Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5264 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 07, 2007 - 08:28 am: |
|
Níl sé amuigh ort, Níl sé istigh ort, Tá sé ort, Is ní trom leat é! Cad é? (Tá ar a laghad ceann amháin ag cách anseo!) |
|
BRN (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, May 07, 2007 - 09:27 am: |
|
am? craiceann? gruaig? féasóg? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 568 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, May 07, 2007 - 09:55 am: |
|
D'ainm? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5266 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 07, 2007 - 03:49 pm: |
|
Ag Séamas. Fútsa anois, a Shéamais. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 571 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, May 07, 2007 - 05:54 pm: |
|
Tá bean ann agus tá seachtar clainne aici. Is buachaillí iad leath díobh. Conas is féidir sin? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5269 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 08, 2007 - 06:23 am: |
|
An bhfuil brí an focail clann cruinn agat? i. leanaí a síolraíonn ón mbean? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 573 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, May 08, 2007 - 09:35 am: |
|
Tá. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5272 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 08, 2007 - 10:22 am: |
|
An bhfuil déghnéasach i gceist? Sin, nó tá imeartas focail i gceist le leath a bhfuilim ródhúr dó inniu. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 575 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, May 08, 2007 - 04:43 pm: |
|
Níl. Ceachtar rud. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5275 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 08, 2007 - 05:00 pm: |
|
Nod, le'd thoil. Is innealtóir mé: leath de seachtar, sin triúr agus leathdhuine. Ceapaim gur leathdhuine mé agus mé ag iarraidh dul i ngleic leis seo. B'fhearr liom each uisce aon lá! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 576 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, May 08, 2007 - 05:27 pm: |
|
Is deacair nod a thabhairt gan é a scaoileadh duit. Níl aon leath-dhuine ann. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5276 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 08, 2007 - 05:33 pm: |
|
Níl tuairim agam. Aoinne eile? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 577 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, May 08, 2007 - 05:44 pm: |
|
Is buachaillí ceathrú díobh, freisin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5277 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 08, 2007 - 05:49 pm: |
|
AAARGH! Is buachaillí iad ar fad. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 579 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 09, 2007 - 09:15 am: |
|
Sin é! Is buachaillí gach duine díobh. |
|
Réilthín
Member Username: Réilthín
Post Number: 2 Registered: 02-2007
| Posted on Wednesday, May 09, 2007 - 10:33 am: |
|
Ana-loighciúil! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5280 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 09, 2007 - 10:50 am: |
|
Is buachaillí gach duine díobh. Ná bí ag cuir mearbhall ar an mbuachaill seo! Ceist nua: Cé hí an bhean i gcroí an cnó? (Nod; níl an ceann seo inaistrithe!) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 283 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, May 09, 2007 - 11:38 am: |
|
Eithne? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5282 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 09, 2007 - 12:06 pm: |
|
Sí go deimhin. Fútsa anois, a Fhirn. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 286 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 04:45 am: |
|
Ós ar ainmneacha atá muidinne, cé a dúirt: Tá m'ainm faoi mo thóin is mo shloinne faoi mo shlinneáin? |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 107 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 05:08 am: |
|
Aonghus: Ceist nua: Cé hí an bhean i gcroí an cnó? (Nod; níl an ceann seo inaistrithe!) Fearn: Eithne? Aonghus: Sí go deimhin. Céard sa frigg, ní thuigim!! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5298 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 06:06 am: |
|
eithne [ainmfhocal baininscneach den cheathrú díochlaonadh] an bia i gcroí cnó nó gráin; núicléas.
Tá m'ainm faoi mo thóin is mo shloinne faoi mo shlinneáin Cathaoir Mac Ascaill? |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 109 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 06:22 am: |
|
"eithne [ainmfhocal baininscneach den cheathrú díochlaonadh] an bia i gcroí cnó nó gráin; núicléas." á, ana-chliste. Is duine cliste é/í an duine sin Fearn ;) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 287 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 06:43 am: |
|
Níor smaoinigh mé ar Albanach, a Aonghuis, mar sin, ní féidir liom a rá nach bhfuil an ceart agat. Ach is Éireannach mo dhuine! (Nod: ná bí chomh docht i dtaobh brí an fhocail Faoi ) A Mhise_fhéin Gabhann mo mheabhair buíochas leat, ach mar a dúirt mo chara Socraitéas: "Ní clisteacht go cuimhne". |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 288 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 06:53 am: |
|
B'fhéidir gurb éasca an leagan : "Tá m'ainm faoi mo thóin agus mo shloinne idir mo dhá shlinneán" |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5300 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 09:00 am: |
|
Cathaoir Ó Droim? Nó an bhfuil Cóta i gceist? (Message edited by aonghus on May 11, 2007) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 289 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 09:21 am: |
|
Ní Ó Droim é, má tá a leithéid de shloinne ann. Ó Cóta ? ní hea. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 112 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 09:26 am: |
|
Píosa Cac Ó Comhghaill (mar Cúl) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 291 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 09:34 am: |
|
píosa = P. Íosa ? cacó = leasainm ar sarko na fraince? Mac Comhghaill ??????? Ar aon nós, buille folamh atá ann. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 113 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 09:36 am: |
|
"píosa = P. Íosa ? cacó = leasainm ar sarko na fraince?" Sin a bhí i gceist agam ar ndó |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 114 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 09:38 am: |
|
Mac an Iomaire an ea? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 293 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 10:08 am: |
|
Ní hea, ach iarracht mhaith. Tá loighic ann. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 584 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 10:15 am: |
|
Pól Mac Cumhaill? (Poll Mac Cúil) |
|
Réilthín
Member Username: Réilthín
Post Number: 4 Registered: 02-2007
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 10:18 am: |
|
Eoin Ó Linneáin? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 295 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 10:39 am: |
|
a shéamais bíonn an iomarca laistice i do chuid freagraí ;-) a réilthín, aidhe, chím an loighic, ach sa bhfreagra ní chuirtear focal as a riocht! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 115 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 11:18 am: |
|
An bhféadfá an freagra a thabhairt dúinn roimh dheireadh an ghnó inniu? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 297 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 11:20 am: |
|
Biodh sé mar obair bhaile agaibh don deireadh seachtaine ;-) |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 117 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 11:27 am: |
|
á, a Íosa Chríost, níl foighne dá laghad agam ar rudaí mar seo!! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 298 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, May 14, 2007 - 06:07 am: |
|
Cuirfear an freagra suas i gceann tamaillín. Bhfuil aon tuairimí eile ag éinne? |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 120 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, May 14, 2007 - 10:07 am: |
|
Bhuel? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 302 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, May 14, 2007 - 10:08 am: |
|
Níor bronnadh an bonn óir an iarracht seo ach tá teastais fiúntais ag dul go Mise-fhéin Séamas Ó Neachtain agus Réilthín as ucht a gcuid samhlaíochta agus freagraí nach raibh dubh ar an bhfreagra. Faigheann Aonghus an bonn airgid mar ní amháin go raibh cos istigh ar an bhfreagra aige ach bhí an leathchos eile, is beag, ann. Nath stairiúil atá ann a dúirt an file seo á chur in aithne don chumadóir ceoil Tuarloch Ó Cearallún. Cé hé: Cathaoir Mac Cába, c 1700-1740. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 121 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, May 14, 2007 - 10:11 am: |
|
Táim sásta leis an mbonn sin. :) Seo nasc thíos faoin scéal http://www.askaboutireland.ie/show_narrative_page.do?page_id=3806 (Message edited by Mise_Fhéin on May 14, 2007) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 304 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, May 14, 2007 - 10:20 am: |
|
Maith an fear, a Mhise-fhéin, bhí mé ag lorg an naisc seo le leathuair an chloig anuas lena chur suas mar eolas , ach d'imigh díom |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 589 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, May 14, 2007 - 10:22 am: |
|
Go deas. Conas a déarfadh sibh 'you got us that time?' Fuair tú an bua orainn an uair seo? Bhí an lámh in uachtar agat orainn an uair seo? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5317 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 14, 2007 - 12:12 pm: |
|
quote:Fuair tú an bua orainn an uair seo? Bhí an lámh in uachtar agat orainn an uair seo? Bheadh ceachtar acu ceart, dar liom. |
|