Tomás Ó hÉilidhe (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 04:56 pm: |
|
Heileo a chairde! Tá córas oibriúcháin ann dosna ríomhairíbh pearsanta ar Ubuntu is ainm do, a oibríonn thar eithne Linux, agus tá an-mheas air sá lá atá inniubh. Is fearr le neart daoine, cosúil liomsa, é ná Microsoft Windows. Chomh maith leis sin, tá sé saor in aisce agus tagann a lán bogearraí in aonacht leis, pacáistí oifige agus seinnteoirí ceoil agus físeáin mar shampla. Tagann sé le brabhsálaí saora freisin, ar Mozilla an ceann is suaitheanta acu. Is féidir Ubuntu agus a phacáistí a úsáid i neart neart teangacha difriúla, An Afracáinis go dtí an tSúlúis agus gach ceann sa lár. Faoi láthair, tá sí á húsáid as Gaoluinn agam. Tá an t-aistriúchán Gaoluinne ar Mhozilla go hiontach, an-nádúrtha, litrithe i gceart, ar fheabhas! Ach maidir leis an aistriúchán ar an gcóras oibriúcháin féin... bhfuel... níl sé thar barr; tá neart drochlitrithe ann, drochaistruithe, agus tá codanna de as Béarla. Sé atá ar intinn agam ná dúl isteach i gcomhthionól le grúpa teangan Ubuntu agus cuidiú a thabhairt chun Gaoluinn deas a chur air! Táimse féin sách líofa sa teanga, ach cinnte beidh mé ag lorg cabhrach ó chainteoirí eile chun Gaoluinn nádúrtha a chur air. Mar sin... cé a mbeadh suim aige? Is dóigh liom go mb'fhéidir liom snáithe a thosú anseo, agus scríobh chuige nuair a bhíonn cabhair uaim ag aistriú rud éigin? Seans go scarfaidh mé idir na canúintíbh í freisin, m. sh. Gaeilge Chonnacht, Gaoluinn na Mumhan, Gaeilg Uladh. Cad a cheapann sibh?! ------------------------------------ Heileo a chairde! There's a PC operating system out there called Ubuntu, which works on the Linux kernel, and it's very popular today. Many people, such as myself, prefer it over Windows. Also, it's free and it comes with loads more free software, like entire office packages and music and video players. It comes with free browsers also, most notable of which is Mozilla. Ubuntu and its packages can be used in a vast array of languages, Afrikaans to Zulu and everything in between. Presently I'm using it in Irish. The Irish language setup for Mozilla is excellent, very natural sounding, spelt properly, just brilliant overall. The Irish language setup for the operating system itself, however, leaves much to be desired -- there's misspellings, misplaces fada's, dodgy translations, and chunks of it are just left in English. So basically I plan on joining the Ubuntu language group to get Ubuntu running respectably in Irish. I'm pretty fluent in the language myself, but I'll definitely need help from others to get it sounding natural. So who would be interested? I suppose I could start a thread here, and write to it every time I need a bit of help translating something? I might even split it into dialects, e.g. Gaeilge Chonnacht, Gaoluinn na Mumhan, Gaeilg Uladh. What d'yiz think? |