http://historical-debates.oireachtas.ie/D/DT/D.S.192205180005.html quote:CATHAL BRUGHA: Ba mhaith liom a fháil amach ó Aire an Oideachais cad tá á dhéanamh aige chun an scéim a chur i bhfeidhm a bunuíodh i 1920 chun an Gaedhilg do leatha. Chó maith is is cuimhin liom do cuireadh seacht míle púnt i leataoibh dhá bhliain ó shoin i gcóir na scéime sin. Bhíomairne go bhfuil spéis againn i gcúis na Gaedhilge chun an scéim do chur i bhfeidhm nuair a chur fórsaí Rí Shasana isteach orainn. Do ghabhadar seisear nó mórsheisear dár dtimirthí agus do thuit an scéim ar lár dá dheascaibh sin. Ach cheapas nuair a tháinig an sos cogaidh go ndéanfaí rud éigin. Ach do dineadh atharú san Aireacht agus do ceapadh Aire nua Oideachais, fear atá go mór i bhfabhar na Gaedhilge agus tá fhios agam go maith gur mian leis cabhrú leis an nGaedhilg. Bhíos ag fiafruí cúpla mí ó shoin cad-a bhí á dhéanamh chun scéim 1920 do chur i bhfeidhm agus dubhradh liom ná raibh éinní á dhéanamh.
quote:Ba cheart múinteóirí go bhfuil an Ghaedhilg aca do chur ag obair sna scoileanna sa Ghaeltacht. Gheobhmíd amach an mó múinteóir atá in án an Ghaedhilg a mhúine is féidir a chur chun na Gaeltachta.