Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4321 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 06, 2006 - 08:38 am: |
|
http://www.meteor.ie/Translation/IE/index.html quote:Tabhair faoi deara le do thoil: D'fhéadfadh roinnt naisc thú díriú ar ais chuig an leagan Béarla de shuíomh gréasáin Meteor.ie http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=1545&viewby=date quote:Ón lá inné, tá suíomh idirlín an chomhlacht guthán póca, Meteor, ar fáil as Gaeilge. Níl le déanamh agat ach logáil in www.meteor.ie agus dealbh bhratach na hÉireann a ghliogáil chun an suíomh idirlín a chur ar taispeáint as Gaeilge. Tá teangacha na nÉireannach nua acu chomh maith! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 28 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, December 06, 2006 - 09:29 am: |
|
céim iontach maith chun cinn. |
|
Diarmo
Member Username: Diarmo
Post Number: 221 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 06, 2006 - 12:44 pm: |
|
I'm impressed..they have their page in Polish & Mandarin as well dont they? maith shibh! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 620 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 11:06 am: |
|
Sin ar fheabhasalicious! Fair play dóibh.. Bhfuil a fhios ag éinne cad a tharla le tuarthéacs(predictive txt) trí ghaeilge le vodafone?? Seans go bhfágfaidh mé slán le O2 agus guthan a fháil ar ghréasán meteor. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Neddam
Member Username: Neddam
Post Number: 3 Registered: 10-2006
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 09:02 am: |
|
logáil isteach?? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1317 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 09:54 am: |
|
Is maith an rud é go bhfuil láithrean Mheteor ar fáil i dteangacha eile anois... ach ní úsáidfinnse leagan ar bith seachas an leagan Béarla -- is féidir feiceáil go ndeachaigh níos mó oibre isteach sa leagan Béarla ná a chuaigh isteach sna leaganacha eile. As Béarla, tháinig úsáid an fhocail "log" as a bhrí a bhaineas le "record", mar shampla: We recorded the arrival of the produce. We logged the arrival of the produce. Mar sin, bheinn claonta focal mar "taifead" a úsáid. "logáil" is a cowardly, lazy, English bastardisation. Dúirt Domhnall: quote:Fair play dóibh.. Aon fhocal Gaeilge amháin as trí cinn. Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4348 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 10:48 am: |
|
http://www.focal.ie/Search.aspx?term=log http://www.focal.ie/Search.aspx?term=logáil&lang=2 quote:"logáil" is a cowardly, lazy, English bastardisation. B'fhéidir gur cheart duit áit a lorg ar an gCoiste Tearmaíochta. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 33 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 11:49 am: |
|
@ Fear_na_mbróg Deabhal ár sábháil, a'bhfuil fear na mBróg 's Seán Ó Laoi (Féach thíos) an fear céanna nó an bhfuil sé go mbíonn a lán Gaeilgeoirí cosúil leo? http://www.beo.ie/clar_ple/viewtopic.php?t=199 |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 622 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, December 12, 2006 - 08:26 pm: |
|
I don't know what planet you're on Fear na mbróg but glactar leis an dátheangachas in Eirinn agus is é sin an bealach is fearr leis an nGaeilge a chur chun cinn. Fair play is used by Gaeilgeoirí go forleathan And if you're trying to caith anuas orm it's you who should wise up because it's me who will bain triall as an seirbhís Gaeilge. Tá Gaeilge agat, you seem to like correcting others, ach gaeilge a úsáid id shaol laethúil - le garda / le meteor - dia ár sabháil! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1335 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 05:36 am: |
|
quote:glactar leis an dátheangachas in Eirinn Glacann roinnt de dhaoine le focail neamhghlana -- ach ní ghlacaimse. quote:is é sin an bealach is fearr leis an nGaeilge a chur chun cinn Sin an modh is fearr an Ghaeilge a scriosadh. quote:Fair play is used by Gaeilgeoirí go forleathan Sea, na "gaeilgeoirí" nach dteastaíonn uaim iad a chloisteáil. quote:And if you're trying to caith anuas orm it's you who should wise up because it's me who will bain triall as an seirbhís Gaeilge. Caith anuas ortsa? Cár luas d'ainm? Bainfidh mé triail as seirbhís a bhfuil mé sásta lena caighdeán -- ainneoin na teanga. quote:Tá Gaeilge agat, you seem to like correcting others, ach gaeilge a úsáid id shaol laethúil - le garda / le meteor - dia ár sabháil! Cén fáth a labhróinn Gaeilge le garda nuair nach mbíonn Gaeilge aige? Tá leathanach Gaeilge Mheteor faoi mo chaighdeán, mar sin úsáidim an leagan Béarla. Sin an méid. Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4389 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 06:09 am: |
|
Dúirt fear na mBróg le Domhnall: quote:Caith[sic] anuas ortsa? Cár luas d'ainm? Scríobh Fear na mBróg ( http://www.daltai.com/cgi-sys/cgiwrap/daltai/discus/show.pl?tpc=20&post=48436#PO ST48436) Dúirt Domhnall: quote:Fair play dóibh.. Aon fhocal Gaeilge amháin as trí cinn. Ansin, a mhic ó! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4390 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 06:12 am: |
|
Bhíodh nath ann agus mise ag freastal ar Ghaeilscoil, fadó sna meanaoiseanna: Labhair Gaeilge nó English, ach don't bí dhá mixáil. Níl tada agam i gcoinne diglossia, ná corr fhocal ó theanga amháin i dteanga eile, ach cuireann meascán de bhéarlaibh in aon abairt amháin soir ar fad mé, a Dhomhnall chaoin an ilteangachais... |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1336 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 07:03 am: |
|
Sé an freagra a thabharfainn do "Fair play dhuit!" ná "As Gaeilge, le do thoil." A Dhomhnaill, cén fáth a bhfuil tú ag déanamh iarrachta gníomh scriostha na Gaeilge a chosaint?! Béarla atá i "fair play" -- ní Gaeilge atá inti. Tá ceist agam ort: Cén fáth a scríobhann tú i nGaeilge ar chor ar bith nuair is féidir leat Béarla a labhairt? Tá an chuma ar an scéal gur fearr leat Béarla. Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4392 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 08:32 am: |
|
Fógróidh Domhnall amach ar an bhfair play anois thú, a Fhir na mBróg! Ná bí de shíor ag cungú isteach cad is gaeilge ann. Baintear casadh nua as nathanna i dteangacha eile nuair a slogtar isteach sa ghaeilge iad. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 627 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 11:10 am: |
|
Goile, Tá do thuairim agat. Tá mo thuairim agam. Tá's agat go maith nach bhfuil do cheartúcháin uaim. Mar sin, ná déan é. Labhróidh mé agus scríobhfaidh mé in aon bhealach gur mian liom. Níl aon chumhacht agat orm. Agus tá an ceart agam faoin rud is fearr don Ghaeilge. Bhí polasaí aontheangachais ag an Stát. Theip iomlán a bhí ann. Nach bhfuil an ceart agam? Tá. Agus is eolas ó saineolaithe é sin. An "polasaí" céanna atá agat, is ar strae atá tú. Nuair a chuireann tú brú ar dhuine tar éis dó/di botúin a dhéanamh déanann sé damáiste do mhuinín an duine agus mar sin don Ghaeilge. So má tá grá agat don ghaeilge, ná bí chomh diúltach an t-am ar fad. Tá taithí agam ar seo. Bhíos mar Chathaoirleach ar mo Chumann Gaelach. Má chuireann tú fáilte roimh dhaoine le Gaeilge iontach foirfe amháin, droch íomha don teanga a bheidh ann, ní bheidh muinín ag daoine aon Ghaeilge atá acu a úsáid agus ní bheidh spéis acu a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Nach n-aontaíonn sibh ar fad liom? Má tá Gaeilge na ndaoine "faoi do chaighdeán" bhuel ar míamharaí an tsaoil, Gaeilgeoir uaigneach a bheidh ionat. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1337 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 12:04 pm: |
|
quote:Tá's agat go maith nach bhfuil do cheartúcháin uaim. Mar sin, ná déan é. Labhróidh mé agus scríobhfaidh mé in aon bhealach gur mian liom. Níl aon chumhacht agat orm. D'athraigh mé mo shíniúchán ag bun na teachtaireachta seo chun freastal do "ghaeilgeoirí" mar thusa. quote:Agus tá an ceart agam faoin rud is fearr don Ghaeilge. Bhí polasaí aontheangachais ag an Stát. Theip iomlán a bhí ann. Is cuma liom faoi bheartais an Stáit -- ní iarraim cabhair ar bith ar an Rialtas maidir le Gaeilge a labhairt. quote:Nach bhfuil an ceart agam? Tá. Agus is eolas ó saineolaithe é sin. An "polasaí" céanna atá agat, is ar strae atá tú. Níl beartas ar bith agam. Sé an t-aon rud amháin atá á rá agam ná gur fuath liom focail Béarla a chloisteáil i labhairt Gaeilge. Sin an méid. quote:Nuair a chuireann tú brú ar dhuine tar éis dó/di botúin a dhéanamh déanann sé damáiste do mhuinín an duine agus mar sin don Ghaeilge. Ach ní botúin a rinne tú -- is d'aon turas a scríobh tú focail Béarla in abairt Gaeilge. quote:So má tá grá agat don ghaeilge, ná bí chomh diúltach an t-am ar fad. Dá labhródh gach gaeilgeor sa chaoi ina labhraíonn tusa agus Hector, d'éireoinn as an teanga. quote:Tá taithí agam ar seo. Bhíos mar Chathaoirleach ar mo Chumann Gaelach. "Cumann Béarla measctha le Gaeilge" ab ainm dó, nach ea? Fair play to you. quote:Má chuireann tú fáilte roimh dhaoine le Gaeilge iontach foirfe amháin, droch íomha don teanga a bheidh ann, ní bheidh muinín ag daoine aon Ghaeilge atá acu a úsáid agus ní bheidh spéis acu a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Má theastaíonn uathu Béarla a labhairt, is féidir leo Béarla a labhairt. Teanga dhifriúil í an Ghaeilge, lena stór focal féin. quote:Má tá Gaeilge na ndaoine "faoi do chaighdeán" bhuel ar míamharaí an tsaoil, Gaeilgeoir uaigneach a bheidh ionat. Mar a dúirt mé cheana, d'éireoinn as an nGaeilge dá dtosódh gach cainteoir ag labhairt sa chaoi ina labhraíonn tusa. Fáilte Roimh Cheartú Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireachtaí scríofa as Gaeilge a bhfuil focail neamhGhaeilge iontu.
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 628 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 12:21 pm: |
|
Níl an freastal sin uaim. Ní aontaím led thuairimí mar sin coinnigh iad do dhuine atá ar a dtóir. Is fuath leat Béarla a chloisteáil le Gaeilge. Tough! Fan sa chuid Gaeilge amháin mar sin. Sin an fáth go bhfuil sé ann!!! Táim ag caint go ginéarálta faoi bhotúin agus ag cur brú ar dhaoine le ceartúcháin nach bhfuil uathu. Tuigim do chás, creid é no ná creid agus an chaoi go "d'éireoinn as an teanga." Ach ceapaimse féin tar éis go leor stáidéir a dhéanamh ar seo gurb é dátheangachas an bealach is fearr. Ní ghlacann tú leis. Sin ceart go leor. Ní hea. Cumann Gaelach. Agus geallaim duit gur éirigh go h-an mhaith linn An Ghaeilge a spreagadh i measc daoine nach raibh mórán Gaeilge acu. Bhronn Uachtarán na hOllscoile gradam ormsa mar gheall ar m'obair. D'úsáid na Gaeil le blianta fada fada anuas focail ó theangacha eile. Scéal céanna liomsa ag úsáid na bhfocal ó Bhéarla a úsáid. Tuigim go bhfuil níos mó ná focal nó dhó in úsáid agam... Teanga dhifriúil lena stór féin AGUS focail ó theangacha eile. Tá ceartúcháin uait seo duit ceann ; Gaeilgeor. Mícheart. Gaeilgeoir. Ceart. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4398 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 06:25 am: |
|
Ná bac le bodach an choisbhirt. Tagann taom feirge air ó am go chéile, riastradh a chuireann i gcuimhne dúinn an t-am anallód inar thug sé "Phil" ar fhéin! Maidir le Geurlá, tá alt mhaith i Lá inniu: http://www.nuacht.com/home.tvt?_ticket=RHKZ8WKACK3SMLDEIOQNBTZDALOLQEHFURUSKONGB PUIBUMIEKRGUU21S0MAAQ6EAKLAEUTITRRHVR29ANVROXKACJ5S2QRFK10K9NTHLF3NBHSJ7SVEIOQL4 AFDALONBHSM6QRFOPMAAQ4816J (Tá an diabhail nasc beagnach chomh fada leis an alt!) |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1338 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 07:27 am: |
|
A Aonghuis, déarfainn go bhfuil trí fháth ann ar fhoghlaim mé Gaeilge agus a labhraím í: 1) Gaeilge an chéad teanga (seachas mo theanga dhúchais) a d'fhoghlaim mé, agus bhí suim agam teanga eile a fhoghlaim agus a labhairt. 2) Is maith liom Gaeilge. Is maith liom na focail, an ghramadach, agus an chaoi ina labhraítear í. Bainim sult as í a labhairt. 3) Teanga mo mhuintire agus mo thíre atá inti. Smaoinigh ar an gcéad fháth: Cén fáth ar mhaith liom focail Béarla a úsáid i mo chuid labhartha? Smaoinigh ar an dara fáth: Cén fáth ar mhaith liom focail Béarla a úsáid i mo chuid labhartha? Smaoinigh ar an tríú fáth: Cén fáth ar mhaith liom focail Béarla a úsáid i mo chuid labhartha? Is costaicí iad Domhnall agus Hector dom. Níl a fhios agam an fáth a labhraíonn Domhnall agus Hector Gaeilge -- seans gurbh fhéidir leo míniú dúinn an fáth a bhfuil siad díocasach focail Béarla a úsáid agus iad ag labhairt (nó ag déanamh iarrachta labhairt) Gaeilge? Fáilte Roimh Cheartú Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireachtaí scríofa as Gaeilge a bhfuil focail neamhGhaeilge iontu.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4401 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 08:18 am: |
|
Nílim ag moladh duitse go meascfá béarla tríd do chuid gaeilge. Nílim ach ag rá a) Nach ceart tromaíocht orthu siúd a dhéanann é. Tá sé maslach, aineolach a rá go gcuireann gaeilge duine eile fonn urlacain ort. b) Go bhfuil focail airithe sloghtha ag an nGaeilge, agus casadh bainte astu nach mbaineann leis an mBéarla. Is Gaeilge na focail sin. Cinnte, tá roghanna eile ann, agus más mian leat na roghanna sin a úsáid, ar aghaidh leat. (Nó Abhae leat, mar a deir lucht an Ghaeilge nua). |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 04:03 pm: |
|
Éist leat féin a FnaB. Éirigh as a bheith ag seanmóireacht. D'éirigh leat téad eile a casadh ó téama suimiúil go dtí téama go hiomlán fút féin yet again. [neamhGhaeilge included d'aon turas] Ná bac leis a Dhomhnall, we've all gone through the same attack with this one. Níl ann ach Aonghus atá foighneach go leor chun freagraí cinealta a sheoladh amach ar son na ndaoine atá ionsaithe aige. Aontaionn muid uilig leat. Nach mbeidh sé sin go hiontach, a mhise mé féin, más rud é nach raibh ach duine amhain leis an tuairim seo. Dearfinn go bhfuil cúpla clone cungaigeanta eile dó amach ansin, ar an drochuair |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1342 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 05:38 pm: |
|
Dúradh le Domhnall quote:Aontaionn muid uilig leat. Ainmnigh na daoine atá ar aon intinn leis, le do thoil. "Lucht Labhartha an Irish" atá orthu, nach ea? -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti.
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 634 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 07:33 pm: |
|
Go raibh maith agat. Déanann FnaB níos mó damáiste ná mar a cheapann sé, cinnte go bhfuil an tuairim céanna aige fúmsa. An taithí atá agam ar seo. An paisean atá agam ar seo. An stáidéar atá déanta agam ar seo. Má cheapann sé go gcuireann a chuid tuairimí isteach nó amach orm nach é an té ar strae! B'fhéidir gurb é an rud is fearr FnaB ná mura scríobhann tú freagraí do mo chinn agus ní scríobhfaidh mé freagraí do do chinn. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1344 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 15, 2006 - 11:26 am: |
|
quote:Déanann FnaB níos mó damáiste ná mar a cheapann sé, cinnte go bhfuil an tuairim céanna aige fúmsa. [tuairim c héanna] Seo ó bhéal an duine nach ndéanann iarracht a chuid Gaeilge a fheabhsú agus ar fearr leis focail Béarla a úsáid. Ní Gaeilgeoir thú ar chor ar bith, a Dhomhnaill -- is namhaid agus fealltóir thú in aghaidh na Gaeilge. quote:An taithí atá agam ar seo. [An -taithí] Cad air a bhfuil taithí agat? Níl do chuid Gaeilge thar barr, agus níl do mhodhanna múinte thar barr ach oiread. quote:An paisean atá agam ar seo. [An -p haisean] Sí an t-aon díograis amháin atá agat ná úsáid focal Béarla a spreagadh. Tá ar intinn agat an Ghaeilge a mhilleadh trí í a éilliú agus a thruailliú. quote:An stáidéar atá déanta agam ar seo. [An -staidéar] Níos mó díomais uait. quote:Má cheapann sé go gcuireann a chuid tuairimí isteach nó amach orm nach é an té ar strae! Go maire tú agus do chuid Gaeilge éillithe, a Dhomhnaill. quote:B'fhéidir gurb é an rud is fearr FnaB ná mura scríobhann tú freagraí do mo chinn agus ní scríobhfaidh mé freagraí do do chinn. Nílim cinnte an dtuigim an méid a scríobh tú thuas i gceart, ach cén fáth nár chuma liom go scríobhfadh tusa agus do chara dá chéile? -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti.
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1346 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, December 16, 2006 - 07:37 am: |
|
Ag baint an tsnáithe seo ón gcartlann... -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti.
|
|