Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, November 22, 2005 - 05:49 am: |
|
Is é an trua nach féidir Éire, An Eoraip, a áireamh i nGaeilg a Aonghuis, nó an féidir? |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2537 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 22, 2005 - 06:09 am: |
|
Ní heol dhom, a Sheosaimh. Níl fhios agam conas a ghintear an léarscáil úd. |
Imeallach (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, November 22, 2005 - 09:37 am: |
|
Go bhfios dom, ní féidir bun-airíonna an léarscáil a athrú. Tá an tseirbhís seo "Frappr" ag baint úsáid as "Google Maps", bun-shraith triallach (nó "Beta") atá curtha ar fáil ag Google le féachaint cén úsáid a bhainfí as. Ag an bpoinnte seo caithfear cloí leis na leaganacha logainmneacha atá ar fáil, ach tá an fhadhb chéanna ag úsáiditheoirí na teicneolaíochta seo is cuma cén teanga is dual dóibh. Tá rud amháin suimiúil mar sin féin. N'fheadar cá bhfuair Google an t-eolas, ach is cosúil go dtéann an léarscáil seo níos faide ná an Acht Teangan maidir le Gaelú logainmneacha galltacha in Éirinn. Tá na h-oileán ar fad i nGaeilge, is cuma cá bhfuil siad, Oileán an Bhulla i mBÁC san áireamh, agus níl tásc na tuairisc ar Galway, Tipperary, ná fiú Kilkenny!!! :-) |