Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3264 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, October 12, 2007 - 08:58 pm: |
|
An bhfuil focail an amhráin seo ag éinne -- éinne a bheadh sásta iad a bhreacadh síos anseo? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 555 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, October 13, 2007 - 11:13 am: |
|
Níl siad agam. Tá taifeadadh le fáil anseo de Phádraig Ó Cearbhaill á ghabháil: ftp://ftp.merriman.ie/fuaim/beirlin2006/sileNiGhadhra.mp3 Ach d'ainneoin an fhoinn, is aisling de chuid Thaidhg Ghaelaigh Uí Shúilleabháin ("Ar maidin inné dom is déarach a bhíos-sa") atá aige ansin. Ní aithním ach an véarsa seo a leanas mar chuid de "Síle Ní Ghadhra" féin. 's a Shíle Ní Ghadhra, téanam ag ól, A Shíle Ní Ghadhra, téanam ag ól, D'ólfainnse scilling 's ba chuma cá bhfaighinn í 's do raghainn ar bord loinge le Síle Ní Ghadhra. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3266 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 11:48 am: |
|
Go raibh maith agat, Abigail. Tá mé ag éisteacht le leagan den amhrán á ghabháil ag Niamh de Búrca. Bhreac mé síos an chuid is mó de na focail, ach tá bearnaí ann fós, faraor. An bhfuil fáil agat ar an leagan sin, ar an albam "An áit a bhfuil do chroí"? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 572 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 11:58 am: |
|
Níl, ach fuair mé sampla ar an idirlíon, agus is cosúil gur leis an aisling chéanna a thosaíonn a leagansa. Déanfaidh mé an téacs sin a bhreacadh anseo nuair a théim abhaile anocht. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 573 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 05:13 pm: |
|
Ar maidin inné dom is déarach a bhíos-sa, Go cathach im aonar ag déanamh mo smaointe, Do dhearcas ag pléireacht go haerach im thimpeall An eala ba shéimhe, ba chaoimhe, ba chaoine. Do phreabas, do ritheas, do dhruideas 'na comhair. Do mheasas, do thuigeas nár mhiste dom' shórt A blaiseadh go milis in imeall a beoil, Le taitneamh, le gile, le finne na hóighe, Le maise, le glaine, le binne mo lóchrainn. Ba ghleannmhar, dréimreach, néamhrach, fraínseach, A carnfholt craobhach 'na slaodaibh ag síneadh, Go bachalach, péarlach, go réaltach, go soilseach, Go camarsach craobhach, go néamhrach aoibhinn, Ag feacadh 's ag filleadh 's ag sileadh 'na deoidh, 'Na mbeartaibh 'na sruithibh, 'na muirear go feor, Go haltaibh, go huillinn, go frithir i gcomhad, Go slamrach, comaireach, umarach, órga, 'Na sraitheanna ag titim go himeallach ómrach. "Más carraig in éifeacht tú, i gcéill 's in intleacht, I bpearsain, i mbréithre, id ghné is id ghníomhartha, Aithris dom féin sin i réimeanna ríora, A chara, an tú Hélen, nó Deirdre Naoise?" D'fhreagair an bhruinneall i ndlithe gan mhóid: "Nach aithne duit mise anois, buime na dtreon, A bascadh, a milleadh, a cuireadh thar m'fheoir, Le dalladh, le daille, le buille na gcóbach, A mhalartaigh mise le duine gan chóngas?" "Más cara duit Séarlas mac Shéamais, a ríoghain, Is gairid go dtéarnaigh thar tréanmhuir dod choimhdeacht, Le gasra de ghléirchatha Gaelach, dea-ghníomhach, Ag sealbhadh id shléibhte, id chaotha, is id choillte, Ag treascairt gan tuisle le tuinseamh na dtreon, Ag teascadh na droinge d'fhág sinne fé bhrón, Go gcaithfid - go gcluinfir le fuinneamh na sló - A gcathracha cumais atá tuilte de sheoda, A thabhairt ar choimirce do chumainn 's do choróineach." An bhfuil sé sin ag teacht leis an leagan atá ag Niamh? Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Diarmo
Member Username: Diarmo
Post Number: 252 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 06:08 pm: |
|
thar barr! as gCiarrai an ea? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 574 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 06:29 pm: |
|
An Súilleabhánach? Ní fios go cinnte, ach meastar gurbh as Contae Luimnigh dó ó dhúchas. Chaith sé formhór a shaoil i gcontaetha Phort Láirge agus Chorcaí áfach. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3268 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 09:02 pm: |
|
Fáinne óir ort, Abigail! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Seanfhear
Member Username: Seanfhear
Post Number: 26 Registered: 08-2007
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 09:21 pm: |
|
Tá leagan nua-aimsire, aistrithe go Béarla, ag an ngrúpa Dervish, le Cathy Jordan. Is léir nach bhfuil an iomarca cosúileachtaí idir an dá leagain ó thaobh na bhfocal de, ach nach é sin an scéal go minic? Sé an t-ainm atá ar an CD ná 'At The End Of The Road' published by Acorn Music, 1996. In case anyone is interested there is a note on the liner notes saying 'for further information USA: Kells Music 64 New Hyde Park Road, Garden City, NY. 11530-3909. email: Dervish might be a bit frenetic for some more traditional tastes but their sound has grown on me over the years. Cathy Jordan has a unique singing style and her English version of 'Shiela Nee Iyer' has a lovely lilt to it. Seanfhear |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3269 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 11:06 pm: |
|
quote:An bhfuil sé sin ag teacht leis an leagan atá ag Niamh? Chuir mé na focail thuas i gcomórtas le leagan Néimhe anois díreach. Seo agat a bhfuil aici. Feicfidh tú go bhfuil difríochtaí beaga ann, agus dhá bhearna in áiteanna nach dtuigim na focail. Ar maidin inné domh is déarach do bhíos-sa, Go cathach im aonar ag déanamh mo smaointe, Do dhearcas ag pléireacht go haerach im thimpeall An eala ba shéimhe, ba ______, ba chaoine. Do phreabas, do ritheas, do dhruideas 'na comhair. Do mheasas, do thuigeas nár mhiste dom spórt Ag blaiseadh go milis in imeall a beoil, Le taitneamh, le gile, le finne na hóige, Le maise, le glaine, le binneacht a glórtha. 'S a Shíle Ní Ghadhra, téanam ag ól (X2) D'ólfainn-se scilling 's ba chuma cá bhfaighinn é (sic) Raghainn ar bord loinge le Síle Ní Ghadhra. 'S a Shíle Ní Ghadhra, dá radhfá ar bord liom bhéarfainn go _______ is radharc bailtí móra (?) d'iompóinn féin m'fhaghairt is thabharfainn do phógadh má chuirim do theaghlaigh, dá bhfaighinn tú le pósadh. Is gleannmhar, dréimreach, néamhrach, frainseach, Bhí a carnfholt craobhach 'na shlaodaibh ag síneadh, Go bachalach, péarlach, go réaltach, go soilseach, Go camarsach craobhach, go néamharach aoibhinn. Chuir mé an mp3 chugat le go mbeidh tú in ann é seo uilig a chloisteáil. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
|