Author |
Message |
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 245 Registered: 03-2006
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 02:25 am: |
|
An bhfuil an difríocht eatarthusan? |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 146 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 02:44 am: |
|
Tá, nach úsáidtear “rince” ach sa deisceart, go bhfios dhom. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 55 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 05:44 am: |
|
Ceapaim go mbaineann an focal rince leis an rincí Gaelacha go príomha. Go deimhinn, rincí Gaelacha a deirtear, ní cuimhinn liom damhsaí Gaelacha a chloisteáil riamh. Samhlaím dahmsa mar fhocal níos ginearálta a chlúdaíonn gach cineál de dhamhsa, go háirithe na cinn nach bhfuil traidisiúnta i gcultúr na hÉireann. Mar shampla, déarfainn damhsóir bailé seachas rinceoir bailé. Níl ann ach mo theoric phearsanta, áfach. Is mise, Michal Boleslav Mechura
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 147 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 09:37 am: |
|
Tá, nach úsáidtear “rince” ach sa deisceart, go bhfios dhom. Léigh "nach ũ:sáidtear"... :))) Rinne mé dearmad ar "n", gabh mo leithscéal... |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1330 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 11:15 am: |
|
quote:Ceapaim go mbaineann an focal rince leis an rincí Gaelacha go príomha. Ach, ar an taobh eile, éistigí leis an amhrán "Rince, Rince, Rince" ag: http://www.futafata.com/Bliain.html Dála an scéil, is as Co. Mhaigh Eo don údar/amhránaí ó cheart. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 148 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 04:24 pm: |
|
Dála an scéil, is as Co. Mhaigh Eo don údar/amhránaí ó cheart. Sea, baineadh leas as an bhfocal seo i gCarna freisin, de réir Bhriain Uí Churnáin. Agus is cuimhin liom an t-amhrán den dara halbum Chlannad, “Rince Breatnach” atá air. Dhá bhrí sin, féadtar a rá gur eol sin i dTír Chonaill chomh maith. Ach is sompla clasaiceach é an focal seo nuair atá difríochtaí eidir na canúintí i gceist: deirtear “rince” sa deisceart agus “damhsa” sa tuaisceart, seo é a fuair mé in ‘Atlas&Survey’ le Wagner. Cogar, arbh fhéidir nach mbeadh eolas ag na Muimhnigh ar “damhsa” ar chor ar bith? |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 149 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 04:25 pm: |
|
HA!!! Rinne mé cuartú i dtobar na Gaeilge, agus is iontach na torthaí a thug sé: rince – is aon uair amháin a d’úsáid an Muimhneach Pádraig Ua Maoileáin an focal seo agus gan ‘damhsa’ a bheith aige ar chor ar bith. damhsa – tá cuid an-mhaith de shomplaí leis an bhfocal seo i dtéascannaí na n-údarachaí as Dún na nGall, ach ní bhaineann siad úsáid as “rince”. Sé Cúige Chonnacht – mar atá sé i gcónaí – an áit nach bhfuil aon léamh uirthi... Fuair an tobar níos mó de ‘rinceannaí’ (27) ná de ‘dhamhsannaí’ (4) in ‘Feamann Bhealtaine’ le Máirtín Ó Díreáin agus in ‘An Mothall sin ort’ le Seán Ó Ruadháin!!! Más mian libh, is féidir liom roinnt de na somplacha seo a sholáthar dhaoibh. |
|
|