mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (November-December) » Archive through November 29, 2007 » Lán m(h)ara? « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6541
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, November 27, 2007 - 10:38 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá ceist agam ar na hUltaigh.

Cheartaigh Abigail lán mhara s'agamsa go lán mhara.

Ach féach go bhfuil Lán mhara ag 'ac Grianna i measc daoine eile:

http://www.google.ie/search?hl=en&rls=GGLJ%2CGGLJ%3A2006-39%2CGGLJ%3Aen-GB&q=%22 l%C3%A1n+mhara%22&meta=

Ceard tá ar bun anseo?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 635
Registered: 06-2006


Posted on Tuesday, November 27, 2007 - 11:05 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní Ultach mé ar chor ar bith, ar ndóigh - ach fad is atáimid ag feitheamh leo siúd....

Thug mé spléachadh ar chúpla ceann de na torthaí Google úd agus is cosúil go mbaineann siad uilig, nó beagnach uilig, leis an tuiseal tabharthach. Is é an chaoi go ndeirtear "leis an lán mhara" in Ultaibh (áit a séimheofaí an t-ainmfhocal dá mb'fhéidir), ach "leis an lán mara" sna canúintí mar a n-úrófaí é. Tá siad araon inghlactha sa gC.O.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 173
Registered: 04-2007
Posted on Tuesday, November 27, 2007 - 05:45 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ar ndóigh tá an dá leagan go breá ach ní bheinn róchinnte go mbaineann an difear leis an tuiseal tabharthach amháin.

Athraíonn focail agus réimíreanna na focail a thagann ina ndiaidh ar bhealaí éagsúla sna canúintí. Amharc 'an-sásta' agus 'ana-shásta' srl.



©Daltaí na Gaeilge