mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (January-February) » Archive through January 14, 2007 » Litir san Irish Times inné « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 126
Registered: 01-2006
Posted on Thursday, January 04, 2007 - 09:22 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ar léigh éinne an Irish Times inné, bhí litir ann mar gheall ar Same-Sex marriages... hint hint:)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2165
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, January 04, 2007 - 09:35 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Níor léigh. An tusa a scríobh í?

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 127
Registered: 01-2006
Posted on Thursday, January 04, 2007 - 10:59 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Léigh é: agus féach

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2167
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, January 04, 2007 - 11:04 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Fabhb amháin: níl sé ar fáil ar líne gan síntiús.

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 128
Registered: 01-2006
Posted on Thursday, January 04, 2007 - 05:55 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Brón orm..... fan go bhfeicfidh mé

Madam-The issue of children seems to be constantly raised by those opposed to same-sex marriage. I refer you to a letter by Susan Philips which appeared on December 20th. The author is misinformed to assume that marriage necessarily leads to the production of children.Many married couples do not have children; does that therefore make these marriages somewhat lesser than those that do?
Ms Philips also claimed that children can not be founded on a same-sex union.Incorrect.There are numerous same-sex unions around the world having children and even in this country there are children with same-sex parents. Recently this paper printed an insightful article aptly stating that loving and supportive environments are best for raising children regardless of the parents' sexuality. Perhaps Ms Philips and her followers would be enlightened by reading this.

Bhuel sin sin, bhí ionadh, náire agus áthas orm nuair a chonacas é ar an bpáipéir!
Tuairimí?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 236
Registered: 12-2005
Posted on Thursday, January 04, 2007 - 06:21 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Maith thu. 'Ceart agat.

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 129
Registered: 01-2006
Posted on Thursday, January 04, 2007 - 06:30 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh maith agat!:)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Duine (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, January 04, 2007 - 06:32 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cé go bhfuil bá agam le cás phobal aerach na hÉireann, ní fheictear dom go bhfuil baint dá laghad aige seo leis an nGaeilge!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 130
Registered: 01-2006
Posted on Thursday, January 04, 2007 - 06:42 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh maith agat!:)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 39
Registered: 11-2006
Posted on Friday, January 05, 2007 - 04:56 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"ní fheictear dom go bhfuil baint dá laghad aige seo leis an nGaeilge!"

Tá an ceart go hiomlán ag mo dhuine Duine thuas níl aon bhaint dá laghad ag an ábhar seo leis an Ghaeilge!
Agus, tá's againne nach bhfuil aon rud níos tábhachtaí ná a bheith ag caint faoin Ghaeilge as Gaeilge mar fíor Gaeil cainteoir líofa Gaeilge le meon Gaelach.
Náire na nGael, fíor Gael, is Éire Fodhla is Banbha ort leis an mhasla seo a Phodserí


Litir mhaith ab ea í gan amhras. ;)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 131
Registered: 01-2006
Posted on Friday, January 05, 2007 - 08:23 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Brón orm ach bhí orm é sin a thaispeáint!:)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, January 05, 2007 - 04:13 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Maidir le..."Cé go bhfuil bá agam le cás phobal aerach na hÉireann," cheap mé féin go raibh an freagra ag díriú ar 'regardless of the parents' sexuality'.

Samhlaigh, mar shampla, seanmháthair agus máthair ag tabhairt aire do pháistí le chéile i dteach gan fear ar bith ann. Níl deacracht ag éinne leis an gcás sin, ceapaim, agus ní chuireann daoine ceisteanna ar mná mar sin céard a dhéanann siad san oíche mar bheadh sé droch bhéasach is níl sé tabhachtach. 'Sé an rud is tabhachtaí i ngach cás: 'a loving and supportive environments' mar a scríobh Podsers thuas.

Maidir le Fodhla is Banbha, ceapaim nach mbeadh náire ar bith orthu ná gá leis ☺

Meas tú an mbíonn díospóireachtaí ag déagóirí in Eirinn ar chúrsaí mar seo i nGaeilge? Nach maith an rud é go bhfuil an teanga beo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 132
Registered: 01-2006
Posted on Friday, January 05, 2007 - 06:45 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh maith agat a dhuine uasail...:)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1496
Registered: 01-2005
Posted on Saturday, January 06, 2007 - 07:02 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is minic féin is máthair mhór nó aintín nó athair ’na aonar a thógas páistí agus níl fadhb ar bith ann, tá aithn’ agam ar dhaoiní mar sin. Mar sin mar a d’úrt sibh, cad chuighe an mbeadh sé níos measa dá mba dh’iad beirt fhear nó beirt bhan a thógfadh páistí?

Na daoiní nach bhfuil sásta go mbeadh ceart aige na homaighnéasaigh páistí a thógáilt, cha smaoiteann siad ar rudaí mar sin, dar liom! Chan leor a mheabhras siad ar a’ cheist sin! :-)

Tír Chonaill abú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4614
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, January 06, 2007 - 07:19 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An cheist atá ann ná céard is pósadh ann, cad chuige é, agus cad iad na coinníolacha atá le comhlíonadh de ghnáth chun gur pósadh bhailí atá ann.

Ní mian liom achrann a thosnú, ach, dar liom, tá a bheith oscailte do pháistí a síolróidh ón bpósadh mar reamhchoinníol do phósadh bhailí.

Níl sé de cheart ag aoinne páiste a bheith acu, ach tá de dhualgas ar aoinne a chuireann páiste ar an saol a dhícheall a dhéanamh aire cuí a thabhairt don leanbh sin.

Tá sé de cheart ag páiste go mbeadh a thuistí de réir nadúr ag tabhairt aire dó.

Bíonn amanta ann nach dtig san a dhéanamh, ach is eisceachtaí iad sin, ní an ghnáth rud.

Is ceart don dlí gan na heisceachtaí a chosc gan chúis trom, ach is ceart don dlí freisin an gnath rud a neartú agus a chothú.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 134
Registered: 01-2006
Posted on Saturday, January 06, 2007 - 09:16 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhuel, céard is pósadh gan an mhíniú ón Eaglais Caitliceach, pósadh tosaíonn pósadh ar dtús le grá, 'Sé an t-aon rud is tábhachtaí nach é?

Aontaím leat, maidir leis na páistí ach i gcásanna éagsúla, nílim ag caint mar gheall ar same-sex parents, tá go leor ammna nuair a nach bhfuil bheirt thuismitheoir ann nó aon thuismitheoir ann chun aire a thahairt don leanbh ach ar aon nós maireann na páistí agus bíonn saol breá iontach acu.

"Níl sé de cheart ag aoinne páiste a bheith acu" Cad a chiallaíonn tú leis an ráiteas sin? Anuas ar same-sex couples, níl sé ceart do leanúiní nach bhfuil ann páistí a fháil.

"Tá sé de cheart ag páiste go mbeadh a thuistí de réir nadúr ag tabhairt aire dó."
Bhuel Sea agus tabharfaidh aon thuismitheoirí an oideachas ceart do na leanaí, daoine homoghnéasacha san áireamh.

Do phointí, saghas fíor seanfhaiseanta agus róbhunúsach

(Message edited by podsers on January 06, 2007)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 135
Registered: 01-2006
Posted on Saturday, January 06, 2007 - 09:30 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aonghus, is duine tábhachtach domsa le haghaigh na Gaelinne:)

Chomh maith leis sin, smaonas ar do phointí agus dheineas 'search' agus sin na rudaí a bhfuaireas amach.

Shouldn't children benefit from having a mother and a father?

The mark of a strong family is having parents who are nurturing, caring, and loving - characteristics completely unrelated to whether the parent is lesbian, gay, or non-gay. In fact, there are countless studies demonstrating that children raised by lesbian and gay parents grow up to be just as healthy and well-adjusted as children reared by non-gay parents. Parents should be judged by their ability to be good parents, not by their sexual orientation. And all children have both male and female adult role models involved in their lives as they grow up.

2. Are the children of lesbian and gay parents more likely to become gay themselves?

No. It is a well established fact that children raised by lesbians and gay men are no more likely to become gay than if they were raised by non-gay parents. This is a fact supported by every psychological and sociological study to have examined the issue. But given the many hardships faced by lesbian and gay youths, the real focus should not be on whether lesbian and gay parents encourage their children to be gay themselves, but whether lesbian and gay youth are being supported by their parents and society.

The debate over Gay marriage often hinges on the welfare of children. A recent study has found that teenagers of same-sex female parents are developing as well as the children of opposite-sex parents. The study found that good quality family relationships are more important contributors to successful development than family type. Adolescents raised by same-sex couples have similar dating and romantic relationship behaviors as children of opposite-sex couples.

http://mentalhealth.about.com/od/gaylesbian/a/samesex1104.htm

Do thuairimí?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2187
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, January 06, 2007 - 12:17 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Do thuairimí?

B'fhearr liom gan an plé seo a dhéanamh i mBéarla, sin an méid. Tá sé ceart go leor i nGaeilge, ach i mBéarla níl sé oiriúnach don chlár plé seo. Nó, má tá sé oiriúnach, bheadh díospóireacht i mBéarla faoi ... ummm ... faoi bhású Shaddam Hussein a cheart chomh oiriúnach.

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2189
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, January 06, 2007 - 01:06 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Tá sé de cheart ag páiste go mbeadh a thuistí de réir nadúr ag tabhairt aire dó.

Seo scéal fíor daoibh. Rilke is ainm dó. Tá sé ceithre bliana d'aois. Tá sé ina chónaí anseo in Seattle. Tá ceathrar tuismitheoirí aige: Steve (a athair nádúrtha) agus Jim, agus Ann (a mháthair nádúrtha) agus Jane. Tá na tuismitheoirí seo uilig aerach. Ní raibh Steve agus Ann pósta riamh. Ach bhí páiste uatha. So, rinne siad conradh, an-chosúil le divorce settlement, ag socrú terms and conditions, is é sin cúrsaí airgid, an méid ama a bheadh acu leis an bpáiste, etc. etc. Tháinig Rilke ar an saol ina dhiaidh sin. Is sona an buachaill é, a bhfuil ceathrar daoine fásta (dochtúirí beirt acu) aige le haire a thabhairt dó.

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4616
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, January 06, 2007 - 01:45 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

podsers,

níl fonn orm an cheist seo a phlé i mbéarla. chuir mé mo thuairimí anseo chun an taobh eile den scéal a leiriú, agus sin a bhfuil le rá agam.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4618
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, January 06, 2007 - 01:56 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

podsers,

is léir nach dtuigeann tú an difríocht idir "ceart" agus "de cheart".

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 242
Registered: 12-2005
Posted on Saturday, January 06, 2007 - 02:20 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is léir go bhfuil tuairimí láidre ag daoine ar an gceist seo agus seans mhaith nach féidir fáil réidh leis na difríochtaí idir na tuairimí sin anseo. B'fhéidir go mba cóir dúinn díriú ar an 'loving and supporting environment' anseo freisin. Mar ceapaim go naontaímid go léir ar an gceist go mba cóir go mbeadh baile slán le grá ann do pháistí.

Podsers, a chara,
Thaitin do litir go mór liom. Go raibh míle maith agat. Caithfidh mé a rá, cé go bhfaca mé sliochtanna i bhfad níos faide ná an ceann seo i mBéarla anseo, gur fearr liom an cheist a phlé i nGaeilge. Mar sin, b'fhéidir gur féidir linn an naisc a úsáid gan na focail go léir a scríobh amach i nBéarla?

Ba mhaith liom go mór 'bheith ag caint faoi céard atá ag tarlú i dtíortha eile, agus bás mo dhuine a luaigh Dennis thuas, ach b'fhearr liom é sin a dhéanamh i nGaeilge freisin. Tá go leor blogs amuigh ansin agus is féidir liom na ceisteanna seo a phlé orthu i mBéarla aon uair.

Ach nach iontach an rud é an teanga a úsáid mar mhéan cumarsáide ag plé ceisteanna móra an tsaoil!

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4621
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, January 06, 2007 - 02:22 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Maidir le mo dhuine, dearcadh amhain blagáilte i nGaeilge anseo

http://caomhach.blogspot.com/2007/01/teachtaireacht-do-na-harabaigh-san.html

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 243
Registered: 12-2005
Posted on Saturday, January 06, 2007 - 02:52 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní chreidim é. An bhfuil an Séamus sin i ndáiríre, nó an bhfuil sé cosúil le O'Reilly, Fox et al ☺ ag iarraidh ratings a fháil leis an méid séafóid atá sé a rá,nó an bhfuil sé i ndáiríre? Scanrúil. Go raibh maith agat, a Aonghuis, ach tá fundamentalists i ngach áit agus ní dóigh liom gur féidir leat aigne an duine sin a athrú. Aontaím leat ar an gceist seo.

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 136
Registered: 01-2006
Posted on Saturday, January 06, 2007 - 07:01 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní thuigim Aongshus, an-bhrón orm, cad é sin?;)
Nílim ach im dhalta na Gaeilge:)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2198
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, January 06, 2007 - 08:18 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

An bhfuil an Séamus sin i ndáiríre...?

Is féidir leat dul i dteagmháil le Séamas ar an gclár plé seo, thíos sa "Ghaeltacht". Tá an teachtaireacht is déanaí uaidh le feiceáil sa snáithe "Ciorcal Cainte i gCorcaigh". Is annamh a thagann sé aníos go dtí an BhreacGhaeltacht mar a bhfuilimid anois.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4622
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, January 07, 2007 - 08:57 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

ceart [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh]
cóir (ceart agus éigeart); teideal (ceart vótála); cothrom (tá seasamh a chirt ann); cion (fuair sé a cheart); fírinne, rud fíor nó cruinn (tá an ceart agat).

Níl aoinne i dteideal páiste a bheith acu. Sin sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 137
Registered: 01-2006
Posted on Sunday, January 07, 2007 - 11:34 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cad a chiallaíonn sé sin as Béarla (brón orm arís!!)
Not everyone is entitled to have children?
'Fuil cheart agam?

I wish mo chuid Gaelinne was chomh iontach agus do Ghaeilge

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Murph209
Member
Username: Murph209

Post Number: 1
Registered: 01-2007
Posted on Sunday, January 07, 2007 - 12:10 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Hello,

I have been searching for a couple translations for a paper I am writing, if anyone could help me it would be apreciated. Here are the two phrases:

- Don't (Do not) judge me.

- Only God can judge me.

then I was also wondering if the numbers are writen the same as english. I have to use the date 11.1.06. Thank you very much

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 138
Registered: 01-2006
Posted on Sunday, January 07, 2007 - 12:16 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá sé sin go bréa.... Níl fhios agam, má dhéanaim aistriúcháín, bheinn cinnte go mbeadh béarlachas i gceist ann!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4624
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, January 07, 2007 - 01:04 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Nobody has a right to children.




Murph209

Ná tabhair breithiúnas orm
Ní féidir ach le Dia breithiúnas a thabhairt orm

Dates are the same, but usually day/month/year

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 247
Registered: 12-2005
Posted on Sunday, January 07, 2007 - 01:23 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá tú ag déanamh jab maith leis an nGaeilge, a Phodsers, bail ó Dhia ort.

Meas tú an bhfuil difríocht idir 'No one has a right to children' agus 'No one has a right to have children'? Ach caithfidh mé a rá go bhfuil mé beagáiní caillte anseo freisin.

A Aonghuis, nuair a deireann tú 'Nobody has a right to children' 'bhfuil tú ag rá go bhfuil sé cosúil le bronntanas álainn ó Dhia?

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 139
Registered: 01-2006
Posted on Sunday, January 07, 2007 - 01:28 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Nobody has a right to children, Nílim bheith cliste leat ach cad tá tú ag rá?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4625
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, January 07, 2007 - 01:28 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

tá mé ag rá nach bhfuil sé de cheart ag aoinne leanbh a bheith acu, agus nach bhfuil seilbh ag aoinne ar a pháistí.

baineann Dia leis an scéal domhsa, ach is dóigh liom go bhfuil an méid a scríobh mé thuas fíor fiú muna mbeadh dia ar bith ann.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 140
Registered: 01-2006
Posted on Sunday, January 07, 2007 - 01:54 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

As Fiosracht go hiomlán, id thuairim 'fuil homaighnéasacht mí-cheart/déistineach?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 248
Registered: 12-2005
Posted on Sunday, January 07, 2007 - 02:13 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní maith liom an focal 'dualgas.' Is rud pearsanta é. Chonaic mé go leor daoine a chomhlíon a ndualgaisí ina saolta agus a d'fhulaing mar gheall air. Níor mhaith liom fear a phósadh mar ceapann seisean gur gá leis mé a phósadh (dualgas). Tá sampla maith de chás mar seo sa scannán iontach 'Maria Full of Grace'.

Bhí go leor, leor cásanna in Eirinn nuair a bhí mé ann, de pháistí ag teacht ar an saol trí thimpiste nó trí éigniú (tá súil agam go bhfuil an focal ceart agam ansin). Bhí go leor tithe gan ghrá ar bith iontu agus go leor frustrachas agus bíonn éifeacht uafásach aige sin ar shaol gach duine sa teach.

Is cuimhin liom bean amháin a bhí i gcónaí ag tabhairt amach faoi gach rud ar ár sráid. Nuair a fuair a fear céile bás, cheannaíomar bláthanna di, cé nár thaitin sí linn. Nuair a d'oscail sí an doras, bhí sí i deahumour don chéad uair. Tharla sé go raibh an fear céile ag bualadh í féin agus na páistí le blianta fada anuas agus d'fhan sí leis na blianta sin mar cheap sí go raibh uirthi é sin a dhéanamh (dualgas arís).

B'fhearr liom liom an frása 'Every child should be a wanted child.' Mar a fheicimse é, tá grá i bhfad níos tabhachtaí ná dualgas.

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 249
Registered: 12-2005
Posted on Sunday, January 07, 2007 - 02:17 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Phodsers,
tá grá iontach.
Mar sin, mar fheagra ar do cheist.
'As Fiosracht go hiomlán, id thuairim 'fuil homaighnéasacht mí-cheart/déistineach?'
i mo tuairimse, níl,

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 250
Registered: 12-2005
Posted on Sunday, January 07, 2007 - 02:24 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Scannán maith eile: Take My Eyes
Tá baint aige le dualgas

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 141
Registered: 01-2006
Posted on Sunday, January 07, 2007 - 02:59 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

tú féin a Aonghus? cad a cheapann túsa?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4627
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, January 07, 2007 - 03:27 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ceapaim go bhfuil gníomhartha homaighnéasacha mícheart, gan a bheith déistineach.

Is léir go bhfuil tuiscint eagsumhal againn ar dualgas, a Chaitríona. Ní dóigh liom gur féidir le duine dualgas a bheith orthu rud mícheart a dhéanamh, nó dul in agaidh a leas féin.

Aontaíom go bhfuil grá thar a bheith tabhachtach.

An rud a bhí mé ag iarraidh cuir in iúl go bhfuil dualgas ag dul le gach ceart. Agus nach féidir le duine amháin "cearta" a bheith acu ar dhuine eile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4630
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, January 07, 2007 - 03:36 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Léigh an méid a scríobh mé agus ná bí ag cuir focail i mo léith nár dúirt mé.

Muna bhfuil tú sásta éisteacht le tuairimí macanta, bíodh agat.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 251
Registered: 12-2005
Posted on Sunday, January 07, 2007 - 04:00 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Gabh mo leithscéal, a Aonghuis ach an bhfuil tú ag caint liomsa anseo?

Thóg mé an focal 'dualgas' ón abairt "Níl sé de cheart ag aoinne páiste a bheith acu, ach tá de dhualgas ar aoinne a chuireann páiste ar an saol a dhícheall a dhéanamh aire cuí a thabhairt don leanbh sin."

Tá sé fíorthábhachtach dom bheith macánta le daoine agus tá súil agam go raibh mé macánta leat agus léigh mé gach rud a scríobh tú.


Gabh mo leithscéal freisin anseo, a Aonghuis, ach úsáideann tú ordaithe ó am go ham agus b'fhéidir go bhfuil míthuiscint agam leis an tón ach nuair a scríobh tú 'Cláraigh tú féin' ar thread eile bhí mé an-churtha amach faoi.

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 252
Registered: 12-2005
Posted on Sunday, January 07, 2007 - 04:09 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Hmmm B'fhéidir nach raibh tú ag caint liomsa an uair sin. Tá mise ag fágáil an díospóireacht seo anois. Go raibh maith agaibh do gach duine ann agus tá súil againn go leanfaidh an 'loving and supporting environment' anseo freisin. Slán a chairde.

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 144
Registered: 01-2006
Posted on Sunday, January 07, 2007 - 04:13 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

'Tú ceart go leor a Chaitríona!:)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 706
Registered: 06-2005


Posted on Sunday, January 07, 2007 - 06:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Jayz, this site has really become gay central recently! I love that! And there was me thinking i was the only gay in this cyber village, next minute every second person here is on my side of the fence!

Ach aontaím le Dennis. Ceart go leor is maith an rud é cúrsaí eile a phlé seachas an ghaeilge an t-am ar fad ach ba chóir go mbeadh siad tríd an dá theanga nó i nGaeilge amháin..

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 145
Registered: 01-2006
Posted on Sunday, January 07, 2007 - 06:59 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post



(Message edited by podsers on January 07, 2007)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 146
Registered: 01-2006
Posted on Sunday, January 07, 2007 - 07:02 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

'Sé mo ríomhphost a Dhomhnaill:
Cad a cheapann tú faoi na rudaí a dúirt Aonghus áfach.
Tá's agam fgo gcaithfidh mé mo ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge:) Brón orm arís

Níl homaighéasacht mícheart nó déistineach. Caithfidh daoine a shúile a oscailt agus gan aire a thabhairt ar ghach rud a dheireann an Eaglais Chaitliceach.
Tá saghas brón orm mar gheall ar an méid a scríobh sé ach ar aon nós.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mícheál
Member
Username: Mícheál

Post Number: 118
Registered: 11-2004


Posted on Sunday, January 07, 2007 - 07:12 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Domhnaill,

"me thinking i was the only gay in this cyber village" must be a reference to a sketch in "Little Britain" which is very popular here in BBC America land. If your reference is to this show, is the show popular in Ireland?

Maidhc
Bím ag foghlaim
Fáilte Roimh Cheartú


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 147
Registered: 01-2006
Posted on Sunday, January 07, 2007 - 07:23 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Very popular, yeah Táim i ngrá leis, tá sé chomh greannmhar.... Yeah But No But Yeah But No But... Na carachtairí is maith liom iad go léir.... go háirithe Margery Dawes FAT FIGHTERS, Bubble DeVere, Hello Darling!:)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4631
Registered: 08-2004


Posted on Monday, January 08, 2007 - 05:25 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Chaitríona,

bhí meascán toisc go raibh mise ag cuir teachtaireachtaí ag an am céanna le Podsers, agus ag labhairt leis an mbeirt agaibh.

Ach is dó a bhí mé ag tagairt nuair a scríobh mé

"Léigh an méid a scríobh mé agus ná bí ag cuir focail i mo léith nár dúirt mé."

Scríobh sé go ndúirt mé go raibh sé mícheart agus deistinneach. Ní dhearna.

Tá meas agam air mar dhuine.

Deanánn cách gníomhartha atá mícheart, ar chúiseanna eagsumhla. Ní laghdaíonn sin mo mheas orthu mar dhaoine.

A Phodser, dá mbeadh páiste agam a bhí homaighnéasach - ceist deacair freagra ionraic a thabhairt air. Bheadh díoma orm. Ba mhaith liom a tacaíocht a thabhairt dóibh an saol is fearr is féidir a chaitheamh.

Feictear dom go bhfuil tusa, a Phodser, ag iarraidh ormsa mo thuairimí macánta a cheilt, a bheith fimíneach, toisc nach n-aontaíonn tusa le mo thuairimí. Tharraing tusa an cheist anuas.

Táimse chun an cheist a fhágaint anseo freisin, mar feictear dom nach bhfuil Podser sásta dul i ngleic le mo argóintí mar argóintí.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4635
Registered: 08-2004


Posted on Monday, January 08, 2007 - 08:31 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dearmad déanta.

Tuigim na deacreachtaí, ach seasaim le mo chreideamh, agus mo cheart é chuir in iúl.

Níl sé i gceist agam, ná ní mian liom, duine ar bith a mhaslú.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 149
Registered: 01-2006
Posted on Monday, January 08, 2007 - 12:33 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tuigimse é sin agus sin do cheartsa go deimhin.
Is duine mise chomh maith agus tá ceart agam chomh maith mo chuid smaointí a labhairt agus tá súil agam go dtuigeann tú é sin féinig...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4638
Registered: 08-2004


Posted on Monday, January 08, 2007 - 03:16 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tuigeann.

Seasaim le ráiteas Rosa Luxemburg

Saoirse an dream nach bhfuil ar aon intinn leat an saoirse i gconaí!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 717
Registered: 06-2005


Posted on Monday, January 08, 2007 - 04:00 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

> I'm editing this as to keep things friendly.

Opinions here should only be related to Irish so lets just end this unrelated chat here.

Podser seolfaidh mé rphost chugat anois!

(Message edited by domhnall on January 08, 2007)

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 718
Registered: 06-2005


Posted on Monday, January 08, 2007 - 04:04 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is ea Maidhc Little Britain!

Breá liom é..

I'm thinking of getting a t-shirt made

~ I'm the only Gaeilgeoir in the village ~

Cad a cheapann sibh?

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2217
Registered: 02-2005


Posted on Monday, January 08, 2007 - 04:06 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Opinions here should only be related to Irish so lets just end this unrelated chat here.

An tusa a scríobh é sin, a Dhomhnaill? Ach scríobh tú thuas:
quote:

is maith an rud é cúrsaí eile a phlé seachas an ghaeilge an t-am ar fad ach ba chóir go mbeadh siad tríd an dá theanga nó i nGaeilge amháin..


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 150
Registered: 01-2006
Posted on Monday, January 08, 2007 - 04:10 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is díospóireacht é agus go i gcoitinne trí Ghaelinn. Is cairde muid go léir arís agus sin an méid.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 719
Registered: 06-2005


Posted on Monday, January 08, 2007 - 04:23 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Podser rphost seolta!

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Kieran (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, January 08, 2007 - 11:49 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

This discussion would be one-sided without a traditional view. Of course people living together, eg two sisters or two homosexual men, should have certain legal rights. It would be nice if in all such situations pensions and housing rights etc were protected in the event of the death of one: and this argument was frequently used in the UK to advance the new law there. And yet, when the law was promulgated - yep, you got it - two old spinsters living together would not be able to get the same protection. So I think anyone living long-term with anyone should get protection. But marriage is the union of one man and one woman. It cannot be the same with two men, because no matter how long they live together they cannot become "one flesh". They will only ever be friends living together with sexual fumblings included. They will never be related to each other. So such partnerships should not be called "marriage". And the most important thing is that such people recognize that their life choices preclude having children. Insisting that society reorganize itself so that they can have their life choice AND adopt other people's kids is just plain wrong. And this statement of values reflects the values Ireland has had ever since St Patrick brought Christianity to its shores. We don't need to persecute people who feel they are different and have to conduct themselves in an alternative lifestyle: but all children should ideally be brought up by their mum and dad, and social policy should be geared to that end.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 265
Registered: 12-2005
Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 12:40 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ar ais arís

Kieran,
I'm just back to encourage you to reply to this one with a word or two of Gaeilge, even just "Dia duit" or "Sé mo thuairim..." "It's my opinion..."
So, to get you going, deireann tú "all children should ideally be brought up by their mum and dad" Cén fath? (Why?) Cén ideal? Féach anseo
http://endabuse.org/resources/facts/
agus feicfidh tú go mbíonn foréigean (violence) idir mum agus dad agus níl sé go maith do na páistí.

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4648
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 05:28 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bíonn. Ach fós is eisceacht é sin.
(Is trua nach bhfuil briseadh síos san lch thuas idir "husbands" agus "boyfriends")

Is é an rud is fearr, de ghnáth, ná go mbeadh tuistí nadúrtha (i. de réir na bitheolaíochta), grámhara ag tabhairt aire dá bpaistí.

Is ceart don dlí/Stát é seo a spreagadh, ach ag an am céanna na drocheisceachtaí a chosc nó a mhaolú, agus an dea eisceachtaí a chosaint.

Táim scun scan i gcoinne aon dlí dhéannann earra de pháiste - máthair ionaid, toirchiú in vitro, agus mar sin de.

Agus is coirpeach aon fhear a bhualann nó a éigníonn a bhean, agus is ceart caitheamh mar sin leis.

Tuigim go bhfuil sé deacair an scéal a chruthú go minic, ach is ceart an dlí a bheith soléir, chun a léiriú nach bhfuil an sochaí sásta glacadh le hiompar dá léithéid.

Ba cheart an pionóis céanna agus atá ag dul le dúnmharú a bheith ag dul le héigniú, dar liom. Tá sé ar a laghad chomh tromchúiseach céanna.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 723
Registered: 06-2005


Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 07:17 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Seriously take this to boards.ie

GAY RIGHTS IS NOT FOR HERE

I seriously suggest that if you all can't keep your posts relevant as is asked of you by DALTAI that Admin close the thread as it is not relevant to An Ghaeilge.

We all have our opinions, they aren't needed here and it's not who has the last word here is who is right.

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 151
Registered: 01-2006
Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 08:13 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní aontaim leatsa in aon chor Keiran, feic ar tíre eile ar fud ar domhan.Canada, Belgium, Netherland and Spáinn.
Tá sé ag tarlú pósadh agus páistí le homaighnéasaigh.
Chun a rá go bhfuil pósadh idir bean agus fear bhuel 'sé do thuairim agus tuairim an Eaglais Chaitliceach. Ní deireann éinne go bhfuil sé i gceart is tuairimí é.
Ní lifestyle é homaighnéasacht. Sin mícheart ar fad. Is gnéasacht é agus ba choir leat é a ghlacadh. Ní dóigh liom go bhfuil daoine in a phiocadh idir hetrosexuality and homosexuality. Ní oibríonn sé leis sin. Dúisigh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4650
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 08:23 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dála an scéil, ní hiad na mná amháin a fhulaingaíonn cos ar bolg collaíochta

http://www.amen.ie/

http://www.amen.ie/Papers/15270.htm

(Message edited by aonghus on January 09, 2007)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mícheál
Member
Username: Mícheál

Post Number: 121
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 09:04 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cinnte, a Dhomhnaill, faoi Little Britain! B'fhéidir tá t-léine ag www.madmorrigan.com nó siopa eile.

Maidhc
Bím ag foghlaim
Fáilte Roimh Cheartú


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 152
Registered: 01-2006
Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 10:41 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An dóigh le daoine go bhfuil homaighnéasacht ina lifestyle?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4653
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 11:43 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cad is brí le do cheist, a Phodser?

An dóigh le daoine gur rud é homaighnéasacht a roghnaíonn daoine, mar a roghnódh siad ceol airithe?

Ní dóigh liomsa é, pé scéal é.

Ach ní dóigh liom ach oiread gur cinnúint atá ann nach féidir ach bheith i do bhall gníomhach den sochaí "gníomhach" aerach, leis na comharthaí sórt a luaitear leis an sochaí sin.

Ní mian liom tú a mhaslú, agus is dóigh liom go bhfuil an comhrá seo ag dul i dtreo contúirteach arís. Más mian leat tuilleadh plé a dhéanamh, tá fáilte romhat r-phost a chuir chugham.

Tá sé ró éasca mí thuiscint a bhaint as rud atá scríofa anseo, (mar a chonaic muid cheana). Agus ó tharla gur áit poiblí é seo, tá gach seans ann go bhfuil daoine nach bhfuil ag glacadh páirt sa phlé seo a ngoileann sé orthu.

Níor mhaith liom aoinne atá ag iarraidh gaeilge a fhoghlaim a ruaigeadh ón clár plé seo de bharr plé ar abhár atá imeallach do chuspóir an chláir seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 153
Registered: 01-2006
Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 04:40 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ba mhaith liom níos mó a phlé leatsa a Aonghus.
Ní rogha i gceist agus tá áthas orm go n-aontaíonn túsa liom.

Ní thuigim an méid sin a scríobh tú:
Ach ní dóigh liom ach oiread gur cinnúint atá ann nach féidir ach bheith i do bhall gníomhach den sochaí "gníomhach" aerach, leis na comharthaí sórt a luaitear leis an sochaí sin.



Cad é sin?

Agus ó tharla gur áit poiblí é seo, tá gach seans ann go bhfuil daoine nach bhfuil ag glacadh páirt sa phlé seo a ngoileann sé orthu.

Caithlicheach thú? Nach é?

(Message edited by podsers on January 09, 2007)

(Message edited by admin on February 04, 2007)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 729
Registered: 06-2005


Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 07:26 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Mhaidhc,

GRMA as ucht an nasc! Níor tháinig mé ar an gceann sin cheana féin. Ar cheannaigh tú aon rud ann riamh?

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mícheál
Member
Username: Mícheál

Post Number: 123
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 08:03 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá a fhios agam. Sílim gur (go?) níor cheannaigh mé ach tá a gcárta agam. Fuair mé é ag feis i Sasana Nua. (I do not know. I think that I did not buy but I have their card.) I got it at a festival in New England.)

Maidhc
Bím ag foghlaim
Fáilte Roimh Cheartú


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2235
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 09:29 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Sílim gur (go?) níor cheannaigh mé ...

Ós rud é gur chuir tú comhartha ceiste san abairt, a Míchíl, seo mar a deirtear é: Sílim nár cheannaigh mé ... Tá áthas orm go bhfuil tú anseo inár measc!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2237
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 10:02 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

sochaí "gníomhach" aerach

Ceisteanna agat, a Phodsers? Tá na freagraí uilig ar fáil ar UTube sa ghearrscannán "Nish Nish", a bhuí le Bruno, aka Ali G, aka Sacha Baron Cohen. Tá sé an-ghreannmhar... nó "scléipeach" mar a dúirt Domhnall. An féidir gurb ionann "fabulous" agus "scléipeach" freisin?? Mura bhfuil sé feicthe agat, déan cuardach leis na focail "nish nish" agus "bruno" agus beidh sé agat.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4654
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 05:30 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Podser,

ní mian liom an méid a scríobh mé a scríobh arís as Béarla - táim ró fhalsa!

Is Caitliceach Rómhánach mé, agus seasaim le teagasc m'eaglaise, ar an gceist seo agus ar cheisteanna eile.

Is mian liom an teagasc sin a mhiniú - ach ní dóigh liom go bhfuil ar do chumas leanacht leis an bplé as gaeilge, agus tá áiteanna eile chun é phlé as Béarla.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4658
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 05:45 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4664
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 09:05 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 155
Registered: 01-2006
Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 09:40 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is féidir leatsa ríomhphost a seoladh domsa Aonghus agus dearfaidh mé leat go bhfuil an-bhrón orm ar fad leis an méid a dúirt tú, Tá sé ar intinn agam an board seo a fágadh go hiomlán.
'Maith agat
P.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2238
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 11:37 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Tá sé ar intinn agam an board seo a fágadh go hiomlán.

Ná fág!!! Níl chuile dhuine anseo ar aon intinn leis an Vatacáin. Nár ardaigh Bruno do mheanma?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 270
Registered: 12-2005
Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 12:36 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Phodsers, a chara,
Bheadh an-bhrón ormsa freisin dá bhfágfá Daltaí. Tá tú cliste, mar is féidir linn a fheiceáil ón litir sa Times. Freisin, is breá liom bheith ag caint faoi na rudaí seo. Tá sé i bhfad níos spéisiúla domsa ná 'glottal stops' agus difríochtaí idir canúintí. Is fearr bheith ag caint ná gan a bheith ag caint, nó go mbeadh daoine ag caint fúinn fhéin ná gan a bheith ag caint fúinn mar a dúirt Wilde (a lot more eloquently). Nuair a théann rudaí faoi cheilt, téann siad in olcas.
Tá cairde agat anseo, a Phodsers. Ná himigh uainn led' thoil. I would be heart-broken if you left. Léigh mé rudaí a chuir isteach go mór orm anseo agus deirim an méid atá le rá agam faoi agus ansin téim ar ais ag caint faoi cúrsaí eile.
Scríobh ar ais led' thoil,

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4667
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 02:34 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

tacaím leis an méid a dúirt Caitríona agus Dennis. Ní mian liomsa duine ar bith a chuir ó dhoras.

Ní mian liom ach an oiread aoinne a mhaslú.

Ní gá dúinn ar bheith de shíor ar aon fhocal faoi gach rud anseo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mícheál
Member
Username: Mícheál

Post Number: 124
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 09:59 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Dhennis,

"Tá áthas orm go bhfuil tú anseo inár measc!" arsa Dennis.

An seo ceart as Béarla?: I am glad (happy) that you are here in our mix!

Go raibh míle maith agat! Mise freisin faoi tú féin!

Maidhc
Bím ag foghlaim
Fáilte Roimh Cheartú


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2244
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, January 11, 2007 - 12:25 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

go bhfuil tú anseo inár measc!
that you are here in our mix!

"here among us" a déarfainn i mBéarla.

i measc = among (lit. something like "in midst") + genitve or possessive pronoun

i measc na bhfear = among the men (in midst of the men)

ina measc = among them (in their midst)



©Daltaí na Gaeilge