Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 01, 2007 - 12:19 am: |
|
Tá mé beagáinín brónach anocht a chairde, ó chuala mé go bhfuil Annie Walsh imithe ar shlí na fírinne, go ndéana Dia grásta uirthi. Bhí Annie ina príomhoide bunscoile sula ndeachaidh sí isteach go teach na seandaoine i Muileann gCearr. Lean sí ar aghaidh ag múineadh Gaeilge do na haltraí ansin (an chuid is mó acu ó na Phillipines) agus caithfidh mé a rá go ndearna sí job maith orthu. Is minic a chuala mé iad ag iarraidh uirthi, "An bhfuil ocras ort , Annie?" agus ag rá "Go raibh maith agat" agus " Ná habair é" agus araile. Bhí saol fada ag Annie. Tá súil agam go leanfaidh daoine eile ar aghaidh leis an nGaeilge ansin ina diaidh. Ar aon nós, agus mé ag ól braoinín anocht, beidh mé ag smaoineamh ort, a Annie. Tá réalt nua sa spéir anocht, a chara. Slán, a Annie. Ní bheidh do leithéad ann arís agus tá mé brónach faoi. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4559 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 01, 2007 - 04:22 pm: |
|
Leaba i measc naomh na nGael go raibh aici. (Caitríona atá ann, nach ea?) |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 682 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, January 01, 2007 - 08:02 pm: |
|
Go ndéana Dia trócaire ar a hanam. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 01, 2007 - 09:11 pm: |
|
Go raibh maith agaibh, a chairde. Leanann an saol ar aghaidh ach tá sé deacair slán a rá. Táim buíoch don seans rud beag a scríobh faoi Annie. Bhí guth álainn aici go dtí an deireadh. Is mise atá ann, a Aonghuis, ach beagáinín caillte arís ó nach raibh mé anseo le fada is tá m'ainm imithe. Cabhraíonn an cairdeas a fhaighim anseo go mór liom. |
|
|