A chairde,
Mar atá a fhios agaibh tá feachtas ar siúl i láthair na huaire chun Acht Gaeilge a bhaint amach don tuaisceart.
Is iad na sé chontae an t-aon cheantar in Éirinn nó sa Bhreatain nach bhfuil cosaint reachtaíochta ag an teanga dhúchais agus tá na mílte cainteoirí Gaeilge sa tuaisceart anois ag iarraidh aitheantas oifigiúil dá gcearta teanga.
Cé go raibh comhairliúchán poiblí ann cheana féin - a raibh níos mó ná 93% de na freagraí ar son na reachtaíochta Gaeilge - shocraigh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (DCAL) i mBéal Feirste go mbeadh an dara próiseas comhairliúcháin de dhíth sula ndéanfaí aon chinneadh. Cinneadh an-chlaonta é seo gan aon amhras.
Tagann deireadh leis an dara próiseas comhairliúcháin ar 5 Meitheamh agus go dtí seo tá 75% de na freagraí i gcoinne Acht na Gaeilge. Is léir go bhfuil grúpaí frith-Ghaelacha eagraithe an iarraidh seo agus go gcaithfidh muid iarracht níos fearr a dhéanamh chun an reachtaíocht thábhachtach seo a fháil.
Iarraim oraibh díreach 5 nóiméad a ghlacadh chun rphost gasta a chur chuig DCLA ag cur in iúl dóibh go dtacaíonn tú leis an Acht atá molta.
an seoladh s'acu.
Is féidir a lua go dtagann 96% de logainmneacha an tuaiscirt ón Ghaeilge, go bhfuil na mílte páistí ag freastal ar Ghaelscoileanna, go bhfuil sí á labhairt anseo gan stad do bhreis agus 2000 bliain, gur cuid bheo dár n-oidhreacht í srl. Tá cosaint reachtaíochta ag an Ghaeilge ó dheas agus in Alba, agus ag an Bhreatnais sa Bhreatain Bheag, ba cheart gurbh amhlaidh an scéal leis an Ghaeilge sna sé chontae. Scríobh cibé rud is mian libh, a fhad is go ndéantar é!
Má tá eolas breise uaibh gabh chuig suíomh POBAL,
www.pobal.org Arís is é 5 Meitheamh an spriocdháta - déan anois é chun é a fháil amach as an bhealach agus fios agat go bhfuil do ghiota déanta ar son phobal na Gaeilge. Scaip an scéal i measc Gael eile agus le gach duine a thacaíonn le cothromas teanga.
Go raibh maith agaibh agus maith sibh!