Author |
Message |
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 308 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, August 31, 2007 - 05:31 pm: |
|
Ar léigh éinne anseo an leabhar Cré na Cille le Mairtín Ó Cadhain, ba mhaith liom é sin a léamh ach deirtear go bhfuil an Ghaeilge deacair? Tuairimí? Fáilte Roimh Cheartú
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6098 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, August 31, 2007 - 05:32 pm: |
|
Léigh. Bhraith mé go raibh sé i bhfad níos fusa ná a chuid gearrscéalta. |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 310 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, August 31, 2007 - 05:39 pm: |
|
níos fusa? níos éasca?:) Fáilte Roimh Cheartú
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 482 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, August 31, 2007 - 05:55 pm: |
|
Léigh freisin, cúpla bliain ó shin. Bhí sé deacair go leor (agus caithfidh mé aontú le hAonghus go bhfuil na gearrscéalta níos deacra arís!) B'fhiú é a léamh, ach ba chóir don fhoghlaimeoir foclóirí maithe a bheith aige sula dtugann sé faoi. Ní bhfaighidh tú mórán focal in "Cré na Cille" nach bhfuil fáil orthu i bhfoclóir Uí Dhuinnín nó Uí Dhónaill. Ar léigh tú leabhar ar bith leis an Athair Pádraig Standún? Ní haon Cadhnach é ach tá a chuid úrscéalta suimiúil mar sin féin - suimiúil agus cuid mhaith níos éasca. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 312 Registered: 01-2006
| Posted on Saturday, September 01, 2007 - 10:03 am: |
|
Is sagart é Pádraig Standún? An bhfuil tú cinnte? Scrígh sé "Cion Mná" faoi dhá leispiniaigh? Agus "Súil le Breith" faoi caidreamh idir bean agus an sagart áitiúil.... (Message edited by podsers on September 01, 2007) Fáilte Roimh Cheartú
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 483 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, September 01, 2007 - 01:24 pm: |
|
("faoi bheirt leispianach" ba chirte) Is sagart é. Scríobh, agus cinn eile nach iad. An bhfuil na cinn a luaigh tú léite agat? Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6102 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, September 01, 2007 - 04:16 pm: |
|
Níos simplí fós: "Beirt Leispiaigh" Sagart is ea é, tá easpag (is cosúil) thar a bheith foighneach aige! Tá roinnt dá chuid léite agam, a dhírbheathaisnéis "Eaglais na Catacóm" ina measc. Stuif éadrom go maith (agus ar ndóigh mise ar mhalairt tuairime leis faoi ceisteanna eaglasta) Más mian leat fanacht thiar, b'fhiú duit úrscéalta Joe Steve Ó Neachtain a leamh. |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 313 Registered: 01-2006
| Posted on Saturday, September 01, 2007 - 08:15 pm: |
|
Tá Cion Mná léite agam agus tá sé fíorshuimiúil agus taitneamhach... Brón orm faoi an mbotún "dhá" bhíos díreach ag clóscrígh róthapa! Marsin nach bhfuil sé an-liobrálach mar shagart? Creid nó na creid! (Message edited by podsers on September 01, 2007) Fáilte Roimh Cheartú
|
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, September 02, 2007 - 04:02 pm: |
|
Ba mhaith liom “Cré na Cille” a léamh, ach deirtear(Litríocht.com, mar shampla) go bhfuil an leabhar as cló faoi láthair. A’bhfuil eolas ag éinne…Siopa leabhar ina bhfuil cóip le díol?? GRMA, Joselito |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 485 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, September 02, 2007 - 04:15 pm: |
|
Níl faraor. Tá mise á lorg le bliain anuas. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, September 02, 2007 - 06:58 pm: |
|
Bíonn na bradaithe Síneach ag bradú ‘maoine intleachtúla!’ B’fhéidir go mbeadh leagan Sínise acu?!?!..le fonótaí i nGaeilge!?? Thabharfainn pingin mhaith ar é a fheiceáil,scig!scig!! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 486 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 03, 2007 - 06:05 am: |
|
Tuigim duit. Caithfidh go bhfuil duine nó beirt ar a laghad a bhfuil cóip acu agus nach léann é - mic léinn, cuirim i gcás, ar cuireadh iallach orthu é a cheannach le haghaidh cúrsa fadó. An bhfuil nuachtán/iris Gaeilge amuigh a mbíonn "fógraí rangaithe" ann? Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6105 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 03, 2007 - 06:28 am: |
|
Bain triall as Lá Nua. , sílim. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 383 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, September 03, 2007 - 07:26 am: |
|
Ar thug sibh faoi deara go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge gá húsáid ar an bhfóram seo ná Béarla anois? :) Tháinig an lá! 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6109 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 03, 2007 - 08:24 am: |
|
Sss. Ná scaoill an rún! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 487 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 03, 2007 - 08:32 am: |
|
GRMA a Aonghuis. Sheol mé teachtaireacht chucu. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|