Author |
Message |
suaimhneas (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, August 16, 2006 - 09:50 am: |
|
An bfhuil fios ag aon duine cad is bri le "Mam Clasach" an ainm a dtugtar ar an bhothar idir Pub Phaidi O Se agus Dun Chaoin i gCorca Dhuibhne? Anybody know the meaning of the word "Clasach", as in Mam Clasach - the mountain road between Paidi O Se's pub and Dun Chaoin on the Dingle peninsula? GRMA |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1731 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, August 16, 2006 - 10:16 am: |
|
Tá an aidiacht "clasach" ann (= channelled, grooved, trenched), ón ainmfhocal "clais" (= cainéal uisce, díog; trinse idir dhá iomaire). Tá pictiúr deas den Chlasach anseo: http://www.dunquincottage.com/top.html Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3648 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 16, 2006 - 10:19 am: |
|
Sin é. Chuir mé an ceist chéanna ar Michéal Ó Dubhshláine, go ndeana Dia trócaire air . Bhain an ceist le scéal. |
|
suaimhneas (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, August 16, 2006 - 12:15 pm: |
|
..Agus Mam an Oraigh?.. Gilded Gap? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1734 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, August 16, 2006 - 02:26 pm: |
|
Mám an Oraigh < an t-orach, is dócha. Bhíodh an focal "or" (= bruach, imeall) beo sa Ghaeilge tamall ó shin. Tá "oir" beo fós i nGaeilge na hAlban leis an gciall sin. Agus bhíodh aidiacht ann freisin, "orach", a chiallaíonn "pertaining to or having a coast or shore". Feictear dom gurb é an focal sin atá i gceist anseo. Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3652 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 16, 2006 - 05:05 pm: |
|
Mám an Óraigh atá ann ó cheart. Tá Gort, Baile agus Scairt ann leis. http://homepage.eircom.net/~dinglemaps/genuki/KER/Dingle/map.htm (Gort sa Daingean) Tá Mám an Óraigh sach fada ón mbruach, feictear dom. Tá sé ó thuaidh ó Cheann Trá, ar imeall sléibhe darbh ainm an Leataoibh Meánach. Beidh mé thiar ón deireadh seachtaine ar aghaidh, agus cuirfidh mé ceist má thagaim ar aon saoi de chuid na háite. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1736 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, August 16, 2006 - 07:52 pm: |
|
quote:Mám an Óraigh atá ann ó cheart. Géillim duit ansin, a Aonghuis! quote:Beidh mé thiar ón deireadh seachtaine ar aghaidh, agus cuirfidh mé ceist má thagaim ar aon saoi de chuid na háite. Bain sult as an mbia sa Daingean! Is cuimhin liom fós na muiríní a d'ith mé ansin cúig bliana ó shin. Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
suaimhneas (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, August 17, 2006 - 07:37 am: |
|
Go raibh agaibh Ceapaim go bfhuil an ceart ag Dennis. Is fior e go bfhuil Mam an Oraigh ar imeall Leataoibh Meanach agus sach fada on mbruach. Ach ta bruach Cuan Fionn Tra le feiceail o gach ait ar an sli. Feadfaidh tu, a Aonghuis, dul ar spaisteoiracht ar an bothar iontach sin, nuair a bheidh tu thiar deoreadh seachtaine. Ta na muirini ar fheabhas, go mor go mor sa bhialann Out of the Blue sa Daingean (Daingean Ui Chuis, Dingle.. is cuma. Bain sult as an turas |
|