Author |
Message |
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 324 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, October 26, 2007 - 07:14 am: |
|
1) is fear é a bhfuil dua caite aige 2) is fear é atá dua caite aige 1) an Ghaeilge a bhfuil acu 2) an Ghaeilge atá acu Des na habairtí thuas an bhfuil uimhir a haon ceart nó uimhir a dó? tá an ceann seo ag dó na geirbe dom le fada. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 578 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, October 26, 2007 - 07:49 am: |
|
(1) agus (2) faoi seach. Lena fheiceáil go soiléir, smaoinigh ar an gclásal mar abairt ann féin, agus cuartaigh an focal a dhéanann tagairt don réamhtheachtaí. Más forainm lom é an focal sin (.i. más ainmní nó cuspóir briathra é), ba chóir clásal coibhneasta díreach. Más forainm réamhfhoclach nó aidiacht sealbhach é, ba chóir clásal indíreach. I gcás an dá shampla s'agatsa thuas: Tá dua caite aige - tá an tagart don réamhtheachtaí an fear le fáil sa bhforainm réamhfhoclach aige. Sin feidhm an chlásail indírigh. Tá sí acu - tá tagart don réamhtheachtaí an Ghaeilge sa bhforainm sí. Sin jab an chlásail dhírigh, .i. atá. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 325 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, October 26, 2007 - 09:18 am: |
|
Gura míle go deo Abigail. Is iad na habairtí thíos atá ceart? (an bhfuil an abairt sin thuas ceart?) :) ;) 1) is fear é a bhfuil dua caite aige 2) an Ghaeilge atá acu (Message edited by Mise_Fhéin on October 26, 2007) |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 108 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, October 26, 2007 - 10:26 am: |
|
MISE F(H)ÉIN Is fear é a bhfuil dua caite aige Baineann tú úsáid as an fhoirm spleách (a bhfuil) anseo thuas cionn is go bhfuil an focal 'aige' ag tagairt don fhocal 'fear' ag tús na habairte. An Ghaeile atá acu Sa sampla seo níl 'acu' ag tagairt d'aon rud ag tús na habairte mar sin is féidir úsáid a bhaint as an ghnáthfhoirm neamhspleách. Sa sampla thíos áfach tá baint ag 'acu' leis na 'daoine' mar sin baintear úsáid as an fhoirm spleách arís. Sin iad na daoine a bhfuil Gaeilge acu Tá cúrsaí difiriúil i gCúige Mumhan ar ndóigh! Beir bua! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 326 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, October 26, 2007 - 10:46 am: |
|
"Tá cúrsaí difiriúil i gCúige Mumhan ar ndóigh" mar is ghnách leo, gura míle. Tuigim anois |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2045 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, October 26, 2007 - 02:42 pm: |
|
Seo na habairtí cearta: 1) is fear é a bhfuil dua caite aige 2) is fear é atá dua caite aige (cluintear sa Ghaeltacht é ach níl sé sa chaighdeán agus ní bheadh sé ceart i dteangaidh na seanchainteoir) 2) an Ghaeilge atá acu Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|