Author |
Message |
Seanfhear
Member Username: Seanfhear
Post Number: 11 Registered: 08-2007
| Posted on Monday, October 08, 2007 - 02:39 am: |
|
Ní fhaca mé an scannán nua úd KINGS fós ach chuala mé go raibh daoine an-shásta leis agus an treo ina úsáidtear An Ghaeilge don chuid is mó ann (Gaeilge Chonnamara is dócha). Cad é bhur meas? Seanfhear |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 86 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 06:31 am: |
|
Bheadh sé maith dá mbeadh sé ar taispeáint ar fud na tíre ach níl. Níl sé ach i mBÁC is cosúil - cad tuige? |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 177 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 08:54 am: |
|
Chonaic mé féin é, thaitin sé go mór liom. Scéal trom atá ann a chuirfidh ag machnamh thú. Ná bí ag súil le happy end hollywoodach! Ní scannán é a d'ardódh seasamh na Gaeilge i súile an phobail, áfach. Tá an teachtaireacht go láidir ann go mbaineann an Ghaeilge le saol truamhéalach na mbochtán, leis an ólachán, agus mar sin de. (Message edited by mbm on October 09, 2007) Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 300 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 11:02 am: |
|
"Ní scannán é a d'ardódh seasamh na Gaeilge i súile an phobail, áfach. Tá an teachtaireacht go láidir ann go mbaineann an Ghaeilge le saol truamhéalach na mbochtán, leis an ólachán, agus mar sin de." á Dheabhail. Bhí mé buartha faoi sin (Message edited by Mise_Fhéin on October 09, 2007) |
|
Riona
Member Username: Riona
Post Number: 1225 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 06:18 pm: |
|
Cad is an sceal (plot) ar an scannan? Beir bua agus beannacht |
|
Seanfhear
Member Username: Seanfhear
Post Number: 20 Registered: 08-2007
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 11:27 am: |
|
De réir dealramh is scéal é mar gheall ar scaite buachaillí ó Chonnamara i London sna 1970s agus an saol a bhíodh acu ann. Tá an scannán bunaithe ar dráma a scríobhadh fiche blian ó shin 'Kings of Kilburn Road', nó tideal cosúil le sin. Tagann na buachaillí le chéile arís t'réis tamaill mhaith de blianta agus léirítear dúinn de réir a chéile cad a thit amach ina saoil. Ar ndóigh ní píosa bolscaireachta i leith na Gaeilge atá ann in aon chor, ná 'documentary' ach an oiread. Is dráma é, a nósann dúinn an saol mar a bhí san am sin ag an gnáth-Éireannach, pé Gaeilgeoirí nó Béarlóirí iad. Cinnte, is 'art house film' é agus níl sé i gcomórtas leis na 'Hollywood blockbusters', ach tá an t-aisteoir Colm Meaney ann agus tá an scannán cuirthe go dtí Canne (i gcomórtas an 'Palm D'or' a deirtear liom). Beidh mé ag faire amach chun an DVD a fháil. Seanfhear |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 1 Registered: 10-2007
| Posted on Saturday, October 13, 2007 - 04:03 pm: |
|
An mbeidh é ar DVD? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 589 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 09:32 am: |
|
Bhfuil tuairimí ag éinne eile i leith an scannáin seo? |
|
Seán Maitiú (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 25, 2007 - 06:39 am: |
|
Bhfuil a fhios ag aon duine an mbeidh sé ar taispeaint i Sasana no an bhuil se fos le feiceail i mBAC, agus ma ta cen ait? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1263 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, October 26, 2007 - 08:12 pm: |
|
Chonaic mé féin é i rith na seachtaine. Fíor-mhaith! Gaeilge álainn tríd an scannán ar fad, agus is scannán mar is ceart atá ann. Chonaic mé féin é i Screen Cinema, D'olier street trasna ó choláiste na trionóide. Ah ha! Tá sé fós le feiceáil ansin Seán Maitiú, http://www.omniplex.ie/cinema/screencinema/screendublin.htm Ach nach bhfuil tusa amach i nGaillimh!? B'fhéidir gur tusa Seán Maitiú ó paisean faisean!?! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 10 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, October 29, 2007 - 06:40 pm: |
|
Rachaidh mé chun na poictúrlainne dá tá sé i Sasana. Tír gan teanga, tír gan anam.
|
|