Author |
Message |
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 163 Registered: 01-2006
| Posted on Saturday, January 13, 2007 - 06:43 pm: |
|
Cad a cheapann daoine mar gheall ar an leabhar? Tosaím an díospoireacht. Tá an Ghaeilge ar fheabhas an-nádúrtha and tá saibhreas iontach ann ach tá an scéal fíorbhrón agus leadránach in áiteanna... Tuairimí? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 185 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, January 13, 2007 - 07:27 pm: |
|
Bhain mise sult as na leabhair araon -- "Peig, a Scéal Féin" agus "Macnamh Seanmhná". Tá seanchóipeanna a rinneadh sna tríochaidí agam agus níl siad éasca a léamh. Níl Gaeilge an Chaighdeáin sna leabhair. |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 164 Registered: 01-2006
| Posted on Saturday, January 13, 2007 - 08:47 pm: |
|
Beidh an chòip sin an-luachmhar, tabhair aire dó!:) Cad a cheapais mar gheall ar an scéal féin... brónach suimúil agaus araile. |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 165 Registered: 01-2006
| Posted on Saturday, January 13, 2007 - 08:49 pm: |
|
Fíorbhrónach* thuas ! Gabh mo leithscéal |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2279 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, January 13, 2007 - 09:17 pm: |
|
Is fada ó léigh mé an leabhar sin. Saghas "right of passage" atá ann. Ní thaitníonn beathaisnéisí agus dírbheathaisnéisí go mór liom, de ráite na fírinne. Tá daoine ann a léann an genre sin go fonnmhar, ar an trá le linn a laethanta saoire. Tá mise sa champa eile. Mar sin, bhí "one strike" in aghaidh an leabhair sin ó thús. Ach bhí sé ceart go leor. Is cuimhin liom anois é mar phíosa staire nó píosa antraipeolaíochta. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4709 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 04:32 am: |
|
rite of passage? Níl Peig leite agam ón meanscoil, ach taithníonn macnamh seanmhná liom. Deacracht amháin leo don gnáthleitheoir ná gur labhair Peig na leabhra - daoine eile a scríobh síos iad |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 166 Registered: 01-2006
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 08:35 am: |
|
An scéal féinig áfach, An saothar mar scéal? Brónach, leadránach? Abairimís Peig agus na bó Peig isteach le stráinséirí ina haonar? Peig ina haonar ach lena mac agus gaol eile ag deireadh an leabhar? Tuairímí? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2280 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 01:25 pm: |
|
quote:rite of passage? Ní raibh mé soiléir. Ní ábhar an leabhair atá i gceist agam, ach an dualgas a bhíonn orainn é a léamh. Léann a lán againn é roimh aon leabhar "mór" eile i g canon na Gaeilge. |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 167 Registered: 01-2006
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 01:40 pm: |
|
Ceapaim go bhfuil sé ar an liosta leabhar a gcaitheann gach Gaeilgeóir a léamh- Fiche Bliain ag fás, An t-Oileánach agus araile!:) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2282 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 02:00 pm: |
|
quote:liosta leabhar a gcaitheann gach Gaeilgeóir a léamh- Fiche Bliain ag fás, An t-Oileánach Agus An Béal Bocht mar nimhíoc ( antidote) ina ndiaidh siúd! |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 168 Registered: 01-2006
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 03:12 pm: |
|
An bhfuil sé sin i nGaeilge, a Dennis? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2286 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 03:25 pm: |
|
An Béal Bocht i nGaeilge?? An bhfuil an pápa Caitliceach?!? Nó mar a deirtear sna bólaí seo, an gcacann béar sa choill? Tá aistriúchán fíor-mhaith ann, The Poor Mouth, ach scríobh Myles na gCopaleen (aka Flann O'Brien, aka Brian Ó Nualláin) i nGaeilge é. Eisean an duine a scríobh At Swim-Two-Birds agus The Third Policeman. http://en.wikipedia.org/wiki/Flann_O%27Brien |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 169 Registered: 01-2006
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 05:10 pm: |
|
Tá's agam faoi Myles na gCopaleen. 'Fuil sé go maith? Cén fáth nach léann tú beathaisnéis go minic? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4716 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 05:31 pm: |
|
Tá sé go hiontach, go hairithe má ta na dea-leabhair léite agat cheana. (Bhí An Béal Bocht ar liosta Foine den 10 Leabhair is fearr i nGaeilge) Ní dóigh liom gur beathaisnéis atá i bPeig - béaloideas atá ann, le nascanna le saol an scéalaí. Is mór idir é agus an tOileánach. |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 172 Registered: 01-2006
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 05:43 pm: |
|
Dheineas iarracht an tOileánach a léamh ceann a dhein an tOllamh Ó Coileáin ach bhí sé ródheacair agus saghas leadránach. Níl an scéal go hiontach i bPeig agus tuigim an argóint a bhí ag daltaí méanscoile nuair a bhí orthu é a dhéanamh. Tá Fiche Bliain ag Fás go maith ach éiríonn sé saghas leadránach in áiteanna chomh maith. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2291 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 07:47 pm: |
|
quote:Cén fáth nach léann tú beathaisnéis go minic? Níl a fhios agam. Beatha dhuine a thoil. Is fearr liom ficsean, sin an méid. |
|
Riona
Member Username: Riona
Post Number: 863 Registered: 01-2006
| Posted on Sunday, January 14, 2007 - 10:59 pm: |
|
I'd like to read Peag. As much as people whine over it, I suspect it is better than some of the stupid and boring books I had to read at school. Beir bua agus beannacht |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 177 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 07:20 am: |
|
Peig saghas léadranach chomh maith a Ríona, altanna agus altanna ar bó agus ainmhithe agus ar chnoic agus ar pháirceanna! |
|
Riona
Member Username: Riona
Post Number: 868 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 01:42 pm: |
|
Not so tidius as Sidhartha and "The Stranger". I like stories of common life as well as stories of adventure so I think I could survive Peig. :) Beir bua agus beannacht |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 179 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 01:44 pm: |
|
Áthas orm é sin a choisint:) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4727 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 03:31 pm: |
|
An Siddhartha le Hermann Hesse atái gceist agat, a Ríona? Thaithin an ceann sin liom. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2296 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 06:32 pm: |
|
quote:Thaithin an ceann sin liom. Agus liomsa. Léigh mé é den chéad uair nuair a bhí chomh hóg le Ríona, agus uair amháin eile in aistriúchán Spáinnise. Bhí mé ag eitilt abhaile ó Mheicsiceo agus ní raibh rud ar bith agam le léamh, so cheannaigh mé é sin, le aithne a chur air as an nua -- agus toisc go raibh an leabhar sách tanaí agus an-saor! ;-) Ba bhreá liom aistriúchán Gaeilge de a léamh. An bhfuil a leithéid ann? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 735 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 06:50 pm: |
|
PEIG... Mise i gcás idir dhá chomhairle.. Hated being forced to study it ar scoil.. Ach anois, tchím an luach a bhaineann leis.. Ach rud atá cinnte ná gur bean mhór a bhí inti! (she was a legend, not literally a big girl!) A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2299 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 06:59 pm: |
|
An (ghnáth)bhean cheart san áit cheart ag an am ceart, ar aon nós. (Message edited by dennis on January 15, 2007) |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 182 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 08:13 am: |
|
Ní aontaím go raibh ar dhaoine é a léamh. Níl sé sin fearáilte. Tá luacht ag baint leis ach níl an scéal fíorshuimiúil tá sé leadránach fada agus brónach. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4729 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 08:22 am: |
|
quote:Ba bhreá liom aistriúchán Gaeilge de a léamh. An bhfuil a leithéid ann? N'fheadar. Tá's agam go bhfuil saothar le Grass, Kästner, Böll (Dialann as Éirinn) agus Brecht aistrithe, chomh maith le roinnt filí comhaimseartha. Ach ó tharla go bhfuil sé ar mo chumas na bunleagan a léamh, tá rudaí eile níos airde ar mo liosta siopadóireachta. Anois, dá mbeadh leabharlann fiúntach ann... |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 183 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 10:11 am: |
|
Bhíomarne díreach ag caint mar gheall ar Pheig sa Choláiste inniu. Bhíos ag rá go bhfuil an scéal uafásach. Ach Dúirt duine amháin nach bhfuil an scéal tábhachtach ach an Ghaeilge agus léann tú mar chuid don bhfoghlaimeoireacht, ar scoil, nach mar leabhar i rith na laethanta saoire nó thar lear. Mar leabhar múinte. Sin rud ná thugas faoi dheara! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2305 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 11:33 am: |
|
quote:Mar leabhar múinte. Oh, thar a bheith múinte! Níl mionn mór ná drochfhocal ar bith ann. (Gabh mo leithscéal. Is deacair imeartas focal mar sin a ligean thart.) |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 184 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, January 16, 2007 - 02:22 pm: |
|
Cad is brí leis mionn mór? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2319 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 12:28 am: |
|
quote:Cad is brí leis mionn mór? eascaine |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1521 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, January 17, 2007 - 01:45 am: |
|
Léigh mise An tOileánach i bhFraincis fad ó shoin agus nuair a bhí go leor Gaeilge agam cheannaigh mé ’n leagan Gaeilge. Bhain mé sult iontach as an aistriúchán Fhraincise (agus an uair sin haistríodh ó Ghaeilg go díreach í: níl mórán Frainciseoirí a bhfuil Gaeilg acu!); bhí ’n bunleagan níos deacra agam siocair go bhfuil cuid mhór focal áitiúil ins a’ leagan Ghaeilge agus is iomaí focal nach rabh agam. 'Síleann sibh go bhfuil seanfhoilsiúcháin do leabharthaí Pheig ar fáil, ar an idirlíon mar shampla? Níl dúil agam ins na leaganachaí caighdeánaithe - cuireadh cuid don chaighdeán ar an tOileánach i nGaeilg agus cuireann sin isteach orm. Tír Chonaill abú!
|
|