Author |
Message |
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 303 Registered: 03-2006
| Posted on Tuesday, June 06, 2006 - 03:05 am: |
|
What is the difference, anyone? (preferably with a simple example sentence) |
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 306 Registered: 03-2006
| Posted on Tuesday, June 06, 2006 - 01:05 pm: |
|
Níl a fhios ag éinne i n-aon chor, nó is cuma le cách? ;-( |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1444 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 06, 2006 - 02:23 pm: |
|
Chuala mé uair amháin go ndeirtear "in áirde" níos minice sa Ghaeltacht, agus "suas" lasmuigh di. Chuaigh an páiste in airde ar an gcapaillín. vs. Chuaigh an páiste suas ar an gcapaillín. Ach céard faoi: Chuaigh sé suas an bóthar. vs. *Chuaigh sé in airde an bóthar. ??? (Message edited by dennis on June 06, 2006) |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, June 06, 2006 - 03:55 pm: |
|
Seachnaíonn roinnt daoine 'in airde' le faitíos go mbainfear tuisle cainte astu má leanann 'ar' é go háirithe, tharla an nath 'gabháil in airde ar ..' a bheith nascaithe leis an non-missionary position a bhíos ar bun (ar bonn!) ag ár gcairde, na hainmhithe. Cúpláil a bhíonn i gceist go minic leis. Bhí comhluadar na feise in 'An Béal Bocht' ag gabháil in airde lena chéile 'i láthair na feise' más buan mo chuimhne. Suas ar ardán na feise a bhí i gceist ag Myles, ach ar ndóigh bhí an ghoineog eile aige ar Ghaeil mhóra na feise don té a thabharfadh leis é. Feicfidh tú meangadh an chorruair a tharlóidh abairt ar nós duine a bheith 'a ghabháil in airde ar an mbus' in áit 'suí isteach ar an mbus' nó 'gabháil isteach ar an mbus' nó cibéard. Is dócha nach cuidiú ar bith na foclóirí i gcás den chineál sin ach a bheith ag éisteacht agus agus ag faire amach don mheangadh gáire má tharlaíonn an tuisle cainte. Déarfaidh duine éigin leat é sula dteagmhóidh aon mhíthapa leat. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 397 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, June 06, 2006 - 04:53 pm: |
|
Cuireann an méad sin i gcuimhne dom nuair a bhíodh mo dheartháir ag obair in iarsmalann, agus bhíodh daoine ag fiafraigh díom 'Oh, does he mount butterfiles?' |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1445 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 06, 2006 - 09:01 pm: |
|
quote:tharla an nath 'gabháil in airde ar ..' a bheith nascaithe leis an non-missionary position Missionary nó eile, tá "suas" chomh maith le "in airde" cloiste agam leis an mbrí sin: "gabh suas ort féin", etc. Ach dearmadaimis na briathra "téigh" agus "gabh". An bhfeiceann sibh aon difríocht idir na habairtí seo? Chuir sí an páiste in airde ar an gcapaillín. Chuir sí an páiste suas ar an gcapaillín. Dar le mo dhuine, tá an chéad cheann níos Gaelaí. |
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 308 Registered: 03-2006
| Posted on Wednesday, June 07, 2006 - 06:51 am: |
|
A Sheosaimh, Táim ag iarracht adhmad a bhuint gur dúraís astu. ar bun = on the bottom/base? - ní thuigim cén difríocht tá idir "non-missionary position"-gnó agus "cúpláil"? comhluadar na feise = celebrating company? i láthair = present, ach cad brí thá ar "i láthair na feise"? dul i n-airde ar an mbus = to ride on [the top of] the bus? Ar thuigis é? A Dhonncha, Is fíor dhuit! Do léas aon uair amháin go raibh éinne (ollamh den ollscoile, is dócha) sa Ghaeltacht. Do chonnaic sé amhairc áirithe: do bhí an dá buachaill ar an gclós agus siad ag iarracht a rothair a mharcaíocht. Cuir mé suas le rothar - arsa an chéad garsún. 'Sea, cuir é i n-airde ar an mbicycle - arsa an tarna garsún. Do lean an nóta an ollaimh gob fhollasach níorbh an Gaeilgeoir fíor an chéad garsún cé gur bhuin sé fedhm de focal "Gaelach" rothar. FRC [I hope at least somebody understood what was I trying to say. If it is just some unintelligible raiméis i nGaelainn - I will repost in English ;-(( ] (Message edited by Róman on June 07, 2006) |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, June 07, 2006 - 07:19 am: |
|
>>Dar le mo dhuine, ... An Muimhneach é a Dhonncha? An féidir gur cainteoir Gaeltachta é seachas cainteoir dúchais Gaeilge é? Is é is dócha ná a mhalairt gur iarracht cur in éadan rómhinicíocht 'suas' an fhoghlaimeora Ghaeilge atá taobh thiar de. Ní abróinn féin 'Chuir sí an páiste in airde ar an gcapaillín', i gcás capaillín adhmaid fiú amháin, agus bheinn ag súil leis an 'in airde' ó dhaoine eile i gcás mar sin, aisteach go leor. Bheinn ag súil le 'suas' ó dhaoine eile. Déarfainn i gcás beartán srl, gur 'crochadh in airde ar an tseilf iad' ach b'fhearr liom a rá gur leagadh/sacadh/cartadh/caitheadh in airde ar an tseilf iad. Dá mbeadh 'uirlis' u. uatha le cartadh isteach ar an tseilf, ní abróinn go brách 'in airde' in éineacht leis, ach le fonn grinn amháin, chuile sheans. I gcás Rómain anseo, déarfainn 'scar suas ar an rothar' tharla nach bhfuil meas madaidh agam ar an mbicycle ná ar an mbicycleachas. I scéal Rómain - atá le clos - cuimhnímis go bhfuil rothar ard don ghasúr. Níl don duine fásta. Gluaiseacht suas is ea 'suas' agus 'in airde' araon, cé go mbraitheann 'in airde' ar bhriathar lena haghaidh, ach go bhfuil coibhneas 'airde' i gceist, b'fhéidir, leis an dara ceann. An 'gabh suas ort féin' úd, d'áireoimis go léir é, is dóigh liom, le haicme 'tá sorry orm' srl. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, June 07, 2006 - 07:32 am: |
|
ar bun = in progress cén difríocht tá idir "non-missionary position"-gnó agus "cúpláil"? - Is ionann an non-mis. position agus gnáthchúpláil ainmhithe. comhluadar na feise = those attending. i láthair = present, ach cad brí thá ar "i láthair na feise"? Those present at the F. dul i n-airde ar an mbus = to ride on [the top of] the bus? Ar thuigis é? Tá an dá chiall leis abairt. Boarding the bus agus, for some bad-minded pranksters, getting up on the rear-end of the bus! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1446 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 07, 2006 - 12:00 pm: |
|
quote:An Muimhneach é a Dhonncha? Dheamhan a fhios agam! Caithfidh sé gur léigh muid beirt, Róman agus mise, an scéal céanna. Ba bhreá liom an téacs féin a aimsiú arís. Tá mé réasúnta cinnte gur i bhfad ó shin a léigh mise é. Fiche bliain ó shin? quote:'crochadh in airde ar an tseilf iad' Sea, go háirithe (domsa) má tá an tseilf níos airde ná mo cheann. Go raibh maith agaibh! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1447 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 07, 2006 - 12:08 pm: |
|
Fuair mé athinsint ar an scéal seo i gcartlann Gaeilge-L i dtcht ó Bhrian MacLaughlin (2002): quote:Is maith liom an scéal fán duine a d'iarr ar beirt pháiste (cainnteoir dúthchais ceann amháin aca) Gaedhilg a chur ar "put me up on the bicycle". Dubhairt an páiste nach ba chainnteoir dúthchais é "Cuir suas ar an rothar mé" ach dubhairt an cainnteoir dúthchais "Cuir in airde ar a' bhicycle mé". Cuid de bhéaloideas na teanga é! |
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 310 Registered: 03-2006
| Posted on Wednesday, June 07, 2006 - 12:41 pm: |
|
quote:i bhfad ó shin a léigh mise é. Fiche bliain ó shin? Níor léas pioc ansan |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1448 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 07, 2006 - 01:06 pm: |
|
An tátal a bhainim as sin: tá tú níos lú ná 26 bliana d'aois. An bhfuil an ceart agam? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1450 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 07, 2006 - 03:54 pm: |
|
Maidir leis an scéilín, fuair mé é seo anois díreach ó Ole Munch-Pedersen: quote:Chuala féin an scéilín seo á insint ag an ollamh Brian Ó Cuív am éigin sna seachtóidí. I gCúil Ao a thit an scéal amach de réir an ollaimh. |
|