Tá scéilín agam duit, a Chaitríona. Cúpla bliain ó shin scríobh údar chuig Old-Irish-L ag iarraidh cabhrach le húrscéal nua do dhaoine óga i bhí idir lámha aici:
Stormriders, an tríú ceann sa sraith "Viking Magic". Bhí carachtar Éireannach sa cheann seo, Dúngal, buachaill óg a gabhadh leis na Lochlannaigh. Bhí an t-údar, Anna Ciddor, ag iarraidh beagán Sean-Ghaeilge a chur i mbéal an charactair seo, focail aonair den chuid is mó:
Dublinn, Ériu, srl. Agus chum muid dhá abairt i Sean-Ghaeilge a d'úsáid sí:
Tothaim cen éirge foirib uili!
Nom léic m'óenur! An dtuigeann tú? "Titim gan éirí oraibh uile!" agus "Lig mé i m'aonar!"
Chuir sí cóip den leabhar chugam, a foilsíodh san Astráil i 2004.
http://www.viking-magic.com/