Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5891 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, July 13, 2007 - 07:05 am: |
|
Tá brádán ann ó mhaidin anseo in Éirinn. Ta fíor droch spion orm dá bharr, ó tharla go mbeidh mé ag dul siar go Chorca Dhuibhne ar maidin ar feadh coicíse. Tá súil agam go bhfuil fheabhas le teacht ar an aimsir! brádán [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] ceobhrán. ceobhrán [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] fearthainn bheag éadrom cheoch, brádán éadrom. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 191 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, July 13, 2007 - 07:41 am: |
|
Beidh feabhas ar an aimsir as an deireadh seachtaine seo amach, rud eicínt faoin ngealach atá taobh thiar de sílim. Cén áit i gCorca Dhuibhne, caithim am i gCeann Trá ó am go ham. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5893 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, July 13, 2007 - 08:19 am: |
|
An Baile Breac. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5894 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, July 13, 2007 - 08:24 am: |
|
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 386 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, July 13, 2007 - 01:27 pm: |
|
Chonaic mé teideal an ábhair seo agus cheap mé go siúráilte gur ag tagairt d'Ikaroa na Maori a bhí tú! (Iasc atá i mbóthar na Bó Finne dar leo siúd, agus a cuid eochraí sna réalta uilig eile.) Is minic a fhaighimid spréachbhraon anuas sa tráthnóna ag an am seo den bhliain, ach tá sé breá grianmhar faoi láthair. Tá mise i mo shuí taobh amuigh faoi scáth crainn, ag obair ar mo ríomhaire glúine. Gabhfaidh mé isteach ach i gcóir dinnéir, má thosaíonn sé ag baisteach, nó nuair a bhéas an ceallra ídithe. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|