Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3709 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, September 09, 2006 - 04:24 pm: |
|
(Is minic raic inár measc faoi clann/teaghlach/muintir. Seo píosa grinn a phioc mé as an gearrscannáin Lipservice - Béalscrudú sa ghaeilge a chur i scoil lárcathrach i mBÁC) Scrúdaitheoir Béal (leadrán ar an bhfear bocht tar éis roinnt uaireanta an chloig de ghaeilge lofa): Clann? Cailín sna déaga: Duine amháin. SB: deartháir nó deirfiúr? C: Iníon! |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 278 Registered: 01-2006
| Posted on Sunday, September 10, 2006 - 04:34 am: |
|
Tá ‘muirighin’ agus ‘treibh’ ann chomh maith. Aistríonn de Bhaldraithe ‘chaon cheann acab mar ‘family’... Cé go bhfuil an darna focal ag breathnú díreach mar iasacht ón mBéarla, agus tá seans go bhfuil úsáid an Bhéarla aige, ní léir dhom beo cé bhfuil an difríocht eidir ‘muirighin’ agus na focla thuas luaite ‘ad. Any ideas? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3712 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, September 10, 2006 - 03:49 pm: |
|
Treibh - tribus na Laidine clann [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] páistí aon lánúine; cine, sliocht (Clann Dónaill, Clanna Gael). muirín [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] clann, teaghlach, muirear. teaghlach [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] muintir an aon tí le chéile, lánúin agus a gclann. muintir [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] lucht gaoil (mo mhuintir féin); lucht, daoine (muintir na háite); cine (Muintir Laoire, Muintir Shearcaigh). treibh [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] teach; teaghlach; muintir, muirín; aicme nó dream daoine; cine. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1767 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, September 10, 2006 - 07:31 pm: |
|
Is ionann "muirín" agus "muirear" (burden) ó thaobh na bunbhrí de. An bhfuil muirín ar bith ort? = An bhfuil aon chúram ort? = An bhfuil clann agat ar chor ar bith? Maidir le "treibh", is focal dúchasach é. Níor tháinig sé ón Laidin. I measc na bhfocal atá gaolmhar dó, tá: treabh ~ treabhadh = ploughing treabhaire / treabhachas = farming, husbandry díthreabhach = homeless person, hermit, waif Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 279 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, September 12, 2006 - 02:42 pm: |
|
GRM agaibh as bhur míniú! Tá cosúlacht ann go bhfuil na focla ’muirín’/’muirear’ an-choitiata ar fud na nGaeltachtaí, agus baintear leas astub níos minicí ar fad ná as ‘clann’ amháin. Is gnách nathanna cainte in úsáid ar nós ‘muirín pháistí’ ann. Tá focal eile ann atá spéisiúil ó thaobh na húsáide dhe atá ina bhall den ghrúpa seo d’fhocla: bunadh atá i gceist agam. An rud atá ag breathnú suimiúil dhom anseo ná an chiall ‘bunús’ dhe agus nath cainte ina bhfuil sí curtha i bhfeidhm in Iar-Chonnacht: is bunadh Éireannach ionad, deirtear. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3717 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 12, 2006 - 04:58 pm: |
|
bunadh [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] na daoine ar díobh tú (do bhunadh féin); lucht cónaithe (bunadh na háite). Tá sé in am againn ceann des na crainn gaoil sin do focla a chuir ar bun! |
|