Author |
Message |
Christine eile Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, November 08, 2005 - 08:39 am: |
|
A chairde, Dúirt mé i comhrá eile anseo go bhfuil "Learning Irish" le Mícheál Ó Siadhail agam. Tá ceist eile agam oraibh anois. Ba mhaith liom "I have only read the first 10 lessons so far" a rá, ach (I'm confused about how) "only" a rá in abairt den chineál seo. Sílim go bhfuil an ceart ag "Tá an chéad deich gceacht léite agam" (I have read the first 10 lessons) agus sílim go bhfuil an ceart ag "Níl agam ach... " (I only have...) freisin. But where do I put the "ach" is a sentence of this sort? An bhfuil an ceart ag "Níl ach an chéad deich gceacht léite agam" ??? Christine. p.s. I'd considered registering my user name on this forum but it seems another "Christine" has beaten me to it. Ní mór staideár a ghlacadh leis seo |
|
Asarlaí
Member Username: Asarlaí
Post Number: 65 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, November 08, 2005 - 09:16 am: |
|
Hi Christine, Níl ionam ach foghlaimeoir mé féin ach dearfainn go mbeadh 'níl ach an chéad deich gceacht léite agam' i gceart. Fan le tuilleadh ionchuir (wait for more input?) Go n-éirí leat Sam FRC |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2446 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 08, 2005 - 10:01 am: |
|
An bhfuil an ceart ag "Níl ach an chéad deich gceacht léite agam" ceart??? Tá. Is féidir "go dtí seo" a chuir leis (so far) |
|
Christine eile Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 11:43 am: |
|
Táim buíoch díbh as bhur gcúnamh arís, a chairde. Maidir leis an "An bhfuil an ceart ag....", tá náire bheag orm mar níor cheart dom an earráid sin a dhéanamh ag an bpointe seo. Is cosúil go bhfuil a lán le foghlaim agam fós! Christine. |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 12:10 pm: |
|
Ná bí buartha. Ní bhíonn rith maith ag an each i gcónaí. Tá tú ag déanamh maith go leor, bí cinnte de. |
|
Larry
Member Username: Larry
Post Number: 90 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 23, 2005 - 10:07 am: |
|
A Christine, a chara Scríobh tú "Dúirt mé i comhrá eile anseo go bhfuil "Learning Irish" le Mícheál Ó Siadhail agam." thuas. Le meas, d'iarr tú orainn d'earráidí a cheartú agus nílim cinnte an ndearna tú dearmad clóscríofa nó nach ndearna ach d'fhag tú an urú as an abairt sin. "Dúirt mé i gcomhrá eile..." _____________ The preposition i (in) eclipses a following noun beginning with a consonant. It becomes in before nouns beginning with a vowel and before dhá, bhur and titles. You've already demonstrated that you understand how it combines with the single and plural definate article and I'm inclined to believe that the mistake above was indeed just a typo, but just in case it wasn't... I'd also like to second Seosamh's comment. You're doing very well! Le meas, Larry Ackerman
|
|
Crístíona
Member Username: Crístíona
Post Number: 1 Registered: 11-2005
| Posted on Wednesday, November 23, 2005 - 02:33 pm: |
|
I dtús báire, ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabáil leis an modhnóir, Caoimhín, as a chúnamh. Ní raibh mé in ann clárú ar an gclár seo ar dtús agus ba dheas air cabhrú liom. Go raibh míle maith agat, a Chaoimhín! A Larry, a chara, Tá an ceart agat. Rinne mé dearmad (nó earraid??) c(h)lóscríofa leis an deifir a bhí orm. Tá brón orm faoi sin, a chara. Go raibh míle maith agaibh arís, a Asarlaí, a Aonghuis, a Sheosaimh agus a Larry, as bhur spreagadh. Christine. |
|