Posted on Thursday, September 27, 2007 - 04:23 pm:
An bhfuil an abairt seo a leanas ina úsáid cheart mar abairt "pluperfect", déarfadh sibh?
"Ní chreidfinn rud ar bith go dtí tar éis dó bheith séanta go hoifigiúil."
Mura bhfuil, cén Ghaeilge ba cheart a chur uirthi, dar libh?
"...go dtí go mbeadh sé tar éis bheith séanta...", b'fhéidir?
GRMA
-------------- gabhaigí mo leithscéal má nochtar an teachtaireacht seo faoi dhó; phostáil mé é gan logáil isteach níos luaithe sa lá, ach níor nochtadh an ceann sin fós. DG
Seachnaímse ceisteanna gramadaí. Is le mo phutóga gaelacha a nímse cinntí mar sin, agus bíonn breall orm go minic nuair a théim ró dhoimhin i riasc na gramadaí!