Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3519 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, July 29, 2006 - 09:32 am: |
|
Labhair an Seanduine Liath faoin gceist seo le Gaeilgeoir uasal a casadh leis. "Cad chuige agus cad uaidh," ar seisean, "go bhfuil an lucht foghlama ag imeacht uainn? An amhlaidh go bhfuil a oiread sin airgid fághta acu againn le deich mbliana anuas go bhfuil fóirthint deanta acu ar ocracht na dúiche agus an ábhar sin go bhfuil meath ag teacht ar ár nGaeilge?" "Nee doy lum go vwill an fukal sin 'meath' eg an Ahur Padur," arsa an Gaeilgeoir go cneasta. Níor fhreagair an Seanduine an abairt sin ach ní móide ná go ndearna sé caint bheag ós íseal dá chluais féin. "Do vool shay an durus amack- an vwil un aubirsch sin ogutt?" arsa an Gaeilgeoir. "Nawbocklesh, avic" arsa an Seanduine, agus d'imigh leis ar a bhealach.... |
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, August 02, 2006 - 07:35 am: |
|
Bíonn an sliocht sin tráthúil i gcónaí, a aonghuis! |