eiteog ghabhlán gaoithe’ ach níl mé cinnte. Cib bith is féidir nach gcloíonn rialacha an chaighdeáin lena n-abartar in achan chanúint. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 181 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 08:54 am: |
|
Sílim féin gur cheart go mbeadh séimhiú ar an fhocal 'gabhlán' ag uimhir 3 agus 5. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 643 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 09:43 am: |
|
Tá 1,2,4,5,6 i gceart mar atá. 3: eiteog g(h)abhláin ghaoithe Is féidir ann nó as don séimhiú anseo - b'fhearr liomsa ar lár é ach is cuma dáiríre. Uaireanta bíonn difear sonrach céille idir an dá leagan ("gloine fíona" vs. "gloine fhíona" cuir i gcás) ach ní hamhlaidh atá sa gcás seo. Abigail Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 182 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 10:41 am: |
|
Cén áit a ndeir gur féidir séimhiú bheith ann nó as ar uimhir 5 a Abigail? Tá roinnt plé déanta agam le daoine faoin difear idir frásaí le séimhiú agus gan séimhiú - cad é an míniú a thugann tú ar 'gloine fíona' agus 'gloine fhíona'? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6554 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 10:44 am: |
|
A glass of wine seachas a glass for wine. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 645 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 12:13 pm: |
|
Díreach é! gloine fíona = gloine lán le fíon gloine fhíona = cineál gloine cos bata = cuid áirithe de bhata .i. a bhun cos bhata = cineál cois .i. cos bhréige atá déanta as adhmad Tá míniú maith air anseo agus roinnt 'minimal pairs' eile: http://www.acmhainn.ie/tearmai/seimhiu.doc Is minic gur cuma cé acu a úsáidtear, ar ndóigh - cén difear sa gceo atá idir "nead circe" (nead ar le cearc í) agus "nead chirce" (cineál neide a dhéanfadh cearc)? Ach ina dhiaidh sin féadann sé a bheith tábhachtach go leor scaití agus ní miste an difear a choinneáil beo, is dóigh. San abairt seo thuas is é an focal "gabhláin" a d'fhéadfaí a bheith faoi shéimhiú nó gan a bheith. Bheadh séimhiú ar "ghaoithe" sa dá chás. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 184 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 07:18 pm: |
|
Thuig mé sin ach is iomaí uair ar dúradh liom gur cuma agus shíl mé ar bhealach go raibh an nós sin ag imeacht ón teanga le himeacht aimsire. |
|
Dave_gallagher
Member Username: Dave_gallagher
Post Number: 2 Registered: 11-2007
| Posted on Friday, November 30, 2007 - 02:31 pm: |
|
quote:Tá 1,2,4,5,6 i gceart mar atá. 3: eiteog g(h)abhláin ghaoithe Is féidir ann nó as don séimhiú anseo - b'fhearr liomsa ar lár é ach is cuma dáiríre. Uaireanta bíonn difear sonrach céille idir an dá leagan ("gloine fíona" vs. "gloine fhíona" cuir i gcás) ach ní hamhlaidh atá sa gcás seo. Sea, de réir mar a thuigim an scéal, más féidir an focal 'of' a chur ann i mBéarla, nó más úinéireacht nó comhcheangal den sórt sin idir rudaí atá á chur in iúl, mar sin ba cheart duit an séimhiú a fhágáil ar lár, ar nós do shampla féin, "glass of wine", i gcomórtas le "wine glass", nó (mar a léitear sa cháipéis cheannann chéanna a lua tú) culaith mairnéalaigh (ar le mairnéalach éigin í) vs. culaith mhairnéalaigh (stíl chulaithe). Is léir dom sin. Ní aontaíonn na húdair "séimhiú.doc" leat faoin infhilleadh ar "gabhlán" in uimhir 3, áfach, sílim. Luaim sliocht as: quote:"Más aonad brí an dara péire ainmfhocal agus nach focal gníomaíochta an chéad cheann díobh sin, ní dhéantar infhilleadh ach ar an ainmfhocal deireanach, is é sin, más úinéireacht nó cineál ruda atá á chur in iúl: bata fear siúil, beannacht bean siúil, doras teach ósta, díon teach pobail, sclátaí dín teach pobail, sos deireadh seachtaine, teach ceann tuí, sciorta ceann easna, geansaí muineál turtair, riarthóir bunachar sonraí, córas bainistíochta bunachar sonraí Ach más feidhm aidiachtúil atá á cur in iúl, is é sin cineál ruda á shainiú, leanann séimhiú ainmfhocal baininscneach sa chéad áit: léine bhean siúil, scoil cheann tuí" Sa chás "eiteog de ghabhlán gaoithe", ní focal gníomhaíochta é "gabhlán", agus is úinéireacht na heiteoige atá á chur in iúl, nach ea? Mar sin, de réir an tsleachta thuas, ba cheart duit (a) an t-infhilleadh ar fad a fhágáil ar lár, seachas ar an bhfocal deiridh, agus (b) gan séimhiú a chur air--eiteog gabhlán gaoithe, dá réir. Nach n-aontaíonn tú liom? |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 194 Registered: 04-2007
| Posted on Saturday, December 01, 2007 - 08:23 am: |
|
De réir an tsleachta tá sé sin fíor a Dave. Cad is brí go díreach le focal gníomhaíochta sa chás áirithe seo? |
|
Dave_gallagher
Member Username: Dave_gallagher
Post Number: 3 Registered: 11-2007
| Posted on Saturday, December 01, 2007 - 11:55 am: |
|
ainmfhocal briathartha nó... bhuel, gníomhaíochta. "córas bainistíochta sonraí" ceann de na samplaí a tugadh. |
|
|