Author |
Message |
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 132 Registered: 01-2006
| Posted on Sunday, May 07, 2006 - 02:32 pm: |
|
Haigh! Seachas cupla ainm de mhíonna a bhí traidisiúnta roimh an gCaighdeán (m.sh. Bealtaine, Samhain), tionscnaíodh na haimneacha eile thríd an scoil leis an nGaeilge oifigiúil. Sin é an fáth a bhfuil an focal mínormálta (ó thaobh an fhuaimnithe dhe) ‘Meitheamh’ i nGaeilge Chonamara. Chonaic mé féin na hainmneacha canúna a leanas: Mí na Féile Bríde le aghaidh Mí Feabhra Mí na Féile Eoin le aghaidh Mí an Mheithimh Mí na Súl Buí (ó ‘súil’ ar brí leis ‘cineál bláth’) le aghaidh Mí Iúil An bhfuil eolas ag aon duine ar thuilleadh acu? Le meas, Peter (Message edited by Peter on May 07, 2006) |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 133 Registered: 01-2006
| Posted on Sunday, May 07, 2006 - 02:55 pm: |
|
Níl a fhios agam cén t-údar nach ‘in iad ‘Mí Fhéile Bríde/Eoin’ ina n-áit. |
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 15 Registered: 11-2005
| Posted on Sunday, May 07, 2006 - 07:21 pm: |
|
Is ionann 'Moghrán' agus Deireadh Foghmhair de réir Fhoclóra Uí Dhuinnín. 'Moghrán' is another name for October according to Dinneen. Séamus Ó Murchadha
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1303 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, May 07, 2006 - 09:43 pm: |
|
An bhfuil eolas ag aon duine ar thuilleadh acu? There are loads of other names; you can find them in Mac Cionnaith's English-irish dictionary. Since it is an old book and quite hard to find, I'll give them here (even though it'll take a while to copy them all!): January = (Mí) Eanair (Munster); Geanar, Gionbhar (in Dinneen’s). February = (Mí) Feabhra (Munster), Mí na bhFaoillí (Connaught), Mí na bhFaoigheall (Connaught), Mí na bhFaoilleach (Connaught & Ulster), Mí Fhéile Bríde (Munster), Mí na Féil(e) Bríde (Munster), an Chéad Mhí d’Earrach (Munster & Connaught) March = Márta (masculine in Connaught, Munster, Ulster, but sometimes feminine in Munster); Mí an Mhárta (Munster, Connaught, Ulster), Mí na Márta (Munster) April = Abrán (Munster), Aibreán (Connaught, Ulster) May = Bealtaine (Dinneen’s), Bealltaine or Beallthaine (Munster), Beáltaine (Ulster & Connaught). June = Mí Mheáin (Connaught), Mí Mheáin an tSamhraidh (Connaught, Ulster), Mí na Féile Eoin (Connaught, Ulster), Mí an Mheithimh (Connaught, Munster), Meitheamh an tSamhraidh (Connaught, Munster). July = Iul, Mí an Iuil (Connaught, Munster), Mí an Ocrais (Connaught), Mí na Súl mBuí (Connaught), Mí na Súl Buí (Ulster), Mí na hIlle (Ulster) August = Lúnasa (Munster), Lúnas (Connaught), Lúnasna (Ulster) and the same nouns with "Mí an" followed by these nouns. September = Meán Fómhair (Connaught), Meán Fhómhair (Ulster, Munster), Mí Mheáin an Fhómhair (Connaught, Ulster), Meitheamh an Fhómhair (Munster), Márta an Fhómhair (Ulster) October = Deireadh Fómhair, Deireadh an Fhómhair, Mí Dheiridh an Fhómhair November = Samhain, Mí na Samhna December: quite strangely, it isn’t in that dictionary. Must be "Mí na Nollag" in most places, I think. Tír Chonaill abú!
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 135 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, May 08, 2006 - 09:39 am: |
|
Bhabh! Is fiú é a chóipeáil agus – an rud níos tábhachtaí - a chur de ghlanmheabhair mar ní raibh mé sásta ariamh le na hainmneacha míonna caighdeánacha, cé gur dóigh liom gur imigh na cinn thraidisiúnta ar ceal is nach féidir iad a fháil ach sa mbéaloideas. GRMA, a Lughaidh! Ní shílim go bhfuil mé in ann “faoilleach”, “faoigheall” a fháil sa bhfoclóirín atá ‘amsa. Agus céard i dtaobh “moghrán”, an bhfuil a fhios ag aonduine foinse an fhocail seo? A chuid “etymology” atá i gceist agam, ar ndóigh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3109 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 08, 2006 - 11:25 am: |
|
Tá tuairim agam go bhfuil baint aige le "fuilleach" - ní bheadh fágtha ach béagan bídh ón Fomhair roimhe. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 138 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, May 08, 2006 - 01:19 pm: |
|
Tá tuairim agam go bhfuil baint aige le "fuilleach" - ní bheadh fágtha ach béagan bídh ón Fomhair roimhe. Sea, agus ansin teagann Mí an Ocrais agus gan bia ar bith a bheith ann le n-ithe dubh bán ná riabhach... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3111 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 09, 2006 - 06:46 am: |
|
Tá amhras orm faoin tuairim sin anois, ó d'fhéach mé ar Dinneen aréir. Doineann an brí atá aige síúd leis, agus cúpla fó bhrí i. gur deireadh na míosa a bhí i gceist. Ní thugann sé aon breis eolais faoi Móghran, faraor, ach tagairt gan foinse. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 143 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, May 09, 2006 - 12:17 pm: |
|
Sea, go raibh maith agat as do chuid mínithe. |
|
|