Peter
Member Username: Peter
Post Number: 334 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, November 28, 2006 - 10:05 am: |
|
Tháinig mé ar fhoirmeacha an-aisteacha go deo de na haidiachtaí seo thíos i bhfoclóir an Dónallaigh. Sin rud nach bhfaca mé a mhacasamhailt ach sna leaganacha searctha ar nós "muintir na Ceathrún Ruaidhe" ná an fhoirm speisialta den ghinideach baninscneach uatha de na haidiachtaí a chríochnaíos le gutha. breá 2, a. (gsm. ~, gsf., npl.&comp. ~tha) nua 2, a. (gsm.&pl.~, gsf.&comp.~í) So, de réir an Chaighdeáin, seod iad na foirmeacha a gcathfear leas a bhaint astab sna harbairtí ar nós: Béile na maidine breátha Deiseanna na hoibre nuaí Ar chuala aon duine ariamh ráite é? An bhfuil siad seo beo? (Message edited by peter on November 28, 2006) 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4238 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 28, 2006 - 10:12 am: |
|
Hmm. Is dóigh liom go bhfuil, ach nílim iomlán cinnte |
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1304 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 28, 2006 - 10:30 am: |
|
Seo a bhfuil acu ag An bhFoclóir Beag: breá - aidiacht breá [ainmneach uatha] -- Lá breá atá ann breá [ginideach firinscneach] -- Ainm an fhir bhreá breátha [ginideach baininscneach] -- Ainm na mná breátha breátha [ainmneach iolra] -- Ainm na madraí breátha breátha [breischéim] -- Tá seisean níos breátha Ní deir sé cad í foirm an iolra laig; níl a fhios agam an ndeirtear: ainmneacha na bhfear mbreá nó: ainmneacha na bhfear mbreátha (An í Gaeilge na Mumhan a chuireann an t-urú ar an aidiacht mar a rinne mé thuas? Is maith liom é) Agus seo a bhfuil acu ar "nua": nua - aidiacht nua [ainmneach uatha] -- Leabhar nua atá ann nua [ginideach firinscneach] -- ainm an leabhair nua nuaí [ginideach baininscneach] -- dath na fuinneoige nuaí nua [ainmneach iolra] -- Cá bhfuil na leabhair nua? nua [ginideach iolra] -- Ag lorg na leabhar nua nuaí [breischéim] -- Tá mo leabharsa níos nuaí. Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.
|