Author |
Message |
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1318 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 10:28 am: |
|
An chéad rud ar mhaith liom a phlé ná socrú sóchán. Sílim gur seo a leanas a "deirtear" (ha!) sa gcaighdeán: ar an mbord, leis an mbuachaill, as an mbosca den bhord, don bhosca, sa bhuachaill ar an tsráid, don tsráid ar an siúcra, den siúcra Cén chanúint ina ndeirtear iad mar a leanas? ar an bhord, leis an bhuachaill, as an bhosca den mbord, don mbosca, sa mbuachaill ar an sráid, don sráid ar an síucra, den siúcra I nGaeilge Uladh, ceapaim go gcuireann siad séimhiú i ndiaidh "ar an", agus urú i ndiaidh "den don sa", ach go gcuireann siad an "t" roimh "s" go fóill. Bhfuil sin fíor? --- Sa gcaighdéan, ceapaim go ndeirtear: ar chóta gorm , ach ceapaim gur chuala mé, i gcanúint áirithe, go ndeir siad: ar chóta ghorm Cén chanúint í sin? Agus cén chanúint ina gcuireann siad uruithe ar na haidiactaí, m.sh.: Díoltas na bhFear mBeag ? An ndéanann siad an rud céanna dos na focail a leanas mar a rinne siad don chéad fhocal? --- Is i nGaeilge na Mumhan a bhfuil foirmeacha speisialta den aimsir chaite; cé na foirmeacha? Bhfuil siad seo a leanas ceart: Dhún mé = Dhúnas, Dhún tú = Dhúnais, Dhún muid = Dhúnamar, Dhún sibh = Dhúneabhar (?), Dhún siad = Dhúnadar Cheannaigh mé = Cheannaíos, Cheannaigh tú = ?, Cheannaigh muid = Cheannaíomar, Cheannaigh sibh = Cheannaíobhar?, Cheannaigh siad = Cheannaíodar Rud éigin a thugas faoi deara ná gurb ionann "dhún mé = dhúnas" leis an bhfoirm a úsáidtear in abairtí cosúil leis an gceann seo a leanas: Sin a dlíodóir a dhúnas gach cás. (Sin an dlíodóír a dhúnann gach cás.) Cén chanúint ina ndeir siad "a leanas", "a bhaineas", "a dhúnas" in ionad "a leanann", "a bhaineann", "a dhúnann"? Conas a oibríonn an fhoirm sin? Céard faoi bhriathar mar "ceannaigh": Sin an buachaill a cheannaíos an leabhar. (Sin an buachaill a cheannaíonn an leabhar.) Bhfuil sin ceart? Feicim aríst gurb ionann é agus an fhoirm "cheannaigh mé = cheannaíos". An bhfuil aimisir ar bith eile ann a bhfuil foirm speisialta inti? An bhfuil foirmeacha difriúla ann nár luaigh mé? Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.
|
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 595 Registered: 03-2006
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 12:06 pm: |
|
A Fhir na mbróg Scríobhfad i m Béarla mar ná fuil m'eolas fé tearmaí gramadacha Gaelach ró-mhaith. Do chéad cheist: I think there is no such dialect that would use all the forms you listed in the second set at once. Ulster uses lenition after prep+article (including - den, don, insan), so "den mbord, don mbosca, sa mbuachaill" is impossible there. "Sa mbuachaill" is said in Cois Fhairrge only, but there they say "den bhord, don bhosca". "Don mbord, don mbosca (den=don)" is said only Corca Dhuibhne, but they say "sa bhuachaill". To sum up - there is no such dialect that would say at the same time all the forms you mentioned Do thara ceist - ar chóta ghorm is a usual way in Munster. Urú on adjective is found in Munster in set expressions only - e.g. very rare. although it kind of sounds cool to me :)) Do thriú ceist - The forms you listed are TRADITIONAL forms as found in the literature, not the real forms alive in Munster. My POV is that as other dialects don't use those forms anymore - we shall use the true Munster forms, not some kind of compromise. So you have: dhúnas, cheannaíos, rabhas [raus] dhúnais, cheannaís, rabhais [raus`] dhún, chennaigh, raibh [rev`] dhúnamair, cheannaíomair, rabhamair dhúnabhair, cheannaíobhair, rabhabhair dhúnadar, cheannaíodar, rabhadar Mind those "i"! The final "r" is slender in 1st and 2nd person. And NO, there is no relative form in Munster (as in caighdeán). Such forms are in Conamara and Ulster. And frankly speaking it is unneeded in Munster as other endings are intact. Compare - Fear a bhuaileas - A man whom I hit Fear a bhuaileann - A man who hits P.s. And don't say "feicim" - "chím" is much better! ;) An bhuachaill a chíonn an fear |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1474 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 12:53 pm: |
|
ar an mbord, leis an mbuachaill, as an mbosca den bhord, don bhosca, sa bhuachaill ar an tsráid, don tsráid ar an siúcra, den siúcra Tá sin ceart go leor Cén chanúint ina ndeirtear iad mar a leanas? ar an bhord, leis an bhuachaill, as an bhosca den mbord, don mbosca, sa mbuachaill ar an sráid, don sráid ar an síucra, den siúcra Ní dóigh liom go bhfuil sin le fáilt i gcanúint bheo ar bith... I nGaeilge Uladh, ceapaim go gcuireann siad séimhiú i ndiaidh "ar an", agus urú i ndiaidh "den don sa", ach go gcuireann siad an "t" roimh "s" go fóill. Bhfuil sin fíor? I gCúige Uladh deireann muidinne: ar a’ tábla (níl "bord" ann), leis a’ bhuachaill, as a’ bhocsa den tábla, don tsráid ar a’ tsiúthra, den tsiúthra Sa gcaighdéan, ceapaim go ndeirtear: ar chóta gorm sea ach ceapaim gur chuala mé, i gcanúint áirithe, go ndeir siad: ar chóta ghorm Cén chanúint í sin? I gCúige Uladh deireann muid rudaí mar sin. Ní dóigh liom go bhfuil sin le fáilt i gcanúint ar bith eile. Agus cén chanúint ina gcuireann siad uruithe ar na haidiactaí, m.sh.: Díoltas na bhFear mBeag ? Tá sin le fáilt i gcupla frása coitianta i nGaeilg na Mumhan, go bhfios domh. Sin riail a bhí i nGaeilg fadó ach a cailleadh ins a’ chuid is mó do na canúintí inniu. Anseo thíos chearta’ mé na foirmeacha a bhí mícheart, tá ’n chuid eile ceart. Dhún muid = Dhúnama(i)r Dhún sibh = Dhúnabhair Dhún siad = Dhúnadar Cheannaigh tú = cheannaís Cheannaigh muid = Cheannaíoma(i)r Cheannaigh sibh = Cheannaíobhair Cheannaigh siad = Cheannaíodar Rud éigin a thugas faoi deara ná gurb ionann "dhún mé = dhúnas" leis an bhfoirm a úsáidtear in abairtí cosúil leis an gceann seo a leanas: Sin a dlíodóir a dhúnas gach cás. (Sin an dlíodóír a dhúnann gach cás.) Ceart go leor ach níl baint ar bith eadar a dhúnas = who closed and dhúnas = I closed. Is de thaisme atá ’n chuma chéanna ar a’ dá chionn sin. Cén chanúint ina ndeir siad "a leanas", "a bhaineas", "a dhúnas" in ionad "a leanann", "a bhaineann", "a dhúnann"? Conas a oibríonn an fhoirm sin? Céard faoi bhriathar mar "ceannaigh": Sin an buachaill a cheannaíos an leabhar. (Sin an buachaill a cheannaíonn an leabhar.) Bhfuil sin ceart? Feicim aríst gurb ionann é agus an fhoirm "cheannaigh mé = cheannaíos". An bhfuil aimisir ar bith eile ann a bhfuil foirm speisialta inti? An bhfuil foirmeacha difriúla ann nár luaigh mé? Tá sin i gcanúint Uladh aríst, agus i gcionn Chonamara. Sin an fhoirm choibhneasta dhíreach (direct relative i mBéarla). Úsáidtear ins an aimsir ghnáthláithreach agus ins an fháistineach í, nuair a bhíos ainmní taobh amuigh don bhriathar (ie. nuair nach bhfuil a’ t-ainmní i ndeireadh ’n bhriathair, mar in "dúna(i)m", "dúnfaimid", srl...): Sin a’ buachaill a cheannaíos/a cheannas a’ leabhar (Ulaidh) Sin a’ gasúr a cheannaíonns a’ leabhar (Conamara) An fear a dhruideas a’ doras achan lá (Ulaidh) An fear a dhúnanns a’ doras ’ch aon lá (Conamara) Ach: an doras a dhruideam (the door I close, Ulaidh) an leabhar a cheannaimid (the book we buy, Conamara) San aimsir ghnáthláithreach faightear na deirí -(e)anns/(a)íonns i gConamara, agus -(e)as/-(a)íos in Ultaibh. In Iarthuaisceart Uladh, úsáidtear -(e)as fá choinne briathra an darna díochlaonadh féin: an rud a cheannas sé, a chruinneas muid (in áit a cheannaíos sé, a chruinníos muid) San fháistineach: Sin a’ buachaill a cheannóchas a’ leabhar (U) Sin a’ gasúr a cheannós a’ leabhar (C) An fear a dhruidfeas a’ doras (U) An fear a dhúnfas a’ doras (C) Mar sin: -f(e)as / -eos, -ós i gConamara -f(e)as / -eochas, -óchas in Ultaibh. Samplaí eile: A’ bhó a cheannóchas mé (the cow I shall buy, Ulaidh) Na ba a cheanna(ío)s Seán (the cows that Sean buys, Ulaidh) Scríobhfa’ mé aríst anseo má ruitheann smaoitiú eile liom. Tír Chonaill abú!
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1319 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 02:07 pm: |
|
Go raibh maith agaibh, a Romáin agus a Lughaidh. Lig dom feiceáil an bhfuil gach rud ceart agam: Ulaidh: Cnuasóchaidh mé ins an chófra iad. Tabharfaidh mé an t-airgead don bhuachaill a chabhríos liom gach lá. Connachta: Cnuasóidh mé sa gcófra iad. Tabharfaidh mé an t-airgead don bhuachaill a chabhraíonns liom gach lá. Mumhain: Cnuasóidh mé sa chófra iad. Tabharfaidh mé an t-airgead don mbuachaill a chabhraíonns liom gach lá. Connacht: ar an mbata, don bhata, sa mbata Mumhan: ar an mbata, don mbata, sa bhata Uladh: ar an bhata, don bhata, sa bhata Caighdeán: ar an mbata, don bhata, sa bhata Tuigim nach mbíonn rúdaí chomh simplí leis seo, ach is maith an tús é! Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.
|
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 596 Registered: 03-2006
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 02:43 pm: |
|
Mumha: Cnuasód iad sa chófra. Bhéarfad an t-airgead don bhuachaill a bheireann cabhair d(h)om gach lá. * "don mbata" is said only in the environs of An Daingean. Everybody else in whole Ireland (Munster included) says "don bhata". |
|
Kieran (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 03:28 pm: |
|
"Ar an bhata" and "ar an mbata" are both accepted in the Standard. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1476 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, December 09, 2006 - 01:53 am: |
|
Ulaidh: Cnuasóchaidh mé ins an chófra iad. Bheirfidh mé an t-airgead don bhuachaill a chuideas/chuidíos liom achan lá. Connachta: Cnuasóidh mé sa gcófra iad. Tiubharfaidh mé an t-airgead don mbuachaill a chúnaíonns (?) liom ’ch aon lá. * "don mbata" is said only in the environs of An Daingean. Everybody else in whole Ireland (Munster included) says "don bhata". I think they say "don mbata" in Connemara... Tír Chonaill abú!
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 337 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 06:54 am: |
|
quote:ar an bhord, leis an bhuachaill, as an bhosca den mbord, don mbosca, sa mbuachaill ar an sráid, don sráid ar an síucra, den siúcra Más buan mo chuimhne, tá (nó bhíodh) "don (den) mbord" in úsáid i dTuaisceart Chonnacht, Acaill. Ach tá sé le seiceáil. Ach níl mé cinnte go bhfuil an t-urú i ndiaidh "ins an" ann. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 338 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 07:00 am: |
|
Níor chualas faoi "don" móide an t-urú i gConamara ariamh. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1477 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 10:47 am: |
|
A Pheadair, scríobhadh go bhfuil an dá athrú thoisigh sin ar fáilt i gConnachta, in ’Stair na Gaeilge’, leathanach 604. Ach is féidir gur séimhiú a bíos ann a’ chuid is mó don am i gConamara, níl ’s agam. Tír Chonaill abú!
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 339 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 11:24 am: |
|
quote:scríobhadh go bhfuil an dá athrú thoisigh sin ar fáilt i gConnachta, in ’Stair na Gaeilge’, leathanach 604. Seo dhaoibh písín de chruthúnas indíreach leis an bpointe atá déanta agam. Séimhítear consan tosaigh thar éis 'don(den)' i nIar-Chonnachta i gcónaí, so, fágann sin gur 'don(den)' móide an t-urú a dhéantar i réigún eicínt eile. Tá mé cinnte dearfa go bhfuil saineolaithe na gcanúintí in ann láimh chúnta a thabhairt dúinn. Bhí BRN ag caint ar Ghaedhilg Acaill tráth, is cuimhneach liom. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 340 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, December 12, 2006 - 05:43 am: |
|
quote:Canamhain Chonnachta ó thuaidh, an méid de MhuighEo atá soir Muaidh 7 Loch Con, 7 ina theannta sin, Co. Shligigh, tuaisceard RosComáin 7 Co. Liatroma... Sa mbrúighdhréacht sin bíonn uirrdhiughadh thar éis don, den: den gcineadh, ionn (=ind) i n-áit ann, æ do a roimh r, 7rl. "Urlabhraidheacht...", Tomás Ó Máille, 1927 Ní miste a rá gur seans mór gan an chanúint seo ag aonduine beo sa lá atá inniu. Maidir le Gaedhilg Acla, bhí mise mícheart, dar liom. Ceartúchán: Ghaedhilg Acaill = Gaedhilg Acla (Message edited by peter on December 12, 2006) 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 341 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, December 12, 2006 - 06:01 am: |
|
(Message edited by peter on December 12, 2006) 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 342 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, December 12, 2006 - 06:08 am: |
|
quote:Canamhain Chonnachta ó thuaidh, an méid de MhuighEo atá soir Muaidh 7 Loch Con, 7 ina theannta sin, Co. Shligigh, tuaisceard RosComáin 7 Co. Liatroma... Sa mbrúighdhréacht sin bíonn uirrdhiughadh thar éis don, den: den gcineadh, ionn (=ind) i n-áit ann, æ do a roimh r, 7rl. "Urlabhraidheacht...", Tomás Ó Máille, 1927 Ní miste a rá gur seans mór gan an chanúint seo ag aonduine beo sa lá atá inniu. Maidir le Gaedhilg Acla, bhí mise mícheart, dar liom. Ceartúchán: Ghaedhilg Acaill = Gaedhilg Acla 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 343 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, December 12, 2006 - 07:46 am: |
|
Tá sé aisteach go deo. Scríobh mé an teachtaireacht uair amháin nó mar sin ó shin agus ní raibh an software sásta í a spáint díreach ina dhiaidh sin. Bhí an teachtaireacht luaite i measc mo chuid teachtaireachtaí eile, ach ní raibh sí insa snaithe ar aon chaoi. Mo leiscéal faoin méid sin de theachtaireachtaí thuas. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 600 Registered: 03-2006
| Posted on Tuesday, December 12, 2006 - 08:44 am: |
|
A Pheadair, Tá an cheist agam ort. Cad 'na thaobh go scríobhair "Gaedhilg" seachas an ceann simplí "Gaeilg"? An bhfuil an fuamniú speisialta ann? Is mise 7rl |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 344 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, December 12, 2006 - 10:02 am: |
|
Tá an ceart agatsa, níl mórán céille agus dífríocht idir an dá litriú ó thaobh na bhfuaimeanna dhóibh. Ach sin é an litriú a chuir mé de ghlanmheabhair agus mise ag léamh na h"Urlabhraidheacht". Dhá bhfeicfinn "Gaeilg" ina leaba, d'úsáidfinn an ceann seo, is dóch. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
|