Author |
Message |
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2053 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, October 28, 2007 - 09:41 am: |
|
Haigh a chairde Maybe some of you have read or heard of a book and articles written by Alf Sommerfelt about the Irish dialect of Torr, in Donegal (parish of Gweedore). But I wonder where is really Torr: first of all, according to what I see in the book, that dialect has several non-Gweedore features, and secondly, I can't find Torr on any map. I have a very detailed map (you can see every house!) of Gweedore parish and the closest parishes (Anagaire and Cloghaneely), but I can't find any village called Torr anywhere. Does anyone know where it is ? Go rabh maith agaibh roimhe ré Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Antaine
Member Username: Antaine
Post Number: 1111 Registered: 10-2004
| Posted on Sunday, October 28, 2007 - 11:04 am: |
|
google earth contains a reference to the Gweedore Court Hotel when I searched for Torr, Donegal. Other than that the only Torr it finds is in Antrim. It may no longer exist as a distinct village, but now just a area of Gweedore. Dunno, that's my stab at it. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 88 Registered: 04-2007
| Posted on Sunday, October 28, 2007 - 11:43 am: |
|
An bhfuil a fhios agaibh cá a bhfuil Mín Corbhaic? Tá sé thuas an bhealach sin, chan fhuil ann ach Baile Fearainn. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2054 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, October 28, 2007 - 12:47 pm: |
|
Agus...? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 89 Registered: 04-2007
| Posted on Sunday, October 28, 2007 - 01:02 pm: |
|
Gabh isteach i nGaráiste Steven Anne i gCroilí agus cuir ceist ar dhuine éigin. Suas an bóthar sin, os comhar Toigh Pháidí Óig. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2055 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, October 28, 2007 - 04:52 pm: |
|
Tchíom. Ach tá na bailte fearainn ar mo mhapa (tá Ard na gCeapairí féin ann!), sin an tuighe a bhfuil iontas orm nach bhfagham é. Tchíom anois cad é ’n ceantar a bhfuil sé ann, dar liom. Grma a chara. Tá iontas orm siocair nach bhfuil sé i bhfad ó Chois Chlaidí, sin baile Mhairéad Ní Mhaonaigh, agus tá difríochtaí ’móra’ eadar a' dá Ghaeilg. Mór a’ truaigh, cha dtig liom ceist a chuir ar dhuine ar bith i gCroithlí ná in Éirinn féin, siocair nach bhfuil mé ’mo chónaí ann agus nach bhfuil ’s agam cá huair a thiocfas liom a ghabháil anonn aríst :-( ’Bhfuil tusa ’do chónaí i nGaoth Dobhair? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 90 Registered: 04-2007
| Posted on Sunday, October 28, 2007 - 05:27 pm: |
|
Muise, níl. Mhothaigh mé i gcónaí go dteann Gaeilg an cheantair sin le Gaeilg na Rosann ná Gaeilg Ghaoth Dobhair mar a thuigeann muid inniu í. Bhfuil fhios agat, tá rian ann ó Mhín Corrbhaic isteach go Baile na Finne, seans go raibh siad i dteagmháil rialta le chéile bliantaí ó shin, seans ann go ndeachaigh sin i bhfeidhm ar an chinéal Gaeilg a bhíodh a labhairt ann? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2056 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, October 29, 2007 - 12:04 am: |
|
Tuigeam, caithfidh go bhfuil an ceart agad, shil mé féin fosta go rabh cupla tréith ann (mar -cht a dh'fhuaimniú mar [χt̪ˠ], in áit [r̥t̪ˠ] Ghaoth Dobhair) níos comhgaraí do chuid Anagaire. Munab fhuil tú ’do chónaí i nGaoth Dobhair, cad é mar a fuair tú ’n t-eolas sin fán cheantar? Luaigh tú áiteacha beaga nach rabh cuimhne agamsa féin orthu :-) Cén méid ama a chaith tusa ann? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 111 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, October 29, 2007 - 04:57 am: |
|
Seans maith a Lughaidh go bhfuil ár gcara Gael Gan Náire sa chuid thuaisceartach den tír. Is minic a théann Gaeil an tuaiscirt ar cuairt go Gaeltacht Thír Chonaill agus ní ghlacfadh sé i bhfad aithne a chur ar an cheantar. Maidir leis an fhuaimniú sin a luaigh tú ar -cht, mar gheall ar thionchar Ghaoth Dobhair agus na Pobalscoile srl, tá an fhuaim [r?t??] ag teacht isteach i gcaint na Rosann de réir a chéile, go háirithe i measc an aosa óig. Cha raibh sé ag na seandaoine idir. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 91 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, October 29, 2007 - 05:35 am: |
|
/rt/ rud úr amach dar liomsa, rud a bhain leis an Bhun Beag agus mar a dúirt RG, chuaigh sé i bhfeidhm ar na Rosann, bhál ar cibé Gaeilg atá ann ar chór ar bith. Lughaidh, Bhí mé ar an drabhlais sna Rosaibh bliantaí ó shin, cé nach rabh mé ann le tamallt. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2058 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, October 29, 2007 - 12:39 pm: |
|
quote:Cha raibh sé ag na seandaoine idir. Seadh, níl sé i gcaint John Ghráinne, mar shompla. quote:rud a bhain leis an Bhun Beag Níos mó ná sin, dar liom, mar go bhfuil sé ar fáilt i bparóiste Ghaoth Dobhair go hiomlán agus ar Oileán Thoraí fosta, más buan mo chuimhne. Níl cuimhne agam an bhfuil sé i gcaint bhunadh Chloich Chionnaola, áfach. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 93 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, October 29, 2007 - 06:00 pm: |
|
Char mhothaigh mé é i gCloich Chonnaola ach bhí sé le cloisteáil amach is amach i nGaeilg Lár Thír Eoghain. |
|