Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3251 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 07, 2006 - 07:44 am: |
|
|
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, June 07, 2006 - 07:59 am: |
|
Is cuí an cheist a chur. Ní thabharfadh, measaim. Is spéisiúil gur i mBéarla amháin atá a suíomh. Caitear an-slám dár gcuid airgid ar ghnóthaí Béarla mar sin. Níl aon ghnó stáit nach bhfuil freastal ar leith ar mhuintir an Bhéarla mar sin. I gcás an Chadhnaigh, nuair nach raibh sé acu lena linn, glacfaidh siad seilbh air i gcré na cille. Tá síneadh fada ar an 'Éire' ar a laghad ar bith. Is buíoch don bhocht beagán. |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 45 Registered: 10-2004
| Posted on Thursday, June 08, 2006 - 03:36 am: |
|
Tá feabhas tagtha ar An Phost mar anois bíonn siad dá theangach sna stampaí. Go dtí an Acht Teanga bhí sé fíor annamh focal Gaeilge a fheiscint ortha. Suas go 1949 is i nGaeilge amháin a bhí siad. Athrú eile a tháinig ná ainmneacha áite i nGaeilge ar na hOifigí phoist. Bhí siad ag tosú ar ainmneacha i mBéarla a chuir suas sa "Galltacht" agus in nGaeilge amháin sa Ghaeltacht. Ach ó tháinig an Acht Teanga i bhfeidhm tá siad dá theangach sa Galltacht. Tá pictiúr níos fear de na stampaí ar llch tosaigh Lá (7/6/2006). E Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce
|
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 08, 2006 - 07:09 am: |
|
Ní mholfad iad go fóill a Eoin. Is cuimhin liom gur eisíodar stampa sna 70/80aidí a raibh ainm na tíre litrithe acu gan an síneadh fada. Chailleadar an t-alt idir an dá linn. Is 'Post' in áit 'An Post' iad. Is cosúil gur eire orthu Éire ag an am sin siar sna 70aidí! |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 48 Registered: 10-2004
| Posted on Friday, June 09, 2006 - 03:00 am: |
|
Féach ar litir a scríobh mé chuig Lá in 2003! anghaeltacht.net/galltacht/post.html Eoin (3323 - sínithe!) Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce
|
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 09, 2006 - 05:55 am: |
|
An-obair í sin a Eoin, nár lagaí Dia do lámh. Ní cuimhin liom féin faoin raic ach Deasún Breatnach a bheith ag cur de faoi ag an am. http://anghaeltacht.net/galltacht/post.html Grma. |
|