Thógfadh sé do chroí an dream óg bríomhar a fheiceáil ag an Oireachtas.
http://www.antoireachtas.ie/samhain.html An damhsa a thug ann iad, gan amhras. Bíonn na sluaite acu ag freastal ar an damhsa agus réabfaidh siad isteach chuig Club na Féile istoíche le brí is le meanman a chur san áit, thar mar a bheadh dá n-uireasa. Tarraingíonn na lúibíní go leor díobh chomh maith.
Tharraingíos Bascach mná, Luimníoch agus fíor-Chorcaíoch isteach chuig Chorn Uí Riada. Thugadar suntas don dream óg a bhí thart orainn. Bhíodar faoi iontas mór ag an oíche ar fad.
D'imíodar roimh Chlub na Féile mo léan agus ní fhaca siad an spleodar thar na bearta a bhris amach ann.
Bead ag míniú dóibh amach anseo.