Author |
Message |
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 240 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, February 23, 2007 - 01:43 pm: |
|
(Cross-posted to another forum, so my apologies to those here who read both...) Cailín deas óg, donnchiabhach glas-súileach caoinlámhach, ag lorg saothair Ghaelaigh le haghaidh cumainn, taistil agus luite isteach geamhoícheanta cois na tine. Tá spéis faoi leith agat i gcomhaireamh is i gcomhionannas, in uimhreacha is in athróga. B'fhéidir go bhfuil roinnt fadhbanna ionat - ach níl aon rud do-réitithe. Tá tú críonna ach fós bríomhar agus lán d'iontais. Ní bheidh do leithéid arís ann, táim cinnte de. Leatsa atá mé ag feitheamh leis na blianta seo anuas. Bí i dteagmháil liom! (Nuair a aimseoimid a chéile faoi dheireadh, ní leor dom caidreamh fad-achair nó sealadach a bheith eadrainn. Táim ag tnúth le dlúthchaidreamh buan leat. Caithfidh mar sin gur féidir leat athshuí, ach ná cuireadh costais bhogtha isteach ná amach ort: íocfaidh mise astu go léir duit.) I'm looking for math books in Irish - basically anything from algebra on up. They're all out of print and I'm having no joy on the Internet. If anybody runs across any in a bookshop, think of me! I'll be happy to pay whatever it costs, shipping and something over for your time. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 174 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, February 23, 2007 - 02:45 pm: |
|
Ná bí cuthalach, a abagail, ach abair amach atá uait. Nárbh fhada go mbeidh páirtí do dhiongbhála agat. Bí cineálta leis. ;-) I.S. Níl x ná y ná calcalas in aice mo láimhe, manuar! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2717 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, February 23, 2007 - 02:53 pm: |
|
quote:An tusa mo chló? An ndeirtear é sin i nGaeilge anois? Bhain na focail sin geit asam. Ádh mór ort, mar sin féin, bíodh sé i gcló duine nó sa chló atá sna leabhartha atá á lorg agat! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 241 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, February 23, 2007 - 03:21 pm: |
|
Ní deirtear go bhfios dom. Imeartas focail (nó iarracht air) a bhí ann. Níl a fhios agam céard a déarfainn le Gaeilge a chur ar "Are you my type?" Is dócha nach mbeadh de dhánaíocht ionam a leithéid de cheist a chur i ndáiríre. "Cailín deas óg" atá ionam seachas giobstaire ná gostóg ná straibheog, bíodh a fhios agat! Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2720 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, February 23, 2007 - 11:04 pm: |
|
quote:seachas giobstaire ná gostóg ná straibheog STOP RIGHT THERE! Cá bhfuair tú gostóg agus straibheog , Abigail? Níl ceachtar acu san fhoclóir! Feictear domsa go bhfuil an "cailín deas óg" seo ina "spochadóir", nó ina "áilteoir", nó ina "gliadaire" chomh maith. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 242 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, February 24, 2007 - 09:28 pm: |
|
Ba chirte a rá go bhfuil sí ina "straiméad" nó ina "éagainn", is cosúil... nó ina "drochlitreoir" ar a laghad! (Gustóg agus streabhóg na focail chearta.) Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 176 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, February 26, 2007 - 07:31 am: |
|
Cé an seargánach a choilleann mian ghrá an chailín óig seo le foclaíocht is easpa spraoi? ;-) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2728 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, February 26, 2007 - 10:55 am: |
|
quote:mian ghrá an chailín óig seo Ach nuair is "book lust" atá i gceist ní féidir é a chloí le foclaíocht ná le focleolaíocht, ach a mhalairt! Dála an scéil, Book Lust an teideal atá ar leabhar a scríobh Nancy Pearl, leabharlannaí atá ina cónaí anseo in Seattle. Is dócha go bhfuil aithne ag Maidhc uirthi! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mícheál
Member Username: Mícheál
Post Number: 292 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, February 26, 2007 - 06:40 pm: |
|
Scríobh Dennis: Is dócha go bhfuil aithne ag Maidhc uirthi! Ar feadh m'eolais go fhios dom, níl aithne agam uirthi. Ach is bean álainn í. Tá sí ag obair sa leabharlann phoiblí i Seattle. Éistim léi ar an NPR. Cheannaigh mé an bhabóg leabharlannaí. Nancy Pearl is aimn di. Is í Nancy Pearl an bhabóg. Le meas, Maidhc Beannachtaí na Féile Pádraig Fáilte roimh cheartú
|
|