Author |
Message |
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 215 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, February 01, 2007 - 08:27 am: |
|
A Dhaltaí, déan iarracht an phíosa seo a aistriú Bhí gníomhaire rúnda de lucht an CIA faoi cheilt sa Ghaeltacht. Tar éis tamill níor chloistear faic as; agus sheol a láimhseor ("handler") oifigeach imscrúdaithe go hÉirinn chun fiosrúcháin a dhéanamh faoi. Ní raibh aon eolas ag an oifigeach ach ainm bréige an ghníomhaire rúnda (Maidhc Ó Sé) agus abairt rúnda chun é féin a shonrú (Tá Uncail Sam ag fanacht). Agus teacht air i sráidbhaile éigin sa Ghaeltacht, isteach leis an oifigeach imscrúdaithe i nOifig an Phoist, chun ceist a chur ar an máistir poist. "An bfhuil Maidhc Ó Sé ina chónaí sa cheantar seo?" ar seisean. "Tá go leor daoine darb ainm sin anseo" arsa an máistir poist "Tá Maidhc an búistéir ann... Maidhc an báicéir, Maidhc and feirmeoir... Muise, is Maidhc Ó Sé mo ainm fhéin" "Maidhc Ó Sé is ainm duitse?" arsa an oifigeach "Sa chás sin" ar seisean le sméideadh "tá Uncail Sam ag fanacht" "Ah, tuigim anois" arsa an Maistir ag cogarnach " 'Sé Maidhc an Spiaire atá uait" Fáilte roimh ceartúchán |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4903 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 01, 2007 - 08:40 am: |
|
Tar éis tamill níor chloistearchualathas faic as uaidh; Nó níos fearr fós: Tar éis tamaill ní raibh aon ní le clos uaidh |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1427 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 01, 2007 - 08:55 am: |
|
A Shuaimhnis, cá bhfuair tú an píosa Gaeilge bhriste sin? -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4905 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 01, 2007 - 10:41 am: |
|
Scríobh sé é. Ná bí garbh le daoine atá ag déanamh iarrachta; ceartaigh go ciúin é, nó bí i'd thost. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 216 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, February 01, 2007 - 11:17 am: |
|
"A Shuaimhnis, cá bhfuair tú an píosa Gaeilge bhriste sin?" A Fhir, Cuir feabhas air mar sin, le do thoil. Níl agamsa ach Gaeilge briste A Aonghuis GRMA as an ceartú agus an taca |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1428 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 02, 2007 - 04:36 am: |
|
Nuair a iarrtar orm rud éigin a aistriú, gabhaim go bhfuair an t-iarrathóir ó áit éigin é, nár eisean a scríobh é! Ní raibh ar intinn agam magadh faoi éinne. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti.
|
|