Conas a deirtear "Is amadán mise ach féach ar mo thatú álainn"i mBéarla? Ba mhaith liom an tatú sin ar mo shrón féin, droim ar ais -- mar sin b'fhéidir liom é a léamh nuair a feicim sa scáthán gach maidin. Ó, agus ba mhaith liom é i gClingon chomh maith, ar mo chlár éadain (idir na roic).
Tusa anois ag baint spóirt as na mugail? Shíl mé nach raibh cnámh mhailíseach i do chorp, a Chionaoidh. Ach ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí ... buíochas le dia!
Nílim mailiseach, nílim ach faiseanta cosúil leis na páistí eile.
Tá smaoineamh nua agam; ba mhaith liom tatú ar mo thóin féin -- conas a deirtear "Tá mo cheann féin amaideach istigh ann, ach féach ar mo thatú álainn" i mBéarla? Beidh sé an-fhaiseanta, measaim.