Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 748 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, December 13, 2005 - 10:51 am: |
|
Cé mhéad Santa Claus (Daidí na Nollag) atá ag teastáil le bolgán solais a athrú? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2680 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 13, 2005 - 11:11 am: |
|
An gcreideann an bolgán? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 891 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 13, 2005 - 11:37 am: |
|
Ní thuigim a dúirt tú, a Aonghuis; an bhfuil tú ag fiafraí: Does the bulb believe? Fáilte Roimh Cheartúcháin
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 752 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, December 13, 2005 - 03:42 pm: |
|
Bobcheist atá ann, ó nach ann do Shanta. Ach má chreideann an bolgán go bhfuil Santa ann...? Tá sé sin i bhfad ró theological domsa! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2685 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 06:09 am: |
|
Cé mhéad bolgán a rinceann ar cheann aingil? Ceann eile: Tá Giorria na Cásca, Daidí na Nollaig, dlíodóir bocht agus dlíodóir saibhir ag siúl an bhealaigh nuair a fheiceann siad $100. Cé thógann é? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 258 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 09:30 am: |
|
Dlíodóir saibhir, is dócha, mar níl Giorria na Cásca, ná Daidí na Nollaig, ná dlíodóir bocht ann. (Chuala mé an ceann seo mar 'dlíodóir iontaofa agus dlíodóir cam,' nó rud mar sin). |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 755 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 11:18 am: |
|
quote:Giorria na Cásca, Daidí na Nollaig Ó alt a scríobh Nuala Ní Dhomhnaill ar an New York Times sa bhliain 1995: "By now I must have spent whole years of my life burrowing in the department of folklore at University College, Dublin.... Indeed, there is a drawer in the index entitled 'Neacha neamhbheo agus nithe nach bhfuil ann'...." |
|
Fear_na_gcrúb
Member Username: Fear_na_gcrúb
Post Number: 17 Registered: 11-2005
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 11:27 am: |
|
Anois Dennis, agus tú ag caint ar an bhean sin An dtuigeann éinne agaibh filíocht Nuala Ní Dhomhnaill? Tá muid ag déanamh rud beag staidéir ar a cuid saothair san am i láthair...tuigim féin gach focal, ach ní thuigim a gciall? An bhfuil duine ar bith amuigh ansin a bheadh in ann mé a threorú? Is maith liom ráitis bheaga shimplí ghonta shoiléire. Ní bheadh an t-am agam lá airde a thabhairt ar chaint ró-theibí... Dhá dhán ar leith atá á dhéanamh agam san am i láthair...Na Murúcha agus An Bainne Cíche...gheobhaidh mé teideal an chinn eile ar ball... osclóimid sraith teachtaireachtaí ar leith má shílim go mbeidh díospóireacht faoi seo... Má tchíonn tú earráid chló/litrithe nó ghramadaí anseo, coinnigh faoi rún í, agus tabhair bualadh bos duit féin :-)
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 260 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 12:06 pm: |
|
Bíonn sí ag magadh fút. ;- ) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 756 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 12:14 pm: |
|
A Sheáin, An dán is ansa liomsa ná "An Bád Sí", atá le cloisteáil ag: http://www.lyrikline.org/en/ShowPoem.aspx?authorId=nn00&poemId=1955 Tá an ceann sin réasúnta éasca a thuiscint agus "down to earth", bíodh is go bhfuil cur síos ann ar eachtra osnádúrtha. Feicim go bhfuil "Na Murúcha a Thriomaigh" sa díolaim chéanna ar-líne. Caithfidh mé cloisteáil leis anois. Is léir don tsúil, áfach, go bhfuil sé níos faide agus ... bhuel ... níos téagartha. *osna* |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 12:54 pm: |
|
"An dtuigeann éinne agaibh filíocht Nuala Ní Dhomhnaill? " Ní thuigtear filíocht, mothaítear é. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 261 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 02:06 pm: |
|
Cacamas. Ach cacamas fileata. I bhfírinne, braitheann sé ar an bhfile, agus fiú ar an ndán atá i gceist. Go minic i bhfilíocht nua-aimseartha, ní bhíonn ciall ann, gan nodanna nach mbíonn ag an léitheoir gan chabhair ón té a scríobh. Ach ní bhíonn sé amhlaidh i gcónaí. Ní scríobhaimse mar sin. Agus ní bhíonn gach rud a scríobhann Nuala mar sin, ach oiread. Cuid de shraith an dán sin faoin murúch, sílim. Tagann roinnt dá cuid as brionglóidí agus uireanta ní bhíonn 'cuspóir' ann ar chor ar bith, ach aiteas, agus ceisteanna. Ba chóir dúinn an téad seo a bhogadh go dtí an taobh eile... |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 02:18 pm: |
|
Uaireanta sílim gur cacamas an domhan uile agat, a shéamais |
|