Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6398 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, November 03, 2007 - 06:49 pm: |
|
De réir nuacht RTÉ um a 9. Ní cuimhin liom iad a tabhairt aon phoiblíocht don oireachtas blianta eile. http://www.rte.ie/rnag/oireachtasnagaeilgeong.html |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 75 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, November 05, 2007 - 04:30 am: |
|
Casadh Abigail, Cailínbdoll agus Daithí orm ann. Labhraíos le Des Bishop ar feadh deich mbomaite nó mar sin agus ní raibh stró ar bith air mé a thuiscint is ní raibh aon mhoill air é féin a chur in iúl. Is iontach a bhfuil déanta aige. Dream an-óg an-líonmhar ann. Daoine in seasamh thart le boige na haimsire istoíche sa gclár / plaza ag caint lena chéile. Halla níos mó a theastóidh feasta. Is iontach an rud é. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 762 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 10:06 am: |
|
Go maire sibh. Tá éad orm. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 118 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 01:33 pm: |
|
Bhí mé ann ó oíche Chéadaoin go dtí an Satharn. Féile ar dóigh a bhí ann. Neart daoine óga, craic, ceol, ól agus comórtais. Agus ionad iontach a bhí i gCathair na Mart chomh maith. Tá mé go fóill ag teacht ar ais chugam féin...! |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 84 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 01:37 pm: |
|
An ndeachaigh tú chuig an scéalaíocht Dé Sathairn a Rg? Bhí mé ag caint le Abigail agus ag caitheamh súil timpeall. Ní tú a bhí le taobh fuinneoige? |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 119 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 03:21 pm: |
|
Bhí mé ann ar feadh tamaill a Sheosaimh. Níl mé cinnte an raibh mé taobh fuinneoige ná nach raibh. Fear galánta le gruaig rua a bhí ann, ab é? |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 86 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 04:11 pm: |
|
Bhí comórtais éagsúla scéalaíochta ar siúl ag an am céanna, ach bhí Abigail is mé féin ag an gceann ceannais. Comórtais cháiliúcháin a bhí sna seomraí eile. Bhí mé ag coinneáil súil ar fhear le taobh na fuinneoige, féachaint an raibh sé féin ag iarraidh Daltaí eile a aimsiú, ach a Rg a chara, ní fhacas dom go raibh, mar a déarfá, mealladh na mban ann thar aon ghruagach eile againn. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 122 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 08:19 am: |
|
Caithfidh nach mise a bhí ann mar sin ;-) |
|