mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (May-June) » Archive through June 11, 2007 » Scotia Bheag is Scotia Mhór « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 143
Registered: 11-2006
Posted on Monday, June 04, 2007 - 05:29 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tháinig mé trasna an tsleachta seo ó Foras Feasa ar Éirinn le Seathrúin Chéitinn maidir le Alba is Éire agus an "chinidh Scuit".
De réir Chétinn tagann an t-ainm Scot as an bhfocal sean Gaeilge sin "scuit". Agus gur iomaí uair a tugadh "Cine Scuit" ar na hÉireannaigh fadó.

Agus cosúil lena Dáil Riada chuir siad ("Na Scuití") fúthu in Albain ag tabhairt a n-anim don tír?

"Agus do bhrígh gurab ó chine Scot do slonnadh an chríoch, is Scotia fá hainm di an tan soin."

http://www.ucc.ie/celt/online/G100054/text057.html

B'fhiú é a léamh, agus níl sé dothuigthe ar chor ar bith ós rud é go bhfuil sé scríofa i seanGhaeilge

Níor chuala mé an focal sin "scuit" roimhe seo seachas nuair a bhí mé i mo lad ó ag déanamh diabhlaíochta agus déarfadh mo mháthair "Gread leat a Scuit"

bhur mbarúil

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 373
Registered: 06-2006
Posted on Monday, June 04, 2007 - 08:20 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ná déan dearúd gur bhollscaire a bhí sa Chéitinneach, bhí a bha fhéin le chur trasna aige, agus ba shamhailteach an rud, Stair, ag an am sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 144
Registered: 11-2006
Posted on Monday, June 04, 2007 - 10:05 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

bhuel,sea is dóigh liom. Ach fós baineann sé úsáid as a lán tagairtí maithe ina aiste. Tá taighde snasta déanta aige air, agus cuireann sé iad le chéile chun a phointe a dhéanamh

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 374
Registered: 06-2006
Posted on Monday, June 04, 2007 - 01:19 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ó! Cinnte is fiú an Céitinneach a léamh. Is scríobhneoir maith é. Agus is cinnte go ndearna sé taighde, a mharana a dhéanamh ar leabhra is bhéaloideas a bhí suas ag an am. Ach is meascán de fhíoreachtraí, bhéaloideas, chumadóireacht, bholscaireacht, bhréigléann, fhírléann, bhréaga, scéalta chama, 7rl a bhí ann .

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 145
Registered: 11-2006
Posted on Tuesday, June 05, 2007 - 04:03 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

mar sin, ní chreideann tú go bhfuil aon bhunús leis an aiste?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 146
Registered: 11-2006
Posted on Tuesday, June 05, 2007 - 07:41 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5539
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, June 05, 2007 - 08:33 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is fíor go dtugtaí Scotia ar Éireann, agus Scoti ar mhuintir na hÉireann.

Ach bheadh amhras orm faoin sanasaíocht a bhí ag an Céiteannach.

Rinne na manaigh iarrachtaí beáloideas na nGael a "bhaisteadh" agus a chuir in oirúint do léamh liteartha ar an tSean Tiomna; agus cumadh scéalta chun bearnaí a líonadh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 5541
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, June 05, 2007 - 08:45 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aguisín: Nuair a deántar tagairt do "Schottenklöster" sna tíortha ina labhrítear Gearmáinís, is minic gurbh Éireannaigh a bhí ina mbun.

http://lexikon.meyers.de/meyers/Schottenkl%C3%B6ster



©Daltaí na Gaeilge