mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » An Aimsir Gnáthchaite « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Sunday, November 13, 2005 - 09:38 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cathain a úsáidtear an aimsir seo? An é an 'used to' atá i mBéarla, nó an 'Imperfect Tense' atá ann, mar atá sa Fhraincis?

Buíochas libh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Larry
Member
Username: Larry

Post Number: 89
Registered: 08-2004
Posted on Sunday, November 13, 2005 - 10:04 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Mar shampla:
d'óladh sé caife ach ólann sé tae anois - he used to drink coffee but he drinks tea now

Larry Ackerman

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 825
Registered: 08-2004
Posted on Sunday, November 13, 2005 - 11:42 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Smaoinigh ar na huaireannta a ndeir tú "would" as Béarla. Dhá shampla duit:

1) I'm 26 today. If I had money, I would buy food.
2) When I was a child, if I had money, I would buy food.

1: Sin an Modh Cionnaíollach.

2: Sin an Aimsir Gnáthchaite

Maith dom as Béarla a úsáid, ag tá orm seo a mhíniú: With the Aimsir Gnáthchaite, you're referring to something that you did or used to do at a particular time (ie. past tense).

Seo hiad as Gaeilge:

1) Táim fiche sé inniu. Dá mbeadh airgead agam, cheannóinn bia.
2) Agus mé i mo pháiste, dá mbíodh airgead agam, cheannaínn bia.

When he was fishing, he would use dynamite.
Nuair a bhíodh sé ag iascaireacht, d'úsaideadh sé dinimít.

He used to use dynamite when he was fishing.
He would use dynamite when he was fishing.
D'úsáideadh sé dinimít agus é ag iascaireacht.

Fáilte Roimh Cheartúcháin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 999
Registered: 01-2005
Posted on Sunday, November 13, 2005 - 01:32 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>Cathain a úsáidtear an aimsir seo? An é an 'used to' >atá i mBéarla, nó an 'Imperfect Tense' atá ann, mar atá >sa Fhraincis?

"Used to" i mBéarla. Tá cuid mhór ciall ag "imparfait" na Fraincise, tá sé i bhfad níos coitianta ná aimsir ghnáthchaite na Gaeilge.

>With the Aimsir Gnáthchaite, you're referring to something that you did or used to do at a particular time (ie. past tense).

Not something you did (this would be the normal past=preterite), just something you used to do.

>1) Táim fiche sé inniu.

Ní dóigh liom gur féidir sin a ráidht. "Táim sé bliana fichead/is fiche/ar fhichid inniu" ba chóra a ráidht. Tá cuma Bhéarla ar "táim fiche sé" < I am twenty-six.

2) Agus mé i mo pháiste, dá mbíodh airgead agam, cheannaínn bia.

That isn't the past habitual, it is called "past subjunctive" in Irish; actually it would be better to call it Past Conditional. It has the same conjugation as the aimsir ghnáthchaite (past habitual), but the meaning is different.

When he was fishing, he would use dynamite.
Nuair a bhíodh sé ag iascaireacht, d'úsaideadh sé dinimít.

He used to use dynamite when he was fishing.
He would use dynamite when he was fishing.
D'úsáideadh sé dinimít agus é ag iascaireacht.


Tá na samplaí sin ceart.

When I was young, I would go to school every day = Agus mé óg, théinn chun na scoile gach aon lá.

The aimsir ghnáthchaite is very often used with words meaning "every day", "every month", "often" etc, > something that happened regularly in the past.

Nóta: tá cupla canúint ann inar cailleadh ’n aimsir ghnáthchaite don chuid is mó. Mar shampla, i dTír Chonaill. Ní minic a úsáidtear an aimsir sin sa Ghaeltacht sin, ach amháin ins an iardheisceart (Teilinn, Gleann Cholm Cille...) b’fhéidir, agus i dteangaí na seanchaithe. I dTír Chonaill, in áit na haimsire gnáthchaite, is minic a úsáidtear an modh coinníollach, nó rud mar "ba ghnách liom sin a dhéanamh".

Mar shampla:
Nuair a bhí mé óg, théinn chun na scoile gach aon lá
= Nuair a bhí mé óg, rachainn chun na scoile gach aon lá
= Nuair a bhí mé óg, ba ghnách liom a ghabháil chun na scoile gach aon lá.

Tír Chonaill abú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 826
Registered: 08-2004
Posted on Monday, November 14, 2005 - 08:06 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Nóta: tá cupla canúint ann inar cailleadh ’n aimsir ghnáthchaite don chuid is mó. Mar shampla, i dTír Chonaill.

Is mór an náire é sin dar liom...

Agus mé ar scoil, cheartaigh an múinteoir mé am amháin nuair a dúras "rachadh sé" nuair a bhíos ag tagairt d'am atá caite. Rud éigin mar:

"Nuair a bhí sé ag lorg an bhuachalla, rachadh sé thaobh thiar den teach."

Dúirt an múinteoir liom nár cheart "rachadh" a úsáid ná an aimsir ghnáthcaite, mar seo:

"Nuair a bhíodh sé ag lorg an bhuachalla, théadh sé thaobh thiar den teach."

Is fearr liom go mór an dara ceann! Mar sin ceapaim gur náire é nach mbaintear úsáid as an aimsir ghnáthchaite i gcanúintí áirithe...

Fáilte Roimh Cheartúcháin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1004
Registered: 01-2005
Posted on Monday, November 14, 2005 - 10:57 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>Is mór an náire é sin dar liom...

Chomh mór leis an náire gur cailleadh na díochlaontaí i mBéarla ins a’ Mheán-Aois !

Agus mé ar scoil, cheartaigh an múinteoir mé am amháin nuair a dúras "rachadh sé" nuair a bhíos ag tagairt d'am atá caite.

Cha dteachaigh do mhúinteoir go Tír Chonaill ariamh, mór an náire sin!!! Ní cóir rud ceart a cheartú. Agus is mór an náire nach bhfuil a fhios ag do mhúinteoir go bhfuil an modh coinníollach ceart ins an chomhthéacs sin, siocair go n-úsáidtear i dTír Chonaill é. Cailleadh ’n aimsir ghnáthchaite i nGaeilg na hAlban fosta, agus ní abrann duine ar bith gur mór an náire é. Is mar sin atá ’n scéal, sin a’ méid.

Rud éigin mar:
"Nuair a bhí sé ag lorg an bhuachalla, rachadh sé thaobh thiar den teach."
Dúirt an múinteoir liom nár cheart "rachadh" a úsáid ná an aimsir ghnáthcaite, mar seo:
"Nuair a bhíodh sé ag lorg an bhuachalla, théadh sé thaobh thiar den teach."
Is fearr liom go mór an dara ceann! Mar sin ceapaim gur náire é nach mbaintear úsáid as an aimsir ghnáthchaite i gcanúintí áirithe...


Rud normálta atá ann. Muna n-athróchadh na teangthacha ó ghlúin go glúin, bheadh cuid mhór díochlaontaí agus rudaí casta i mBéarla, fuaimníocht aistíoch srl. Bheadh Sean-Ghaeilg againn, agus creid thusa mé, mór an t-ádh gur hathraíodh gramadach na Gaeilge ón 8ú haois. I Sean-Ghaeilg, chreidfeá go bhfuil achan bhriathar neamhrialta, bhí i bhfad níos mó díochlaontaí, aimsirí briathar srl.

Tír Chonaill abú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, November 14, 2005 - 02:49 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Agus mé ar scoil, cheartaigh an múinteoir mé..."

Nach ceart é sin a bheith 'cheartaíodh an múinteoir mé' (agus an bhfuil an 'mé' ceart? Nach bhfuil réamhfhocal ann ansin?)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 235
Registered: 11-2004


Posted on Monday, November 14, 2005 - 03:40 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sa leabhar Progress in Irish, tugtar an sampla seo (le Gaeilge a chur air) sa cheacht faoin ngnáthchaite: I used to live in x.
Cé go bhfuil 'used to' ann, ní úsáidfinn an aimsir ghnáthchaite, mura mbínn i mo chónaí i gcúpla áit ar fud x, ach fós in x (chuir mé fúm i dtí theach, ach tá siad go léir in x). Cad a cheapann sibhse? Seachas sin, déarfainn 'Bhí mé i mo chónaí in x.'

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1008
Registered: 01-2005
Posted on Monday, November 14, 2005 - 03:57 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aontaim leat.

Tír Chonaill abú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2489
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, November 15, 2005 - 06:37 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Níl mé cinnte. Braitheann sé, dar liom, ar chomhthéacs:


Sampla:
An bhfuil conaí ort i mBeirlín?
Bhíodh conaí orm ann, ach anois táim ag cuir fúm i gCill Mhantáin.

(Dar ndóigh is fíor go raibh trí arásán eagsumhla agam le linn dom bheith ann, ...)

Ach
Cá raibh conaí ort sa Ghearmáin?
Bhí conaí orm i mBeirlín.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 827
Registered: 08-2004
Posted on Tuesday, November 15, 2005 - 12:13 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

"Agus mé ar scoil, cheartaigh an múinteoir mé..."

Nach ceart é sin a bheith 'cheartaíodh an múinteoir mé' (agus an bhfuil an 'mé' ceart? Nach bhfuil réamhfhocal ann ansin?)

Ní ceart. Ní ach uair amháin a cheartaigh sé mé -- Ní do rud a dhéanadh sé go tráthrialta a rabhas ag tagairt. Go bhfios dom, ní bhíonn réamfhocal ag teastáil ó "ceartaigh".

Fáilte Roimh Cheartúcháin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, November 17, 2005 - 02:00 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ah, ceart agat. GRMA a Fhir.

Nach 'do' ann le 'ceartaigh' ar nós 'do mo chrá', 'do mo bheactadh' 7srl?

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge