quote:An bhfuil muid fós ag iarraidh an dá liosta úd ó Bhéaloideas a chur san áireamh?
Tá, ach sílim go mbeidh muid in ann iad a scagadh agus an toradh a chur leis an liosta am ar bith -- má tá Caoimhín sásta glacadh le sonraí nua tar éis dó an liosta a chur ar fáil -- is dócha gur cheart dúinn an cheist sin a chur air! An ag éisteacht atá tú, a Chaoimhín? :-) .
Ba mhaith liomsa na hiontrálacha a fuair muid ó FGB a chur sa bhunachar sonraí ("an liosta") gan aon chomhartha, ach na focail a fhaigheann muid ó fhoinsí eile (an dá liosta eile úd ó
Bhéaloideas, agus aon rud fiúntach eile a fhaigheann muid ina dhiaidh sin) a mharcáil, le go mbeidh a fhios ag an úsáideoir cá bhfuair muid gach uile fhocal.