mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (November-December) » Archive through December 23, 2005 » Fine Gall fós ar strae « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 384
Registered: 06-2005


Posted on Tuesday, December 13, 2005 - 10:09 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Agus leanann an scéal ar aghaidh...

Fuaireas an freagra seo ó Enda Kenny mar gheall ar r-phost gur sheol mé mar Chathaoirleach An Chumann Gaelach DCU ar lá na h-agóide cúpla seachtain ó shin.

"
A chara

Go raibh maith agat as dul i dteangmháil liom maidir le mo ráitis le déanaí
i dtaobh na Gaeilge sa chóras oideachais.

Nuair a d’éiligh mé go mbeadh cur chuige nua i leith na Gaeilge inár gcórus
oideachais agus in ár sochaí trí chéile bhí sé bunaithe ar fhírinne staid
na teanga i láthair na huaire.

Tá a fhios againn go bhfuil formhór na ndaoine óga ag fógáil na scoile gan
fiú máistreacht réasúnta a bheith acu ar an teanga, cé gurb é an Ghaeilge
an t-aon ábhar atá éigeantach tar éis an Teastais Shóisearaigh. Dearbhaíonn
statisicí ón Roinn Oideachais go dtugann níos lú daoine óga a fhoghlaimíonn
an Gaeilge faoin bpáipéar ardleibhéal san Ardteistiméireacht ná i gcás aon
teanga eile sa churriculum. Thairis sin, léirigh Daonáireamh 2002 dúinn go
dtiteann úsáid na Gaeilge chomh luath agus a fhágann daoine óga an scoil.

Creidim go bhfuil níos mó dochair ná maitheas á dhéanamh ag an gcur chuige
i leith na Gaeilge atá againn i láthair na huaire. Chun dul i ngleic lena
fíor fhadhbanna atá ag an nGaeilge anois, táim ag iarraidh go ndéanfaí
beart i réimsí aírithe, ag leagan amach trí chéim gur chóir a ghlacadh chun
an Gaeilge a chasmhnú do mhuintir na hÉireann inniu agus dona glúnta atá le
teacht.

Ní mór dúinn an curracalam a leasú. Creidim gur choir dúinn an cumas chun
an Gaeilge a úsáid mar theanga bheo a thabhairt do gach páiste. Ní mór
dúinn é sin a thabhairt i gcrích tré dhíriú anois sna scoileanna ar an
nGaeilge mar theanga labhartha.

Ní mór dúinn deireadh a chur leis an nGaeilge éigeantach tar éis an Teastas
Shóisearaigh. Is uirlís maol í an t-éigean. Nuair a chuirimid iachaill ag
na daoine óga go léir an Ghaeilge a fhoghlaim go dtí an Ardteist táimid ag
ruaigeadh a lán acu ó theangmháil ar bith ar bhealach atá beo dóibh nó
dearfa le gné rí-thábhachtach dár n-oidhreacht cultúrtha.

Mar atá cúrsaí anois, is í an Gaeilge an t-aon ábhar go gcaithfidh na
micléinn dara leibhéal go léir a dhéanamh tar éis scrúdú an Teastais
Shóisearaigh.

Má thugtar rogha, beidh na daoine a leanann leis an nGaeilge ag an leibhéal
sinsearach dílis don teanga. Múinfear iad i ranganna ina bhfuil micléinn go
dteastaíonn uathu a bheith ansin, in ionad an chaoi a bhfuil cúrsaí faoi
láthair nuair a theastaíonn ó go leor macléinn bheith áit éigin eile, ag
foghlaim rud éigin eile.

Ciallaíonn sé seo go mbeidh níos mó ama ag na daoine óga sin a roghnaíonn
gan leanúint leis an nGaeilge go dtí an Árdteist chun díriú ar an hábhair
go bhfuil suim acu iontu. Tá rábhacht ar leith le seo. Ní chuirfear
iachaill ar dhaoine óga bheith páirteach go neamhtioltreanach i bpróiséas
oideachasúil nach n-oibríonn dóibh go gearrtéarmach agus a mharaíonn an grá
don Gaeilge, dar liom, mar aon le seans ar bith go roghnóidh siad í a
foghlaim sa todhchaí.

Ní mór dúinn plean réadúil náisiúnta a chur ar bun chun tacú leis an
Gaeilge do pháistí agus dhaoine óga fásta. Mar chuid den phróiséas seo, ní
mór dúinn gníomhí ar an moladh a bhí ag an gCoimisinéir Teanga go ndéanfaí
athbhreithniú cuimsitheach ar gach gné de mhúineadh na Gaeilge. Ní mór
dúinn díograis agus saineolas ár múinteoirí a úsáid ar ár leas chun an
bealach a múintear an Ghaeilge a leasú anois. Agus, ní mór dúinn deiseanna
níos fearr a chur ar fáil do dhaoine fásta gur mian leo a dteanga a
fhoghlaim teacht ar ranganna Gaeilge.

Tá go leor athraithe dearfa ag tarlú maidir leis an Gaeilge mar an borradh
ar na Gaelscoileanna agus an rath atá ar TG4. Ach, tá na forbairtí seo ag
tarlú in ainneoin an chur chuige oifigiúil i leith na Gaeilge sa chóras
oideachas, agus ní dá dheoin. Ní mór dúinn, ar láimh amháin, na forbartí
dearfa seo a ghríosadh, agus ar an lámh eile na gnéithe sin dár gcur chuige
anois a bhfuil níos mó dochair ná maitheasa á dhéanamh acu a leasú.

Teastaíonn uaim an Gaeilge a neartú agus atmaisféar a chruthú inar féidir
le cách idir óg agus aosta í a úsáid ar bhealach i bhfad níos forleithne.
Níl an cur chuige polaitiúil atá againn i láthair na huaire ag obair agus
tá gá againn le cur chuige agus smaointe nua chun go mbeidh borradh ar an
nGaeilge anois agus sa todhchaí.

Chuirfinn fáilte, am ar bith, roimh aon mholadh gur mhian leat a dhéanamh
chun é seo a thabhairt i gcrích.

Is mise le meas

Enda Kenny TD
Leader of Fine Gael"

Chancer ar fad is ea é.

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2681
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, December 13, 2005 - 11:13 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sin an freagra uathoibríoch uaidh - tá sé feicthe agam cheana (seolta ag daoin eile).

Tabhair faoi ndeara an siniú: "Leader of Fine Gael" seachas "Ceannaire Fhine Gaeil"

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An Dub (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, December 13, 2005 - 03:08 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Fine Gall fós ar strae" - ar tharla crith talún?

Nach é "Fine Gall" an t-ainm atá ar an gcontae nua i dtuaisceart Átha Cliath?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 386
Registered: 06-2005


Posted on Tuesday, December 13, 2005 - 04:25 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhuel déarfainn im thuairimse pearsanta féin gur ainm níos oiriúnigh é Fine GALL dóibh a dhéanfaidh damáiste don teanga agus iad i gcumhacht...Seachas an t-ainm ceart agus cad é? Fine Gael The United Ireland Party. Creid é nó ná creid.
Dála an scéil ní contae é Fine Gall - ach ceantar.. Ba chóir go mbeadh a leithéid ar eolas agat agus tú id Dhub! ;)

Yep aonghus thugas féin é sin faoi deara.. Agus an gcreidfeá - ní raibh ionadh orm :O !!

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_gcrúb
Member
Username: Fear_na_gcrúb

Post Number: 13
Registered: 11-2005
Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 08:33 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Lámh ag bualadh agus lámh ag tarrtháil" atá sa litir sin. Sin an cleas a bhíonn ag lucht na polaitíochta nuair is mian leo céim siar a thabhairt don Ghaeilge. Tuigeann siad go maith go bhfuil bá an phobail leis an Ghaeilge, nó go bhfuil bá ag cuid mhór den phobal ar a laghad, agus dá bhrí sin, caithfidh siad culaith na maitheasa a chur ar gach drochghníomh atá á bheartú acu.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2688
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 08:58 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

B'iad an drong chéanna, leis an léithscéal chéanna, a chuir deireadh le riachtanas Ghaeilge san Státseirbhís - arbh gá an acht teanga chun an dochar a deineadh a leigheas.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Duine (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 02:10 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá siad uilig chomh dona lena chéile! Fiú má fuair FG réigh leis an riachtanas le Gaeilge don Státseirbhís, bhí FF díreach tar éis neamhshuim a dhéanamh den Ghaeilge nuair a chuamar isteach san Aontas Eorpach roimhe sin agus ní thug siad riachtanas na Gaeilge sa Státseirbhís ar ais ach an oiread. Cé is moite Éamon Ó Cuív agus corrdhuine eile tá an dream atá i gcumhacht díreach chomh dona leo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, December 15, 2005 - 10:51 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Throid an rialtas seo chun Gaeilge a bheith aitheanta mar teanga oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Sé an rialtas chomh maith a chuir an tAcht Teangacha i bhfeidhm, agus an rialtas a chuir an t-ainm ceart ar na háiteanna sa Ghaeltacht.

Ní féidir Béarla a chur ar chosc, a leads, ní nuair a tá sé ag gach daoine sa tír in ionad na Gaeilge.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 390
Registered: 06-2005


Posted on Friday, December 16, 2005 - 06:12 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní dhéanann FF go leor. Scéal níos measa do gach páirtí a bhí i gcomhrialtas cheana féin.

Cé a bhí i gcumhacht nuair a bhíomar tar éis teacht isteach mar bhall den Aontas Eorpach? FF nó FG?

Agus nuair a bhí cibé páirtí eile i gcumhacht ina ndiaidh rinneadh tada ar son stádais na Gaeilge.

Le cúnamh Dé rachaidh siad i dtreo an tsolais am éigin go luath.

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 391
Registered: 06-2005


Posted on Friday, December 16, 2005 - 06:22 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Agus goile, tá sé de dhualgas ar gach Rialtas Oidhreacht, cultúr agus teanga / teangacha na tíre a chosaint agus iad a chur chun cinn.

Ní hé an cás go bhfuilid ag déanamh obair (an méid bheag atá ar siul acu) ó mhaitheas a gcroí.

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river



©Daltaí na Gaeilge