Author |
Message |
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 149 Registered: 03-2006
| Posted on Friday, April 14, 2006 - 04:03 am: |
|
Conas a deirtear an focal so? [m`i'lu:ka:n] nó ['m`ilëvëka:n]? Is "ë" schwa. Ádh mór daoibh! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1268 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, April 14, 2006 - 01:10 pm: |
|
Braitheann sé ar an gcanúint, is dócha. /m'æLëvëka:N/ a deirimse (ach ní go minic -- it's not a very common word), ach beinn lán-sásta le "mealúcán" mar fhuaimniú. Agus tá (nó bhíodh) "bleamhacán" le cloisteáil i gConamara. Féach fresin: searbhas (s'ærëvës) nó "searús" cearrbhach (k'ærëvëx) nó "cearrúch" gealbhan (g'æLëvëN) nó ?? "gealún" ?? sealbhach (s'æLëvëx) nó ?? "sealúch" ?? |
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 152 Registered: 03-2006
| Posted on Saturday, April 15, 2006 - 09:25 am: |
|
Go raibh maith agat, a Dhonncha! Ansan conas adeirtear "arbhar" i gConamara? ['arëvër], ná deirtear? Táim cinnte go bhfuil an focal so [a'ru:r] i Mumhain. Más fuaimniú san, tá a fhios againn conas le rá "mealbhacán" i Mumhain! FRC dem ghramadaigh |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 24 Registered: 03-2006
| Posted on Saturday, April 15, 2006 - 09:54 am: |
|
Déarfainn féin "ar-úr" agus an béim ar an tarna siolla. Ach de bharr go mbíodh an-teagmháil agam le Gaeilgeoirí ó dhúchais ó Thír Chonaill, Chonnamara agus ó Choirce Dhuibhne, is féidir liom a chinntiú dhuit go mbeadh an fuiamniú a thugas thuas iontuigthe go héasca acu go léir. Agus maidir leis an mbéim, de ghnáth titeann sí ar an gcéad shiolla. Ach is nós Muimhneach é é a aistriú go dtí siolla fada a thagann níos déanaí sa bhfocal. (Agus tá an dá "é" toiliúil - ach b'fhéidir go bhuil camóg in easnamh.) |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 81 Registered: 01-2006
| Posted on Sunday, April 16, 2006 - 02:02 pm: |
|
Haigh! Tá mé sách siúráilte go ndeirtear an focal i gceist mar /`a(:)ru:r/ i gConamara. Ach ní dóigh liom go bhfuiltear i riocht riail daingean as an síleachtáil seo a dhéanamh mar gheall air gurbh fhéidir níos mó ná foirm amháin a bheith ag na focla le bh/mh sa bhfréimh sa gcanúint cheanann chéanna. Tá neart somplacha de leaganacha mar seo i gcaint Chois Fhairrge, go fiú’s ag an gcainteoir amháin. Le meas, Peter FRC |
|