Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1478 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 12, 2006 - 08:46 pm: |
|
First the history part (serious): Beir bua agus beannacht is a form of complimentary close in Modern Irish. The phrase goes back ultimately to the Middle Ages: http://www.sengoidelc.com/node/257 Next the pleidhcíocht (not serious): Tired of writing Beir bua (agus beannacht)? Then try these (translations needed!): Beir bó! Ná beir bó! Beir buntáiste! Beir orm! |
|
Riona
Member Username: Riona
Post Number: 276 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, June 12, 2006 - 09:05 pm: |
|
As I said in the post in question, it was a fluke thing brought on by seeing it at the last minute before I sent and thinking noone would mind if I didn't fix it the once. Sure and I'll not make that mistake again, I've learned my lesson about thinking noone would care about a quick and uncorrected oops. Beir bua agus beannacht. Thats neat that its such an old expression |
|
déiridh (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 12, 2006 - 11:11 pm: |
|
Beir orm: Biological Effects of Ionizing Radiation on me? nach bhfuil? |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 58 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 13, 2006 - 05:26 am: |
|
Tá siad seo go hiontach, Dennis! Bím ag lorg bealaí nua i gcónaí chun críoch a chur le ríomhphost. Tá mé dubh dóite de na gnáthnathanna seanchaite ar fad, leithéidí "beir bua", "ádh mór", agus an ceann is lú samhlaíocht, "le dea-mhéin". Beir bó, Michal Is mise, Michal Boleslav Mechura
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 209 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 13, 2006 - 11:39 am: |
|
Le gach bean nocht (c) agus: Beir bua agus bean nocht Beir buama agus bean nocht Ní mise a cheap iad sin, a chairde... De dhéantús na Rúise atá siad, áfach. :) |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, June 13, 2006 - 12:17 pm: |
|
Is sean-nós é 'an bhean nocht' úd a Pheadair mar bhí a leithéid ar bun sa teanga le fada an lá, ach sílim gurb eol duit an méid sin agus gur maith leat an blaisín grinn. Agus bhíodh imirt ar an mbean nocht más ceadmhach dom a rá! Féach 'bean gan éadach': Bean gan éadach, ós í is ait le gach dae d'aicme shean-Airt, fuagraim, a Sheáin, gach tan, duitse, le rún, is d'Eogan. (Tadhg Ó Rodaighe, 1615-1706 a dúirt ag deireadh an dáin 'Binn le neach a mholadh féin') = Fógraím beannacht bhuan duit a Sheáin (Bhallaigh Uí Dhuibhgeannáin) faoi rún na bhfocal seo agus d'Eoghan (do mhac). dae = duine. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 210 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 13, 2006 - 12:34 pm: |
|
Oh, tigim anois. Fuair mé ó chlár plé amháin sa Rúis iad. Bhí mé a cheapadh nach raibh aonduine eile chomh gáirsiúil sin, ach muide féin, na Rúisigh. Agus chomh cruthaitheach sin, chomh maith. Ach tá ann, feicim. :) |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, June 13, 2006 - 12:44 pm: |
|
Tuigim duit a Pheadair. Bíonn an focal siúlach go deimhin. |
|
déiridh (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, June 13, 2006 - 10:42 pm: |
|
a Dhonncha would you translate your offerings? even as a joke, i'd enjoy an explanation. apologies in advance...i haven't yet received my 'eejit's guide to gaeilge idiomatic humour.' would 'beir orm' mean 'catch me' (as in the song, 'a sheáin bháin, beir orm....') in a similiar vein, would any of these work?? (i'm way out of my league here, so easy on) bua a bhreith ar buairt (triumph over sorrow) beir barr beir bartóg (grab a hug) (barróg?) beir ar bomaite (seize the moment) beir ar binneadas (seize sweetness) ná beir bochtaineacht (may poverty not grasp you)) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3278 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 14, 2006 - 05:36 am: |
|
Beir beannach! (i. beidh tú)
beannach [aidiacht den chéad díochlaonadh] adharcach; ladhrach, beangánach; triantánach ina bharr cosúil le binn tí.
Gan trácht ag ar an nath úd a rinneamar aréir chun an difear idir liom agus lom a leiriú: "Má bhíonn tú liom, bí lom!" Agus ná bí i'd dhuine liom leat! |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, June 14, 2006 - 05:54 am: |
|
>> "Má bhíonn tú liom, bí lom!" Tá lomchlár na fírinne ansin agat a Aonghuis faoin dream a chláraíos le chéile. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1486 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 14, 2006 - 09:36 am: |
|
quote:would you translate your offerings? Cinnte. quote:would 'beir orm' mean 'catch me' Sin agat é go díreach glan! Beir bó! = Have a cow! Ná beir bó! = Don't have a cow! (i gcead do Bhart Simpson) Beir buntáiste! = Take advantage! quote:bua a bhreith ar b[h]uairt (triumph over sorrow) Exactly! quote:beir bartóg (grab a hug) (barróg?) Beir barróg ar X = hug X A friend and I have always used "P&B" as a complimentary close to our e-mails: Póg agus Barróg. quote:beir ar bomaite (seize the moment) Like "carpe diem", right? You might need to add the article to that: "Beir ar an bhomaite!" Cén Ghaeilge a chuirfeadh daoine eile ar "carpe diem"? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3280 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 14, 2006 - 04:19 pm: |
|
Fuair mé an méid seo ag Dineen, faoi beannach: tighearna beannach buacach - a gay, flaunting lord. Bhí mise, faoi anáil na Gearmáinise, ag smaoineamh gurbh ionann beanna a chuir ar dhuine agus cucól a dhéanamh de. Ach n'fheadar an bhfuil an ceangal sin ag Gael. Maidir le carpe diem, níl fhios agam. Ní maith liom "beir" sa chás seo ar chúis éigin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1491 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 14, 2006 - 08:11 pm: |
|
quote:Maidir le carpe diem, níl fhios agam. Céard faoi: Tapaigh do dheis. nó Tapaigh an deis. ?? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3283 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 15, 2006 - 04:10 am: |
|
Sin é! Bhí sé an bharr mo theanga, ach níor rith sé liom. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1492 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 15, 2006 - 10:08 am: |
|
Cé acu ceann is fearr leat: "an deis" nó "do dheis"? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3288 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 15, 2006 - 10:29 am: |
|
Níl mórán eatarthu. "an", de bheagán. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1493 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 15, 2006 - 10:48 am: |
|
Is fearr liomsa "an deis" freisin; "do dheis" atá ag Ó Dónaill, áfach. An féidir leat an corpus mór atá ag Ciarán a cheadú? Níl Windows agam. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3289 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 15, 2006 - 12:11 pm: |
|
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 215 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, June 15, 2006 - 12:23 pm: |
|
Tapaigh do dheis nó Tapaigh an deis. Ní bhfuair mé ceachtar deb bheirt i dTobar na Gaeilge. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3290 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 15, 2006 - 05:06 pm: |
|
Ná mise! Ach tá "an deis a thapú" san GFGB. |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 15, 2006 - 06:34 pm: |
|
Beir ar an bhfaill? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1500 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 15, 2006 - 07:35 pm: |
|
Suimiúil gurb ionann "beir ar an bh faill" agus "ná failligh ar an deis". Ná caill an fhaill ?? jingle-jangle |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 15, 2006 - 07:41 pm: |
|
Beir anois ar rath an tsaoil? |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 15, 2006 - 07:46 pm: |
|
Ní bheadh sé chomh simplí le 'Tóg an lá', an mbeadh? |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 16, 2006 - 02:26 am: |
|
Nó céard faoi, Buail an iarann te? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1502 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, June 16, 2006 - 10:24 am: |
|
Fuair mé "Buail an t-iarann te" sa chnuasach seo, Na seanfhocail go léir ag Beo.ie : http://www.beo.ie/seanfhocail/all.asp Is seanfhocal idirnáisiúnta é: Ferrum, cum igni candet, tundemdum. Il ferro va battuto quando è caldo. Battre le fer il faut, tandis qu'il est bien chaud. Cuando el hierro está encendido, entonces ha de ser batido. Das Eisen muss geschmiedet werden weil es glüht. Agus i Rúisis, Peter? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3296 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 16, 2006 - 12:10 pm: |
|
Das Eisen muss geschmiedet werden weil es glüht Caithfear an iarann a oibriú toisc go bhfuil sé te? Man soll das Eisen schmeiden, solange es heiß ist |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1506 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, June 16, 2006 - 01:07 pm: |
|
Schiller a scríobh é sin, in Die Piccolomini, III 1. Agus maidir le filíocht (nó véarsaíocht, más fearr leat sa chás seo): Gather ye rosebuds while ye may, Old time is still a-flying, And this same flower that smiles today Tomorrow will be dying. - Robert Herrick ("To the Virgins, to Make Much of Time", 1648) (Message edited by dennis on June 16, 2006) |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 16, 2006 - 01:42 pm: |
|
10. Buail an iarann te.Strike the hot iron. O DnaG proverbs http://www.daltai.com/proverbs/liosta_sf.htm a fuair mé é ach ‘ceart agat, ba cheart go mheadh 't-' ann. Ceann eile ó DnaG proverbs Gheibheann cos ar siúl rud éigin. A moving leg gets something. Má táimid idirnáisiúnta... Even if you are on the right track, you'll get run over if you just sit there." - Will Rodgers. 若い時に度ない, わかいときにどない Wakai toki ni do nai One is young but once |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 218 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, June 16, 2006 - 03:09 pm: |
|
quote:Agus i Rúisis, Peter? :) Куй железо, пока горячо. Ós ag caint air seo atá muid, gheobhaidh mé seanfhocal Rúiseach eile dhaoibh: Работа не волк, в лес не убежит. Ní mac tíre í an obair, ní rithfidh sí sa gcoill. :) Céard i dtaobh na leganacha idirnáisiúnta dhe seo? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1509 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, June 16, 2006 - 09:46 pm: |
|
quote:Ní mac tíre í an obair, ní rithfidh sí sa gcoill. I bhfocail eile, "níl prainn léi -- beidh sí san áit chéanna amárach, agus is féidir liom í a dhéanamh ansin" ? quote:na leganacha idirnáisiúnta Hmmmm.... Tá "Moill le linn deabhaidh" againn, "Make haste slowly", ach ní dóigh liom go ndeir sé an rud céanna. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 220 Registered: 01-2006
| Posted on Saturday, June 17, 2006 - 04:30 am: |
|
quote:I bhfocail eile, "níl prainn léi -- beidh sí san áit chéanna amárach, agus is féidir liom í a dhéanamh ansin" ? Sin é. Muis, chaithfainn a scríobh “ní rithfidh sí isteach sa gcoill”, is dócha, leis an “treo” a thuspáint. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3297 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, June 17, 2006 - 03:38 pm: |
|
Feictear dom go raibh Schiller ag baint casadh as sean nath. Comhcheilg atá i gceist, tá an rud ag teacht chun pointe na cinniúna - mar sin, caithfear an iarann té a oibriú. Maidir leis an obair, ní ritheann liom ach "an timpeall chun na hoibre, agus an congár chun bídh!" |
|