quote:Tá scribhinní gaeilge ann ón 6ú aois ar a laghad. [...] caithfidh tú ogham a chuir san áireamh freisin
Taobh amuigh de na hinscríbhinní oghaim (nach bhfuil mórán iontu ach ainmneacha daoine), is é an "Cambrai Homily" an téacs Gaeilge is luaithe ar féidir dáta réasúnta cinnte a thabhairt dó. Am éigin idir 763 agus 780 a scríobhadh an LS a bhfuil an téacs seo ann. Ach is léir gur
cóip den bhuntéacs atá againn sa LS sin, agus tá scoláirí den tuairim gur scríobhadh an téacs féin den chéad uair am éigin roimh 700 AD.
Ní saineolaí mé i gcúrsaí Old English, ach deirtear gurb é "Caedmon's Hymn", a scríobhadh idir 650 agus 680, an chéad théacs sa tSean-Bhéarla atá againn.
Is deacair, mar sin, a chruthú go bhfuil litríocht na Gaeilge níos sine na litríocht an Bhéarla,
ach tá i bhfad níos mó i nGaeilge ón Mheánaois luath ná mar atá sa Bhéarla ón tréimhse chéanna.