Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2561 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 25, 2005 - 03:37 pm: |
|
Bhí leathchluas agam le Cuideachta an RnaG ar maidin. Scéal ón mbéaloideas a bhí ann, faoi misnéir óg ag iarradh fear a mhealladh thar nais chun na heaglaise. Bhí an fear a féachaint ar a chuid eallaigh nuair a tháinig an sagart óg. "An bhfeiceann tú an bullán bhreá sin?" arsa an sagartín - "Rinne Dia é!" "B'fhéidir go ndearna Dia mar tharbh é, ach is mise a rinne bullan dé" |