Author |
Message |
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 202 Registered: 10-2004
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 05:17 am: |
|
Is cosúil go mbeidh clár eile de seo le thosú go luath. I mBaile Bhlainséir, BÁC. a bheidh sé 14 & 15 Somhain agus tá mé ag ceapadh go bhfuil siad ag lorg lucht féacanna! Recording of No Béarla 2 in Blanchardstown 14/15 Nov. Eolas agus Info ó Is dócha go mbeidh fáilte roimh chach! Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 336 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 05:39 am: |
|
Thug an fear céanna "an awkward jalopy of a language that dosen't do pity" ar an Ghaeilge ina leabhar Béarla. Ní shílim go mbeidh mé ag tabhairt tacaíochta dó nó a seó go deo. Agus ní thuigim ach an oiread an fáth go bhfuil sé ag iarraidh airgid a shaothrú as an teanga gan trua seo?! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6433 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 06:05 am: |
|
pithy, seachas pity a dúirt an díol trua úd de Mhanchán! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6435 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 06:08 am: |
|
Molaim fanacht amach uaidh. Deánfar claon eagarthóireacht ar an scannán ar mhaithe lena théis a chruthú. Caith sé go náireach le Caife Úna san chéad sraith. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 337 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 07:55 am: |
|
"pithy, seachas pity a dúirt an díol trua úd de Mhanchán!" Muise, tá mo chuid Béarla níos measa ná mo chuid Gaeilge! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 662 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 09:14 am: |
|
Cad é mar a chaith sé le caife Úna, a aonghuis? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6439 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 11:10 am: |
|
Cúpla rud. Chuir sé ceist an bhfeadfadh sé teacht. Iarradh air teacht san tráthnóna, toisc go mbíodh (tá an caife ar lár anois, faraor) siad gnóthach am lóin. Ansin, rinne sé clamhsán nach raibh an áit gnóthach! Aon rud dearfach a dúirt Úna í féin agus í fé agallamh, gearradh as an méid a chraoladh é. Agus scríoch sé i nuachtan Gallda éigin go raibh an áit duairc agus boladh brean ann. agus rl. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 664 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 11:16 am: |
|
Más fíor do scéalsa, a aonghuis, ba shuarach an mhaise a chaitheadh leis. Ba ghnáth dom dul ann agus an deis agam agus mise i mBÁC. Is trua nach bhfuil a mhacsamhail le fáil arís ann. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 340 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 11:24 am: |
|
'Just go there,' he said, and so, following his directions, I found myself in a murky cellar beneath the offices of the Irish language development agency. They had no beer licence, but I got a cup of coffee and the owner told me in rich, mellifluous Irish how the place was normally teeming with Gaeilgeoirí but because it was a sunny day no one wanted to be skulking underground and so I was the only customer. The citys Victorian plumbing was struggling to cope with the July heat and the place stank of sewage. I couldnt help thinking it was a sort of ghetto, a sanctuary for a beleaguered minority. ó Ghaelport http://gaelport.com/index.php?page=clippings&id=1605&viewby=date |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 98 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 11:27 am: |
|
Mhaigh sé leis an mheán Béarla sula ndeachaigh an clár amach nach bhfuair sé ach cainteoir Gaeilge amháin in Éirinn. Rud a bhreagnaigh clár s'aige féin arís is arís eile. An fhadhb a bhí ann ná nach bhfaca daoine an clár féin is bíonn daoine frith-ghaelacha ag dul don breag sin go fóill. An gcuimhne libh na páistí in Ráth Cairn ag scáirtí 'tá Gaeilge agam' ach dhiúltaigh sé aird a thabhair orthu. Seo fear a bhfuil 'issues' aige, leis an teanga, le lucht labhartha na Gaeilge agus leis na daoine a thug an teanga sin dó ach go hairithe. Cad tuige a úsáidtear TG4 fá choinne bolscaireacht lom breagach frith-Ghaelach? |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 99 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 11:30 am: |
|
Sin uilig ráite nach ar Mhanchán a bhí an t-iontas agus é ar Bhóthar na bhFál ag cur ceist ar dhaoine, agus cé tháinig amach as an tsiopa ach Máirtín Dhomhnaill Fheilimidh Mac Grianna! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 343 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 12:00 pm: |
|
Tá an ceart go hiomlán aige maidir leis an bpointe seo: What I hadn't factored for was the animosity. Part of it, I felt, stemmed from guilt - we feel inadequate that we can't speak our own language. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6440 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 01:10 pm: |
|
Spreagadh attitude mo dhuine animosity i Naomh! |
|
Asarlaí
Member Username: Asarlaí
Post Number: 195 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 05:14 pm: |
|
Ghlacfainn páirt sa chlár, dá mbeadh cónaí orm i mBÁC. Ní fheicim rud ar bith cearr leis an modh oibre atá á úsáid ag Manchán sa seó. 'Se mo bharúil féin ná gur gá é a léiriú ar dhóigh go gcuirfeadh lucht an Bhéarla suim ann freisin. Creidim go bhfuil a chroí san áit cheart i dtaca le Gaeilge ach ní mholfainn d'aon duine siúil amach leis, chuig caife go háirithe. Grma as an eolas a Eoin |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 88 Registered: 10-2007
| Posted on Friday, November 09, 2007 - 03:43 am: |
|
... Creidim go bhfuil a chroí san áit cheart i dtaca le Gaeilge ..... Ní thagaim leat a Asarlaí. Sa mhéid go bhfuil croí mhóraimh mhuintir na hÉireann 'san áit cheart i dtaca le Gaeilge', d'fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil is dóigh, ach labhraíd Béarla agus Béarla a scríobhaid. www.manchan.com |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 666 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, November 09, 2007 - 07:15 am: |
|
Bhal, ní fhaca mé a gcláracha ach ón méid a scríobhadh thuas ina thaobh: níl ann ach bolscaire a dhíolfadh an fhírinne ar mhaithe le poiblíocht. Sea, is gnáthchraoltóir é. |
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 103 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, November 09, 2007 - 03:45 pm: |
|
I saw that little elf-looking bastard several months ago - about the time the first 'No Béarla' came out - on 'The Panel' on RTÉ. He spent his time there making dirt of the language, laughing with the moronic regular 'comedians' (Dara Ó Briain wasn't there that week although I'm not sure it would have made any difference if he had been) at Irish speakers during which it was claimed that they are uglier than English speakers!!! (can you imagine if that had been said about say Polish speakers?) and said that he couldn't care less about Irish and thought it should be allowed to die (this from a man whose career has been based on presenting Irish language programmes). I will never again watch anything featuring that pathetic little shit and why TG4 continues to employ him is a mystery to me. gabhaidh mo leithscéal as an teachtaireacht so a bheith sa teangain luardha Séamus Ó Murchadha
|
|
brn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, November 09, 2007 - 04:05 pm: |
|
Ya James, he is a total spa. I read a disgusting interview with him in the Saturday magazine of the Times some time ago, where he boasted quite arrogantly about been 'different' to the average person in that way some people like to affirm, using as proof, his 'eco-house'. Well I have a few things to say on that -people have lived in 'eco-houses' for most of our history on the planet. Also, it was a normal house -it had rectangular windows, it was plastered, it had a roof, windows... etc Wow -so avant garde! Why, I was expecting it to be underground where volcanic sulfur stacks fed countless micro-organisms who emitted light absorbed by photo-receptive luminescent beetles who when happily fed hummed collectively creating an acoustic pump which through phase-conjugation in turn created a heat pump cycling warmth via channels in the skin of the house which itself was organically grown to keep the place nice and toasty -a veritable example of living architecture. But no! He burns willow as bio-mass. Oh. |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 203 Registered: 10-2004
| Posted on Saturday, November 10, 2007 - 09:12 am: |
|
Seo píosa ó Suíomh Mhanchán: "This website should, and would be in Irish except that it seems no one would understand it. Ba cheart go mbeadh an suíomh seo as Gaeilge ach . . ." Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2107 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, November 10, 2007 - 01:43 pm: |
|
Aidh, mar sin cha dtuigeam cad chuighe a dtearn sé cláracha teilifíse i nGaeilg... "no one would understand them" ach an oiread... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 29 Registered: 10-2007
| Posted on Saturday, November 10, 2007 - 02:44 pm: |
|
Chonaic mé sin ar an suíomh seo, níl sé sin go breá. :( Tír gan teanga, tír gan anam.
|
|
Tomás Ó hÉilidhe (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, November 10, 2007 - 08:34 pm: |
|
Dá bhfiafrófaí díomsa, níl an fear seo ag déanamh dochair ar bith don Ghaolainn. Ní féidir le héinne dochar a dhéanamh don Ghaolainn. In ainneoin lucht ar bith a deir rúdaí maslacha faoin dteanga, beidh na cainteoirí ann go fóill, 's go fóill. Má tá suim agatsa sa Ghaoluinn -- sea, agatsa -- labhair an teanga, úsáid an teanga, léigh an teanga, scríobh an teanga, éist leis an dteanga. In ainneoin na n-amadach -- (cosúil leis an gcloigeann caca seo atáimid a phlé) -- labhair do theanga féin, labhair teanga do mhuintire. Ní comórtas atá ann, labhair í as ucht an spraoi a bhaineanns tú as do theanga féin a labhairt. Tá 's agamsa nach féidir leis an gcuid is mó de dhaoinibh in Éirinn an Ghaoluinn a labhairt, ach is cuma liom; tá fhios agam go dteastaíonn uaimse í a labhairt, agus sin an méid atá de dhíth ormsa. Rúdaí difriúla iad bheith id Éireannach ná bheith id ghael sa lá atá inniubh. Tuigim gur náire í sin, ach sí an fhírinne í. Má fhanann tú le rialtas ná tire seo (nó le muintir na tire seo) an Ghaoluinn a chur chun cinn -- nó Gaelachas a chur chun cinn, is fada a bheas tú ag fanacht. Mionlach atá sa ngaeil sa tire seo, ach tá bród orm bheith sa mhionlach sin. Déanfaidh mé mo dhícheall an Ghaoluinn a choimeád beo, agus sé an chéad rug beag a dhéanfas mé ná feidhmchláir ríomhaire a aistriú chun na Gaoluinne, agus í a labhairt gach seans a bhíonns agam. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 349 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, November 13, 2007 - 04:12 am: |
|
Bhí mo dhuine Manchán ar an Ghlór Anoir tráthnóna inné ag caint faoi No Béarla a 2, sílim go bhféadfadh sibh éisteacht leis ar an idirlíon. Mhúscail sé mo shuim sa tsraith nua caithfidh mé a rá. I dtástáil amháin cuireadh Klingon agus Gaeilge le chéile chun fáil amach an mbeadh na hÉireannaigh in ann idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Bhí sé ar thóir roinnt grinn de réir dealraimh. Beidh siad ag taifead an chuid dheireanach den gclár i mBaile Bhlainséir i mBÁC mar luaite cheana fhéin ag Eoin. Sílim go bhfuil sé ag iarraidh meon na nÉireannach i leith na Gaeilge a scagadh le ceisteannaí faoi teanga. Tá an tsraith nua seo coimisiúnta ag RTÉ dála an scéil, ní TG4. |
|