Author |
Message |
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 9 Registered: 10-2004
| Posted on Saturday, November 12, 2005 - 06:39 am: |
|
Má tá tú mí shasta (nó sásta) le polasaí nua Gaeilge Fhine Gael is féidir r-phoist a chur chuig ceannaire Fhine Gael Enda Kenny ag Eoin Ó Riain Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce
|
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Saturday, November 12, 2005 - 12:15 pm: |
|
Ó, in ainm Dé - tá an teanga mharbh nuair atá Fine Gael ag troid ar a son. Dúirt sé gur cheart rogha a bheith ann don teanga a fhoghlaim. Sin marbh na teangan, ní dhéanfaidh éinne í agus ní bheidh baint ag éinne léi toisc nach ndearna siad í. Ní bheidh sí i saol daoine. Ó, is fuath liom Fine Gael. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, November 14, 2005 - 06:49 am: |
|
Tá téacs ag gabháil thart ag fógairt léirsiú ó Choláiste na Tríonóide go hoifigí Fine Gael Dé Céadaoin seo chugainn ag 13.00. |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, November 14, 2005 - 08:28 am: |
|
Cad é an polasaí atá acu? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2480 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 14, 2005 - 08:33 am: |
|
Roinnt eolais anseo. Luaigh Enda deireadh le gaeilge "éigeanteach" in ndiaidh an Teastas sóiseareach ( a tháinig in áit an Mhéanteist) http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=709 |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2481 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 14, 2005 - 08:38 am: |
|
|
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, November 14, 2005 - 09:02 am: |
|
Go raibh maith agat a aonghuis. Is léir go bhfuil céim síos eile ar na bacáin don Ghaeilge. Tharla dom bheith ag éisteacht le RTÉ ar maidin agus ceann scoile a rá go mbíonn suas le leath de na daltaí ina ranganna ina n-eachtranaigh agus uaireanta gan focal Béarla acu. Is dóigh nach mbeidh an dara rogha ag na múinteoirí i ndiaidh an am bhreise a bhéas le múineadh an Bhéarla ach na "hábhair neamhfhiúntacha" a chaitheamh i dtraipéisí. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2482 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 14, 2005 - 10:34 am: |
|
Ós rud é gur beag múinteoir gaeilge meanscoile a bhfuil gaeilge ar a thoil aige... Is ceart cuir ina choinne. Cuirtear na múinteoirí úd go hIfreann nó Connachta (nó Tír Chonaill, nó Corca Dhuibhne) |
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 24 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, November 14, 2005 - 11:52 am: |
|
Sílim ar bhealach go bhfuil an ceart ag Kenny Óg.Ba cheart béim i bhfad níos mó a bheith ar labhairt na teangan in áit a bheith ag dul tríd dánta agus "Scothscéalta" a scríobhadh roimh 1940.Mar shampla sén bealach a foghlaímtear teanga ar bith ná í a labhairt gach lá chomh minic is féidir.Foghlaimíonn na stráinséirí Béarla le h-éisteacht agus labhairt na teangan ní ag léamh ná foghlaim dánta.Chuirfinnse bac ar Ghramadach , dánta Gaeilge roimh an 19ú aois agus Gaeilge na meánaoise do gach scoláire.Iad siúd a bhfuil Gaeilge dúchais acu thabharfainn páipéirí teistméartha difriúla díobh mar tá caighdeán na Gaeilge ró-shimplí dóibh faoi láthair.Sheol mé féin tríd an Ghaeilge ag meánscoil agus sén filíocht na seanGhaelge an t-aon pháirt a raibh deacrachtaí agam. Gráda B in Onóracha Gaeilge agus is beag staidéir a rinne mé san ábhar. Tá sé thar ama polasaí nua den teanga a chur i bhfeidhm ,mar is soiléir go bhfuil méadú mór ar scoláirí atá ag éirí as déanamh an ábhar thar éis an teistméartha Sóisiar. (Message edited by mickrua on November 14, 2005) |
|
Dalta (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, November 14, 2005 - 02:54 pm: |
|
Sea, is ceart polasaithe nua, féach ar an bpolasaí ChnaG. Dara scrúduithe Gaeilge, ceann d'fhoghlaimeoirí agus ceann do daoine ó theach Gaeilge. Agus aontaím leat, is ceart níos mó béim a bheith ar an gcomhrá agus is gá an gramadach a mhúineadh, seachas sin, ní bheadh teanga ann. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2484 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 14, 2005 - 04:34 pm: |
|
An chéad céim: Gaeilge a mhúineadh dos na múinteoirí! An t-imní a bheadh orm má fhaightear réidh le riachtanas don ghaeilge san ard teist, go mbrúfar an teanga go dtí an imeall nó thairis - ar dtúis, ceal achmhainní, sna scoileanna beaga; ar deiridh as gach scoil. |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 407 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, November 15, 2005 - 03:53 am: |
|
Is beag an chabair é do dhuine "cleachtadh" a dhéanamh ar rud nach bhfuil aon chiall aige dó, ach is mór a chuireanns an léightheoireacht le cumas tuisceana agus cainte. Níl gá le filíocht, ach is fiú neart próis a léaghamh — gearrscéalta agus úrscéalta go mór-mhór — maraon le síor-éisteacht agus labhairt na teangadh. Níl an Ghaeilge agamsa go fóill mar atá cupla teangaidh eile, ach tá a fhios agam an chaoi ar fhoghlaim mé iad sin. Peadar Ó Gríofa
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2488 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 15, 2005 - 04:14 am: |
|
Is beag úrscéal fiúntach éadrom atá ann faraor. Ach tá úrscéalta Mhaidhc Dainín ar an gcúrsa le roinnt blianta, go bhfios dom. Mhúin mo bhean Béarla di fhéin tríd Agatha Christie, Ellis Peters agus PD James a léamh. Ach is tearc iad úrscéalta bleachtaireachta i nGaeilge. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 319 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, November 16, 2005 - 04:50 am: |
|
Beidh agóid ag Coláiste na Tríonóide ag 1.00 inniú agus muid ag siul go hoifigí FG. Slua ollmhór a bheidh ann.. "Ó, in ainm Dé - tá an teanga mharbh nuair atá Fine Gael ag troid ar a son. Dúirt sé gur cheart rogha a bheith ann don teanga a fhoghlaim. Sin marbh na teangan, ní dhéanfaidh éinne í agus ní bheidh baint ag éinne léi toisc nach ndearna siad í. Ní bheidh sí i saol daoine. Ó, is fuath liom Fine Gael." Arís aontaím go huile is go hiomlán leatsa. - Níl sé ceart go mbeidh Béarla .i. TEANGA GALLDA riachtanach agus AR DTEANGA FEIN ar leibhéal faoin mBéarla - Ná déanaigí dearmad gur sin a tharla cheana féin agus b'shin ceann des na cúiseanna do meath na Gaeilge. - Fine Gael.. Ni dóigh liom.. Déarfainn Fine Gall!! - Gan amhras tá géarghá le h-athrú. Deirimse é i gconaí. Ach ní hé seo an freagra. Ní mhuinfear Gaeilge i ngach scoil, beidh Gaeilge agus eolas fuithi ag níos lú daoine! - Má tá éinne ag dul inniú tar chugam.. Ag caitheamh Geansaí An Cumann Gaelach DCU le suaitheantas GRA DON GHAEILGE a bhead! Ní tír gan teanga Ní tír le Fine Gall. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Dalta (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, November 17, 2005 - 02:05 pm: |
|
"agus muid ag siul go hoifigí FG" Íosa, na cuimhní. An cuimhin éinne libh na tríochoidí nuair a chuaigh an tIRA síos go dtí cruinniuithe FG chun iad a stopadh? Ar aon nós, beidh mé ag vótáil do gach duine seachas an FGach sa chéad ollthoghchán i ndiadh, agus ní vótaim riamh. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 322 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, November 17, 2005 - 02:34 pm: |
|
Bhíos ann ach tá aiseolas uaim ó chuile duine só tosóidh mé tré sa rannóg dátheangach! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Gearóid Ó'Drisceoil (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, November 24, 2005 - 05:44 am: |
|
Ní aontaim Le Enda Kenny in aon Chór faoin gaeilge a bheith mar abhár roghnach. ach is maith an rud é go bhfuil Dispoireacht tosaithe anois, ar feadh blianta anuas cuirtear laghdú na Gaeilge ar leath taobh. Níl aon dabht ach go bhfuil polasaí nua ag taisteál. An fadhb is mó atá leis an nGaeilge laithreach ná an caighdeán Gaeilge atá ag na muinteoirí bunscoile, ba cheart dian scrudú a chuir ar a gcaighdeán Gaeilge agus má theipeann siad, Ba chor doibh blian a chaitheamh ag deanamh staidear ar an nGaeilge, freisin bionn beagnach trí mhí saoire acu i rith an samhraidh le pá, cen fáth nach cuireadh de dhualgas orthu seachtain nó dhó a chaitheamh sa Ghaeltacht.Ansin nuair atá ard caighdeain bainte amach acu ba chór doibh an Gaeilge a mhuineadh trí mhean an Gaeilge na bac leis an mbearla. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2550 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 24, 2005 - 08:58 am: |
|
Tá aor iontach ar Khennydance ag Alan Titley ina alt don Irish Times inniu. Má tá teacht agaibh air, léigí! Bhain sé cúpla scáirt gháire asam! |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 11 Registered: 11-2005
| Posted on Sunday, November 27, 2005 - 11:12 am: |
|
Ní aontuighim le Enda Kenny. Comh maith le sin, creidim gur ceart smacht a cuir ar usaid Bearla, nó teanga gallda ar bith eile, i Teach Leigheann. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 351 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, November 28, 2005 - 06:11 pm: |
|
Maith an fear A Sheáin!! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|