http://www.ucc.ie/celt/online/G100054/text029.html quote:Da réir sin, ré linn bheith ag múnadh do na draoithibh san bh-Fraingc, is cosmhail gur thógbhadar aos óg na Fraingce, ó bheith i gcaidreamh na ndruadh, suim éigin d'fhoclaibh na Gaedhilge is go bhfuilid ar aithidhe i measc na Fraingcise ó shoin i le;
quote:Adhbhar oile fós as nar bh'iongnadh focail Ghaedhilge do bheith i measc na Fraingcise, ar mhéid an chaidrimh do bhí ag Éireannchaibh ré Frangcaibh, óir adeir an Leabhar Gabhála gur bh' inghean do rígh Frangc fá bean d' Ughaine Mhór fá hairdrí ar Éirinn, agus do chuaidh an t-Ughaine-se do ghabháil neirt na Fraingce.
quote:Do réir a ndubhramar, ní hiongnadh airleagadh focal do bheith ón Ghaedhilg san bhFraingcis, is ón bhFraingcis i n-Gaedhilg. Gidheadh ní hiontuigthe as sin go héigeantach gurab ón bh-Fraingc do thrialladar fine Ghaedhil i n-Éirinn.
quote:Adeirid cuid do na nuaGhallaibh-se ag scríobhadh ar Éirinn gurab ón Bhreatain Mhóir tángadar mic Mhíleadh ar dtús; agus is é fáth fá saoilid sin, do bhrígh go bhfuilid iomad focal ionann i n-Gaedhilg is i m-Breathnais.