Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 633 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, November 21, 2005 - 11:22 am: |
|
Cén aois a bhí sé nuair a scríobh sé Fiche Bliain ag Fás? Léigh mé go raibh sé ina gharda i gConamara níos faide anonn ina shaol, agus is léir óna dhátaí, 1904-1950, go bhfuair sé bás sách óg. Céard a tharla dó? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 33 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, November 21, 2005 - 11:31 am: |
|
Tá cóip den chéad athchló agam agus deir sé go dtáinic an chéad chló amach sa bhliain 1933. |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, November 21, 2005 - 11:40 am: |
|
Fuair sé bás le timpist snámha. Ar dheis Dé go raibh a anam |
|
Paul (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, November 21, 2005 - 01:43 pm: |
|
Fuair sé bás le timpist snámha... i mBóthar na Trá. Chuala mé go bhfuil uaigh Mhúiris lonnaithe ar an gCeathrú Rua. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 237 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, November 21, 2005 - 04:16 pm: |
|
Chuala mé go raibh lámh ina bhás féin aige, mar ní raibh sé sásta lena shaol mar gharda. Is dócha gur deacair a bheith cinnte faoina leithéid san fharraige. |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 831 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 22, 2005 - 05:36 am: |
|
"Chuala mé go raibh lámh ina bhás féin aige, mar ní raibh sé sásta lena shaol mar gharda." Chuirfeadh sé sin ionadh orm. Tá an ceart agat, ní raibh sé sásta lena shaol mar gharda, ach ní raibh sé ag obair san am san. Bhí sé ag snámh nuair a fuair sé saghas "heart attack", is é sin a rud chuala i gcónaí. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, November 22, 2005 - 05:45 am: |
|
>>>Chuala mé go raibh .... An ceart ag Jonas a Shéamais, a mhalairt ghlan a mhothaíos'sa chomh maith. Chuaigh sé amach ag snámh gar go leor do Chnoc na Lus (Gentian Hill/i ngaobhar na cathrach/Cnoc na Cathrach, Br. na Trá), Oileán na gCoiníní go baileach. Chuaigh feacht láidir farraige ina choinne ach throid sé, ag snámh ina choinne ar feadh achair fada ag iarraidh an talamh a bhaint amach. Bhain sé an tanaí amach faoi dheireadh tugtha traochta, bhuail taom é agus bádh ansin é i ndoimhneacht troighe go leith uisce nó mar sin. Idir Oileán na gCoiníní agus tír mór a bhí sé. Tá bráid thanaí ansin san áit ar fritheadh é. Mura dtroidfeadh sé i gcoinne an tsrutha san áit a raibh sé, thiocfadh sé as, ach an duine bocht, níor thuig sé an áit. Bhí sé buailte ag an taoide thrá amach idir an t-oileán (leithinis ó cheart anois é) agus tír mór. Ag snámh a bhí sé, mar ba ghnách leis. Shnámhadh sé gach lá. Rud éigin eile a tharla ní ba luaithe an lá sin, nach cuimhin liom, a chuir i dtreo na Trá Báine é. Bhí ar intinn aige gabháil ag snámh i mball éigin eile roimhe sin. Sin mar a chualas'sa a chairde. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 238 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, November 22, 2005 - 11:13 am: |
|
Bhuel, táim an-sásta bheith mícheart faoina leithéid. Ba mhór a chailliúint. Is mór an trua é nach mbeidh an dara leabhar a scríobh sé againn riamh, de réir dealraimh. |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, November 22, 2005 - 12:26 pm: |
|
A Sheosaimh Mhic Mhuirí, Is maith liom do leagan ar thásc Mhuiris, Dia go deo leat. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 640 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, November 22, 2005 - 01:24 pm: |
|
A Sheosaimh, Go raibh maith agat as an gcuntas sin. Scríobh Séamas: Is mór an trua é nach mbeidh an dara leabhar a scríobh sé againn riamh, de réir dealraimh. Léigh mé áit éigin ar an idirlíon gur scríobh an Súilleabhánach an dara leabhar, faoina shaol sna Gardaí, leabhar nár foilsíodh riamh. An fíor sin, a Sheosaimh? |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, November 23, 2005 - 06:12 am: |
|
Is fíor gur thug sé iarracht ar leabhar eile a scríobh. Nuair a bhí sé i mbeairic Indreabháin, thug sé faoi leabhar (cruthaíoch seachas dírbheathaisnéisiúil sílim), leabhar éigin nach feasach mé ina thaobh, ach de réir na tuairisce (TG4 cúpla bliain ó shin) ní raibh aon rath ar an iarracht. Bhí aithne mhór ar a mhac Eoghan sna 60aidí as an aisteoireacht, ar an teilifís go háirithe. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 646 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 23, 2005 - 12:15 pm: |
|
Deirtear go bhfuil leabhar amháin i ngach duine. Is méanar dúinn go raibh leabhar an tSúilleabhánaigh chomh taitneamhach sin. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, November 23, 2005 - 01:16 pm: |
|
Abair é a Dennis, bhí sé sin ann. Spleodar na hóige. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2552 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 24, 2005 - 04:43 pm: |
|
Bhíos ag seoladh leabhair nua Mhíchíl Uí Bhreartúin, Sreangscéal, níos luaithe. Tá athchló ann ar leabhrán a d'fhoilsigh an Súilleabhanach ar leagadh an cábla idir Éireann agus SAM. I 1938 a foilsíodh an leabhrán. Tá tagairt ann freisin do chnuasach iriseoireachta dá chuid - Ó Oileán go Cuilleán (2000) |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, November 25, 2005 - 04:19 am: |
|
GRM agat a Aonghuis. Ba cheart dom súil a chaitheamh ar an leabhar seo ag Eo Feasa le teacht ar an eolas go léir faoi: http://www.eofeasa.ie/cuplafocal/catalog/product_info.php?cPath=28&products_id=1 555 'Saol agus Saothar' Muiris Ó Súilleabháin €7.00 le Nuala Ní Aimhirgín (This product was added to our catalog on Saturday 24 April, 2004.) Is Ciarraíoch í an t-údar, mura bhfuil dul amú orm. |
|